Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) roimh athoscailt Dhún na hArmlainne, i bPáirc an Fhionnuisce i ndiaidh oibreacha caomhnaithe

Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí fáilte a chur roimh athoscailt Dhún na hArmlainne i ndiaidh don chéad chéim de na hoibreacha caomhnaithe agus cobhsaithe a bheith curtha i gcrích. Tá Dún na hArmlainne atá suite i bPáirc an Fhionnuisce ar cheann de na sainchomharthaí oidhreachta is tábhachtaí i mBaile Átha Cliath. Tógadh é ar dtús san 18ú haois mar stóras míleata i gcomhair púdar gunna. Ina dhiaidh sin, tharla eachtraí anseo le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus d'úsáid Arm na hÉireann é sular tháinig sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí i 1988.

Le linn chéad chéim na n-oibreacha, rinneadh cuid mhór deisiúcháin agus oibreacha caomhnaithe ar bhallaí cosanta an dúin, ar na hardáin chosanta, ar na foirgnimh stórála púdair, ar fhoirgneamh an Bhácúis (1921), agus cuireadh Geata Diúc Dorset ar ais ina áit arís. Rinne foireann an tionscadail iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais chaomhnaithe agus riachtanais phraiticiúla a bhaineann le láithreacha oidhreachta poiblí nua-aimseartha.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, "Tá lúcháir orm athoscailt Dhún na hArmlainne a cheiliúradh agus an chéim thábhachtach seo d'oibreacha caomhnaithe curtha i gcrích ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas an Rialtais i dtaca lenár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú agus a fheabhsú agus a dhéanamh níos inrochtana don phobal.

Déanfaidh an droichead cuimhneacháin, atá á thógáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí in aice láimhe, an Dún a nascadh le Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann agus beidh sé mar phointe fócais den scoth do mhuintir na háite agus do thurasóirí chun Abhainn na Life, Cora na mBradán, na clubanna báid agus an Dún a fheiceáil – ní hamháin gur cuid de bhonneagar iompair atá anseo ach is spás fóntais ailtireachta agus uirbeach a bheidh ann chomh maith. Cuirfidh an dá thionscadal forbartha caipitil seo borradh faoin turasóireacht sa cheantar seo, agus rachaidh siad chun leasa don phobal ag an am céanna.”

Magazine Fort 1

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin "Boxer" Moran: "Tá Dún na hArmlainne ar cheann de na láithreáin stairiúla is aitheanta atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, agus is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht chomhroinnte é a chaomhnú go cúramach. Cinntíonn na hoibreacha caomhnaithe atá ar siúl ag an láthair seo go ndéanfar an sainchomhartha tábhachtach seo a chosaint, go dtabharfar tuiscint níos doimhne don phobal ar stair an dúin, agus go mbeidh sé ar fáil do na glúnta atá le teacht chun tuiscint agus taitneamh a bhaint as. Tá lúcháir orm a bheith anseo d’athoscailt Dhún na hArmlainne. "

Cuireadh na hoibreacha seo i gcrích mar chuid de phróiseas céimnithe athoscailte na láithreach don phobal. Tá oibreacha caomhnaithe eile ar siúl faoi láthair ionas go bhféadfar foirgnimh Francis Johnston a oscailt do chuairteoirí, chomh maith le feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí a thagann chuig an láthair.

Tá Dún na hArmlainne oscailte anois don phobal i gcomhair thurais threoraithe trí Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh líon teoranta turas treoraithe ar fáil fad is atá an dara céim de na hoibreacha ar siúl.

Tá an tionscadal á mhaoiniú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus infheistíocht rialtais de €5.7 milliún (CBL san áireamh) déanta go dtí seo. Tá aitheantas suntasach faighte ag an tionscadal cheana féin, agus é ina bhuaiteoir ar Ghradaim RIAI 2026 (catagóir na Caomhnaithe) agus ar Ghradaim Barr Feabhais i dTionscal na Tógála in Éirinn 2026 (Gradam ICE) sa chatagóir Oidhreachta/ Caomhnaithe.

Chun breis eolais a fháil faoi thurais chuig Dún na hArmlainne, téigh chuig www.heritageireland/magazinefort. Chun breis eolais a fháil faoinár láithreacha, téigh chuig www.heritageireland.ie.


Tá urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh, ar iarratas. Déan teagmháil, le do thoil le pressoffice@opw.ie chun breis eolais a Fháil agus chun agallamh a shocrú.

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

NÓTAÍ:

Dún na hArmlainne

Tá Dún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce ar cheann de na dúin armlainne is suntasaí atá fágtha sa tír. Tá stair fhada a théann siar trí chéad bliain ag baint leis an dún. Meastar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ó thaobh na hailtireachta, na staire míleata, na staire sóisialta agus na seandálaíochta. Is Struchtúr Cosanta é Dún na hArmlainne de réir Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath 2016–2022.

Is é John Corneille Junior a dhear Dún na hArmlainne (thugtaí Dún Armlainne Ríoga air tráth) agus tosaíodh á thógáil timpeall na bliana 1736 ar an talamh ard ar a raibh Teach an Fhionnuisce (1611) suite. Ba láthair straitéiseach míleata a bhí ann, mar bhí radharc fairsing ar an gcathair agus ar an gceantar mórthimpeall ón láthair. Tógadh an dún chun púdar gunna a stóráil agus bhí sé faoi chúram na nÚdarás Míleata go dtí 1988, nuair a díchoimisiúnaíodh é agus aistríodh é chuig Oifig na nOibreacha Poiblí. Is dúnfort cearnógach atá ann, le ceithre leath-urdhún agus móta tirim ina thimpeall.

Ó thaobh na hailtireachta de, cuireadh síntí leis agus rinneadh oiriúnú agus athruithe air i rith na mblianta. Sin gnáthrud a tharlaíonn i gcás láithreacha míleata iata den chineál seo. Tá an dúnfort suite i láthair straitéiseach i bPáirc an Fhionnuisce agus tá sé ar cheann de na príomhfhoirgnimh sa pháirc.

Táthar ag súil go mbeidh acmhainn ag an Dún athchóirithe freastal ar 430 cuairteoir ag aon am amháin, agus go dtiocfaidh 150,000 cuairteoir in aghaidh na bliana chuig an dún amach anseo.

Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)

Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí Rialtais agus bainistíonn sí cuid mhór de phunann maoine an Stáit.

Déanann an Oifig cúram do 780 láthair oidhreachta, ina measc, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna stairiúla, gairdíní agus foirgnimh. Is í an Oifig príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais, ag soláthar seirbhís innealtóireachta d’fheidhmeanna Bainistíochta Riosca Tuilte agus Bainistíochta Punann Eastáit de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí chomh maith le Ranna Rialtais eile.

The Office of Public Works (OPW) is delighted to welcome the re-opening of the historic Magazine Fort, Dublin after completion of the first phase of conservation and stabilisation works. Set in the Phoenix Park, the Magazine Fort is one of Dublin’s most significant heritage landmarks. Originally built in the 18th century as a military storage facility for gunpowder, it later played a role in the events of the Easter Rising in 1916 and was used by the Irish Army before transferring to the OPW in 1988. The first phase of works involved extensive repair and conservation works of the fort’s rampart walls, cavaliers, gunpowder store buildings, the 1921 Bakery building and reinstated the Duke of Dorset Gateway. The project team worked to balance the needs of conservation with the practical requirements of a modern public heritage site.

Speaking at the event Minister for Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation, Jack Chambers said

The Office of Public Works (OPW) is delighted to welcome the re-opening of the historic Magazine Fort, Dublin after completion of the first phase of conservation and stabilisation works. Set in the Phoenix Park, the Magazine Fort is one of Dublin’s most significant heritage landmarks. Originally built in the 18th century as a military storage facility for gunpowder, it later played a role in the events of the Easter Rising in 1916 and was used by the Irish Army before transferring to the OPW in 1988. The first phase of works involved extensive repair and conservation works of the fort’s rampart walls, cavaliers, gunpowder store buildings, the 1921 Bakery building and reinstated the Duke of Dorset Gateway. The project team worked to balance the needs of conservation with the practical requirements of a modern public heritage site.

Speaking at the opening, Minister of State with responsibility for the OPW, Kevin “Boxer” Moran, said: ‘The Magazine Fort is one of OPW’s most iconic historical sites and its careful preservation is an important part of our shared heritage. The ongoing conservation works to this site ensures that this landmark is protected, enhances public understanding of its history and ensures that it remains protected for future generations to appreciate and enjoy. I am delighted to be here today for the reopening of the Magazine Fort’.

The works were completed as part of a phased reopening of the site to the public. Future conservation work include making the Francis Johnston buildings accessible to visitors and enhancing the site’s overall visitor experience.

The project is funded under the National Development Plan, with Government investment to date of €5.7 million (including VAT). The project has already received major recognition as the recipient of the RIAI Awards 2026 (Conservation category) and the Irish Construction Excellence Awards 2026 (ICE Award) in the Heritage/Conservation category.

The Magazine Fort is now open for public guided tours through the OPW Phoenix Park Visitor Centre. For more information about tours of the Magazine Fort please visit www.heritageireland/magazinefort. For further information about our sites visit www.heritageireland.ie.


OPW spokespersons are available for interview upon request. Please contact pressoffice@opw.ie for more information and to arrange an interview.

Follow us on Twitter @opwireland

Follow us on Facebook @opwireland

Follow us on Instagram @opwireland

Follow us on LinkedIn @Office of Public Works

NOTES:

Magazine Fort

The Magazine Fort in the Phoenix Park is a significant surviving Magazine Fort in the country. The complex has had a long history of continuous use spanning three centuries. It is considered to have special architectural, military, historical, social and archaeological interest. The Magazine Fort is a Protected Structure in the Dublin City Council Development Plan 2016 – 2022.

Construction of the Magazine Fort (formerly the Royal Magazine Fort), designed by John Corneille Junior, began from c.1736 on the high ground occupied by the Phoenix House (1611), a strategic location for military purposes with commanding views of the city and surroundings. The fort was built for the storage of gunpowder and was managed by the Military Authorities until 1988 when it was decommissioned and transferred to the Office of Public Works. The fortification is a typical square plan with four demi-bastions and a dry moat.

Architecturally, the complex is the product of successive phases of adaptation and addition, typical of an enclosed military site. The Fort occupies a strategic location within the Phoenix Park within which it stands out as one of its main architectural landmarks.

The restored Fort is expected to have a capacity of 430 visitors at any one time, with visitor numbers in the region of 150,000 per annum anticipated over time.

The Office of Public Works (OPW)

The OPW provides accommodation for Government Services and manages much of the State’s property portfolio.

It cares for 780 heritage sites, including national monuments, historic parks, gardens and buildings. It is the Government’s principal engineering agency, providing an engineering service to the Flood Risk Management and Estate Portfolio Management functions of the OPW as well as to other Government Departments.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat