An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Oíche Chultúir – Bain taitneamh as oidhreacht na hÉireann ar an oíche seo ag láithreacha Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Beidh Oíche Chultúir ar siúl arís ar an Aoine, an 18 Meán Fómhair 2026, agus tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) sraith imeachtaí speisialta a fhógairt ag láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre.
Eagraíonn an Chomhairle Ealaíon an Oíche Chultúir seo ina ndéantar an cultúr, an chruthaitheacht agus na healaíona a cheiliúradh ar fud na tíre.
I mbliana, osclófar roinnt de láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí níos déanaí ná mar is gnách, agus beidh imeachtaí éagsúla ar siúl, ag a mbeidh saorchead isteach. Tabharfaidh sé seo deis do chuairteoirí blaiseadh a fháil de stair agus oidhreacht na hÉireann.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin ‘Boxer’ Moran:
“Beidh an Oíche Chultúir bliain is fiche ar an bhfód i mbliana agus is iontach an rud é réimse imeachtaí chomh héagsúil a bheith ar siúl ag láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl, ar nós, léirithe agus ceol beo chomh maith leis sin tabharfar deis do dhaoine eolas a chur ar an seanchas a bhaineann le cuid de na foirgnimh oidhreachta is iomráití in Éirinn. Is cinnte go mbeidh rud éigin ar siúl a mbainfidh gach duine sult as. Tugann an Oíche Chultúir deis iontach do dhaoine ceangal a dhéanamh lenár n-oidhreacht náisiúnta agus taitneamh a bhaint as na háiteanna speisialta seo ar bhealach nua.”
Tabhair cuairt ar an nGailearaí Fada i gCaisleán Urmhumhan, Contae Thiobraid Árann, don imeacht dar teideal “Though they never returned, their story has found its way home”. Tabharfar urraim san imeacht speisialta seo do 34 bean ó Charraig na Siúire agus ó Ghleann na Siúire a díbríodh chuig an Astráil sa naoú haois déag, agus a ligeadh i ndearmad.
Imeachtaí i nGaeilge
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí, féach, le do thoil, ar www.heritageireland.ie/culture-night-2026/ nó www.culturenight.ie/opw-on-culture-night .
CRÍOCH
Tá urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh, ar iarratas. Déan teagmháil le pressoffice@opw.ie le do thoil chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
· Chun liosta iomlán de láithreacha Oidhreachta agus imeachtaí a fháil, féach, le do thoil, ar heritageireland.ie
· Cé go bhfuil saorchead isteach chuig an imeacht ar Inis Cathaigh – beidh táille ar an mbád farantóireachta chuig an oileán. Chun sonraí a fháil agus áirithint a dhéanamh: https://scatteryislandtours.com/book-now/
· Beidh an Oíche Chultúir ar siúl ar an 18 Meán Fómhair 2026.