Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Kevin “Boxer” Moran saorchead isteach do gach cuairteoir faoi 18 bliain d’aois chuig láithreáin oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i rith mhí Lúnasa

  • Tabharfaidh an tionscnamh seo deis do dhaoine óga iniúchadh a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar a n-oidhreacht i rith mhí Lúnasa
  • Beidh ábhar spéise éigin ar fáil don teaghlach ar fad, leithéid Theach Bhaile an Chaisleáin agus Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire

D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) inniu go mbeidh saorchead isteach ag gach duine faoi bhun 18 bliain d’aois chuig láithreáin oidhreachta ar fud na tíre i rith mhí Lúnasa 2026. Is í aidhm an tionscnaimh seo ná deis a thabhairt do chuairteoirí óga agus do theaghlaigh foghlaim faoi oidhreacht luachmhar chultúrtha agus stairiúil na hÉireann agus de bhrí go mbeidh saorchead isteach, beidh sé níos fusa acu cuairt a thabhairt ar na láithreáin gan imní faoi chostas ar bith.

Is acmhainní oideachais agus cultúrtha thar a bheith luachmhar atá i láithreáin oidhreachta OPW,  agus cuidíonn siad le tuiscint níos doimhne a thabhairt do dhaoine de gach aoisghrúpa ar stair, ailtireacht agus traidisiúin na hÉireann.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran: ‘Tá lúcháir orm a fhógairt go mbeidh saorchead isteach ag gach duine faoi 18 chuig láithreáin oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i rith mhí Lúnasa arís i mbliana".

Tugann an tionscnamh seo deis do dhaoine óga tuiscint a fháil ar an stair, nádúr agus cultúr ar bhealach spraíúil i rith shaoire an tsamhraidh. Beidh deis acu cuairt a thabhairt ar shéadchomharthaí ársa, ar thithe stairiúla nó páirt a ghlacadh i dturais idirghníomhacha nó foghlaim faoi oidhreacht chultúrtha na hÉireann den chéad uair”.

Tabharfaidh an tionscnamh saorchead isteach chuig láithreacha Oifig na nOibreacha Poiblí do chuairteoirí faoi bhun 18 bliain d’aois deis do dhaoine óga foghlaim faoi stair na hÉireann ar bhealach spreagúil agus spéisiúil i rith mhí Lúnasa.

Beidh deis ag páistí agus ag déagóirí cuairt a thabhairt ar Theach Bhaile an Chaisleáin agus foghlaim faoi cheann de na tithe is galánta agus is stairiúla in Éirinn, agus taitneamh a bhaint ag an am céanna as clár samhraidh spleodrach ceoil, taispeántais agus imeachtaí cultúrtha. Tá an clár curtha ar fáil chun fiosracht agus cruthaitheacht a spreagadh.

Beidh deis ag cuairteoirí óga chuig Gailearaí Gléibe foghlaim faoi na scéalta suimiúla a bhaineann le ceann de na tithe is áille in Éirinn i stíl na Leasríochta. Tá spásanna anseo a caomhnaíodh le déanaí chun oidhreacht, ealaín agus eispéiris idirghníomhacha a chur ar fáil do chuairteoirí.

Beidh cuairteoirí óga chuig Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire ábalta tuiscint a fháil ar rúndiamhra na n-uaigheanna meigiliteacha is sine in Éirinn trí thaispeántais thumthacha chomh maith le scéalaíocht spéisiúil a léiríonn Éire sa tréimhse réamhstairiúil.

Beidh teaghlaigh in ann dul ar aistear siar sa stair ag Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, áit a gcuirtear turais staire beo ar fáil chun léargas beo a thabhairt ar shaighdiúirí, scéalta agus imeachtaí stairiúla.

Tá réimse roghanna turais ar fáil chun do chuairt a phleanáil i mí Lúnasa. Tá turais lae, turais seachtaine agus turais speisialta ar fáil. Tá rud éigin a mbainfidh an teaghlach ar fad taitneamh as ar fáil ag Itineraries | Heritage Ireland.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ar líne roimh ré do roinnt láithreacha oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Ní mór duine fásta a bheith i dteannta gach páiste faoi 18 bliain d’aois.

Chun breis eolais a fháil faoin gclár imeachtaí i gcomhair Saorchead Isteach do Dhaoine Faoi 18 agus faoi théarmaí agus coinníollacha uile an tionscnamh píolótach seo, tabhair cuairt ar www.heritageireland.ie

Nótaí

* Tá an scéim reatha um Shaorchead Isteach do Dhaoine Faoi 12 anois leathnaithe go scéim um Shaorchead Isteach do Dhaoine Faoi 18 ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Lúnasa.

* Ní mór duine fásta a bheith i dteannta gach páiste faoi 18 bliain d’aois.

* Beidh Saorchead isteach chuig gach láithreán ina n-íoctar táille seachas Príosún Chill Mhaighneann agus Brú na Bóinne. Tá liosta iomlán de Láithreáin Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí le fáil ar heritageireland.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat