An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Imeachtaí agus Tionscnaimh trí Ghaeilge
The Anam Sessions ag Áras an Uachtaráin ar an Déardaoin 1 Deireadh Fómhair
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt go mbeidh an eipeasóid dheireanach den sraith The Anam Sessions ag Áras an Uachtaráin ar an Déardaoin 1 Deireadh Fómhair ar RTÉ2 ag 11.10 i.n. go hiomlán as Gaeilge. Gheobhaidh an lucht féachana deis ceol iontach a chloisteáil ó na hamhránaithe Aibhse, Huartan, Dairena Ní Chinnéide, Damien Dempsey, Cuas, Pauline Scanlon agus Ruth McGinley.
Gaelathon i bPáirc an Fhionnuisce ar an 11ú Deireadh Fómhair
Tá Gaelathon díolta amach ag an bpointe seo ach fáilte roimh éinne atá ag iarraidh tacú leis an imeacht ar an lá!
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag comhoibriú le Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Club Reatha – Céim ar Chéim chun Gaelathon a eagrú, an chéad rás trí Ghaeilge riamh! An sprioc ná an Ghaeilge a cheiliúradh i rás 5km i bPáirc an Fhionnuisce, i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Is cuma más reathaí le seantaithí thú, más reathaí réchúiseach thú, nó má tá tú díreach ag iarraidh an t-atmaisféar a shú isteach agus tacú le himeacht as Gaeilge, beidh fáilte roimh chách.
Reáchtálfar an rás ag suíomh álainn i bPáirc an Fhionnuisce in aice leis an ionad stairiúil, Dún na hArmlainne. Bronnfar bonn speisialta ar gach rannpháirtí in ómós na hócáide agus beidh ceol, craic agus go leor eile ag an gcríochlíne ar an lá.
Cuirfear fáilte roimh chainteoirí Gaeilge cibé leibhéal cumais atá acu.
Cad atá san áireamh le clárúchán?
- Bonn speisialta deartha ag ealaíontóir Nine Arrow do Gaelathon
- Sóláistí agus féiríní iontacha ag an gcríochlíne
- Deis grianghraf a ghlacadh ar an bpóidiam
- Atmaisféar den scoth
Ticéid: €15 (+ táille áirithinte)
Dáta: 11/10/2026
Am: 9.30 r.n.
Suíomh: Páirc an Fhionnuisce
Tuilleadh eolais: eolas@baclegaeilge.ie
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: