Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha um maolú tuile agus cosaint chósta , An Chill Mhór, Co. Loch Garman

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha um maolú tuile agus cosaint chósta , An Chill Mhór, Co. Loch Garman

Inniu d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas ó Chomhairle Contae Loch Garman faofa faoi Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta OPW. Faoin scéim seo, tá maoiniú €367,740 faofa ag Oifig na nOibreacha poiblí (OPW) le haghaidh armúr carraige a shuíomh mar chosaint ar phriacal creimithe ag Radharc na Mara, An Chill Mhór, Co, Loch Garman.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tugann Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta OPW tacú tábhachtach do na húdaráis áitiúla oibreacha agus feabhsuithe um maolú tuile a chur i gcrích. Tá áthas orm go rachaidh na hoibreacha seo ar aghaidh gan a thuilleadh moille, mar chabhair um chosaint ar aghaidh na faille in aice an bhóthair chuig 14 mhaoin ag Radharc na Mara, An Chill Mhór, áit a bhfuil priacal práinneach creimithe."

Dúirt Tom Enright, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman:

"Tá cósta gainimhe Loch Garman an-leochailleach maidir le creimeadh. Le blianta beaga anuas tá scéim chosanta cósta tugtha chun cinn ag Comhairle Contae Loch Garman ag Radharc na Mara, An Chill Mhór, áit a bhfuil 14 mhaoin agus bóthar rochtana i mbaol ó chreimeadh cósta. Ag éirí as fógra an lae inniu, déanfar oibreacha éigeandála um chosaint ar mhaoine agus ar chuid den bhóthar rochtana atá i mbaol creimithe láithreach. Is cuid den scéim iomlán um chosaint chósta na hoibreacha éigeandála seo, atá ag dul ar aghaidh faoi mhaoiniú a d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí in Aibreán 2021."

**-CRÍOCH-

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat