Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí turais i nGaeilge ag láithreacha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl ón 15 go dtí an 23 Lúnasa 2026

Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) sraith turas ‘as Gaeilge’ a fhógairt ag láithreacha éagsúla dá gcuid ar fud na tíre i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Déanann an tionscnamh seo an Ghaeilge a cheiliúradh, agus tugtar deis do chuairteoirí léargas ar leith a fháil ar oidhreacht thógtha na hÉireann.

Beidh deis ag cuairteoirí páirt a ghlacadh i dturais saor in aisce trí mheán na Gaeilge ag láithreacha de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh na turais faoi threoir bhaill foirne a bhfuil saineolas acu agus tabharfaidh siad léargas ar leith agus inseoidh siad scéalta suimiúla inár dteanga dhúchais. Beidh deis ag gach duine ar na turais seo léargas cultúrtha luachmhar a fháil ar laithreacha éagsúla, ar nós, foirgnimh stairiúla agus láithreacha oidhreachta iontacha. Beidh turais i nGaeilge ar fáil ag na láithreacha seo a leanas: Gairdíní Garrán Anna, Gairdíní Altamont, Áras an Uachtaráin, Teach Bhaile an Chaisleáin, Caisleán Dhún na nGall, Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill, Cúirt Ioma, Gailearaí Gléibe, An Mhainistir Liath, Caisleán Chill Chainnigh, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Dún na hArmlainne, Garraithe Náisiúnta na Lus, Caisleán Phort Omna, Músaem na bPiarsach, Caisleán Ráth Fearnáin, Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann agus Mainistir Shligigh.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin ‘Boxer’ Moran: “Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis iontach do dhaoine de gach aois ceangal a dhéanamh le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus tógtha na hÉireann. Tá lúcháir orm a fhógairt go mbeidh turais i nGaeilge á gcur ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí i mbliana, ionas go mbeidh deis ag daoine aonair, grúpaí agus teaghlaigh léargas a fháil ar ár láithreacha oidhreachta trí mheán na Gaeilge”.

Emo Court - Heritage Week

Bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach ag Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i rith Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Chun tuilleadh eolais agus liosta iomlán de na himeachtaí a fháil, féach na naisc thíos nó téigh chuig www.heritageireland.ie/heritageweek/irish. Beidh Seachtain na hOidhreachta ar siúl ón 15 go dtí an 23 Lúnasa 2026.

CRÍOCH

Tá urlabhraithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil i gcomhair agallaimh, ar iarratas.

Déan teagmháil le pressoffice@opw.ie le do thoil, chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.

Lean muid ar Twitter @opwireland

Lean muid ar Facebook @opwireland

Lean muid ar Instagram @opwireland

Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí don eagarthóir

Chun breis eolais a fháil faoi na himeachtaí, féach ar na naisc thíos, le do thoil:

Gairdíní Garrán Anna, Co. Chorcaí

Turas as Gaeilge – Gairdíní Garrán Anna – link

Gairdíní Altamont, Co. Cheatharlach

Turas as Gaeilge – Gairdíní Altamont – link

Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath

Turas as Gaeilge - Áras an Uachtaráin agus Gairdíní – link

Teach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin, Co. Chill Dara

Turas as Gaeilge – Teach Bhaile an Chaisleáin – link

Caisleán Dhún na nGall

Turas as Gaeilge - Caisleán Dhún na nGall – link

Cúirt agus Easrát Dhún ar Aill, Co. Chorcaí

Turas as Gaeilge – Cúirt agus Eastát Dhún ar Aill – link

Cúirt Ioma, Co. Laoise

Turas as Gaeilge – Cúirt Ioma - link

Gailearaí agus Gairdín Gléibe, Co. Dhún na nGall

Turas as Gaeilge – Teach agus Gailearaí Gléibe – link

An Mhainistir Liath, Co. Thiobraid Árann

Turas dátheangach ar an Mhainistir Liath - link

Caisleán Chill Chainnigh

Turas as Gaeilge - Caisleán Chill Chainnigh - link

Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Turas as Gaeilge - Príosún Cill Mhaighneann – link

Dún na hArmlainne, Baile Átha Cliath

Turas as Gaeilge – Dún na hArmlainne, Páirc an Fhionnuisce – link

Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon

Turas as Gaeilge – Gairdíní Náisiúnta na Lus - link

Músaem na bPiarsach, Baile Átha Cliath

Turas as Gaeilge – Músaem na bPiarsach - link

Caisleán Phort Omna, Co. na Gaillimhe

Turas as Gaeilge – Caisleán Phort Omna – link

Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath

Turas treoraithe ar Chaisleán Rath Fearnáin – link

Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Turas as Gaeilge – Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann – link

Mainistir Shligigh

Turais treoraithe ar Mhainistir Shligigh trí mheán na Gaeilge – link

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat