Cuardaigh ar fad gov.ie

An Ghaeilge in Oifig na nOibreacha Poiblí

Tá an OPW tiomanta ár ndualgais a chomhlíonadh de réir na reachtaíochta faoin Acht na dTeangacha 2003 (2021) agus tacú le dul chun cinn ginearálta na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den OPW.

Táimid ag cabhrú le feiceálacht agus úsáid na Gaeilge tríd réimse seírbhísí, tionscnaimh agus imeachtaí ag ár suíomhanna oidhreachta.

Samplaí dóibh siúd ná comharthaí dátheangacha ag ár suíomhanna oidhreachta ar fud na tíre, turais trí Ghaeilge do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus ag pointí eile i rith na bliana agus imeachtaí nó tionscnaimh áirithe trí Ghaeilge, i gcomhar le heagraíochtaí eile atá sé mar sprioc acu an Ghaeilge a spreagadh.

Tuilleadh eolais ar fáil thíos:



Léigh roinnt léirmheasanna ar ár dturais trí mheán na Gaeilge le linn Sheachtain na hOidhreachta

  • ‘Rinne mé an turas Dé Sathairn ag Áras an Uachtaráin agus Gairdíní. Bhí sé den scoth. Bhí ár dtreoraithe (Emma/Maudie agus Feargal) an-mhaith. Bhí sé iontach an turas a bheith againn as Gaeilge.' - Malachy

  • ‘Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an treoraí ag Cúirt Ioma as turas den scoth a thabhairt dúinn. D’fhoghlaimíomar a lán uaidh agus b’aoibhinn an rud é turas trí Ghaeilge a bheith againn inár gceantar féin.' – Siobhán

  • ‘Bhí lá iontach agam inné ag an turas sna Gairdíní Altamont. Áit álainn agus fear deas é Donal. Míle buíochas leis an OPW!’ - Jean


Níos mó eolais ar fáil faoi na suíomhanna oidhreachta ag heritageireland.ie.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Gaeilge an OPW ag gaeilge@opw.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat