Cuardaigh ar fad gov.ie

Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath

I mí na Bealtaine 2024, cheap an Rialtas Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath chun dearcadh iomlánaíoch a fháil ar na bearta a theastódh chun lár thuaisceart agus dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath a athbheochan, agus chun áit níos rathúla, mealltaí agus sábháilte a dhéanamh de lár chathair Bhaile Átha Cliath; agus áit a dhéanamh di inar mhaith le daoine cónaí, obair, gnó a dhéanamh agus dul ar cuairt.

I ndiaidh Thuarascáil agus Moltaí Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024, ghair Roinn an Taoisigh Grúpa Idir-Rannach chun na moltaí a rinne Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath a scrúdú.

Rinne an Grúpa Idir-Rannach, a raibh Roinn an Taoisigh ina chathaoirleach air, tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais i mí an Mheithimh 2025 ina raibh Treochlár Seachadta a leag amach conair chuimsitheach cur chun feidhme do Thuarascáil an Tascfhórsa.

Chomhaontaigh an Rialtas go ndéanfadh an Treochlár cur chun feidhme Thuarascáil an Tascfhórsa a leagan amach thar thrí chéim thar thréimhse 10 mbliana, i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, agus go bhforbrófaí Straitéis Limistéar Comhtháite do chathair Bhaile Átha Cliath chun barr feabhais a chur ar mhaoiniú agus infheistíocht agus chun dul i ngleic leis an bhfolús agus leis an tréigean.

Bunaíodh bord formhaoirseachta chun stiúradh straitéiseach agus formhaoirseacht seachadta a chur ar fáil. Tagann a chuid oibre le hobair Ghrúpa Gníomhaíochta Athbheochana Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, atá dírithe ar dhul i ngleic le ceisteanna sábháilteachta, gluaiseachta agus an fhearainn phoiblí i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Mar chuid den threochlár, d’aontaigh an Rialtas go mbeadh todhchaí ghinearálta thionscadal athfhorbartha choimpléacs an GPO ina cuid lárnach den Treochlár Seachadta.

I gcomhréir le gealltanais ón Rialtas agus ag brath ar thorthaí an phróisis comhairliúcháin, beidh cuid de na feidhmeanna agus úsáidí seo a leanas nó gach ceann acu mar chuid de Choimpléacs an GPO:

· Oifig Phoist Phoiblí

· Úsáid/úsáidí tábhachtacha cultúrtha

· Rochtain phoiblí fheabhsaithe agus feabhsuithe ar an bhfearann poiblí

· Oifigí don Rialtas

· Gnéithe miondíola laistigh den réimse miondíola arb ann dó cheana féin

Naisc

Foghlaim faoi Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath:

https://www.gov.ie/ga/roinn-an-taoisigh/foilseachain/dublin-city-taskforce/

Faigh tuilleadh eolais faoi Aonad Bainistíochta Tionscadail agus Meán Sainchuspóirí Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath:https://www.gov.ie/ga/roinn-an-taoisigh/preaseisiuinti/dublin-city-task-force-robert-watt-to-head-up-project-management-unit-and-be-ceo-designate-of-special-purpose-vehicle/

Faigh tuilleadh heolais faoi Oidhreacht Éireann 2030:

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-tith%C3%ADochta-rialtais-%C3%A1it%C3%BAil-agus-oidhreachta/feachtais/oidhreacht-%C3%A9ireann-2030/

Faigh tuilleadh eolais faoi Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) de chuid na hÉireann:

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-aer%C3%A1ide-fuinnimh-agus-comhshaoil/foilseachain/climate-action-plan-2025-1/

Faigh tuilleadh eolais faoi Bheartas Náisiúnta na hÉireann um Ailtireacht anseo.

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-tith%C3%ADochta-rialtais-%C3%A1it%C3%BAil-agus-oidhreachta/foilseachain/%C3%A1iteanna-do-dhaoine-an-beartas-n%C3%A1isi%C3%BAnta-um-ailtireacht/

Faigh tuilleadh eolais faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Luathú Bonneagair:

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-caiteachais-phoibl%C3%AD-bonneagair-athch%C3%B3iri%C3%BAch%C3%A1in-seirbh%C3%ADse-poibl%C3%AD-agus-digiti%C3%BAch%C3%A1in/foilseachain/accelerating-infrastructure-report-and-action-plan/

Faigh tuilleadh eolais faoi Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath:

https://www.dublincity.ie/planning-and-land-use/learn-about-councils-plans-city/dublin-city-development-plans/dublin-city-development-plan-2022-2028

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat