Athoscailt Sceilg Mhichíl curtha siar

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athoscailt Sceilg Mhichíl curtha siar

Inniu d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil an dáta athoscailte le haghaidh cuairteoirí ar Sceilg Mhichíl curtha siar, mar gheall ar dhrochaimsir mara le déanaí timpeall ar an gcósta Thiar-Theas.

Ceapadh 21 Meitheamh mar spriocdháta um Sceilg Mhichíl a athoscailt le haghaidh cuairteoirí. Bhí an dáta seo ag brath ar an aimsir a bheith oiriúnach chun oibreacha ullmhúcháin sábháilteachta a chur chun cinn in am roimh athoscailt do chuairteoirí.

Ar an drochuair chuir tréimhsí drochaimsire isteach ar dhul chun cinn na hoibre ar an láthair agus níl an dara rogha ann anois ach athoscailt Sceilg Mhichíl a chur siar.

Tá sé ar intinn anois an t-oileán a oscailt le haghaidh cuairteoirí ar an Déardaoin, 1ú Iúil 2021.

Mar ullmhú um thuras ar Sceilg Mhichíl, moltar do chuairteoirí féachaint ar an bhfíseán sábháilteachta ar heritageireland.ie/ga/

-CRÍOCH-

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat