An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An amhránaíocht Ghaeilge á ceiliúradh ag Oifig na nOibreacha Poiblí trí chlár den tsraith Other Voices a dhéanamh in Áras an Uachtaráin
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Clár speisialta Gaeilge de "The Anam Sessions" á dhéanamh ag Áras an Uachtaráin
Rachaidh an clár amach Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair ag 11.10 istoíche ar RTÉ2
Is mór ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) clár Gaeilge speisialta de Other Voices: The Anam Sessions a fhógairt, clár a rinneadh ag Áras an Uachtaráin agus a rachaidh amach ar RTÉ2 Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair.
Rinneadh an ceathrú clár, an clár deiridh i sraith na bliana seo, trí Ghaeilge ó thús deireadh ag Áras an Uachtaráin, áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann. Tugtar an ceol, an teanga, an cultúr agus an oidhreacht le chéile i gceann de na foirgnimh stairiúla is tábhachtaí in Éirinn.
Léirítear sa chlár speisialta seo gealltanas leanúnach OOP i leith tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn, agus a chinntiú gur spásanna beoga iad láithreáin oidhreachta na hÉireann, áit ar féidir leis an gcultúr agus an chruthaitheacht bláthú.
Beidh na healaíontóirí Éireannacha Aibhse, Cuas, Dairena Ní Chinnéide, Damien Dempsey, Huartan, Pauline Scanlon agus Ruth McGinley le cloisteáil agus le feiceáil ar an gclár seo.
I sraith 2026 chonacthas ceoltóirí ag seinm i gCaisleán Chúirt an Bharraigh i gContae Chorcaí, i dTeach agus Eastát Chúirt Emo i gContae Laois, sa Séipéal Ríoga ag Caisleán Bhaile Átha Cliath agus ag Áras an Uachtaráin i mBaile Átha Cliath.
Bhí ceol le cloisteáil ó thús deireadh na sraithe ó scoth d'ealaíontóirí agus de cheoltóirí na hÉireann, cuid acu atá teacht chun cinn, cuid eile atá ag seinm le fada. Gheofar gach clár díobh ar Sheinnteoir RTÉ.
Ba é a dúirt an tUachtarán Catherine Connolly: “Ba mhór an phribhléid dom ceoltóirí den scoth agus foireann iontach Other Voices a fháiltiú le déanaí chuig Áras an Uachtaráin chun ceol trí mheán na Gaeilge a cheiliúradh.
Is ardú meanman agus ábhar dóchais dom, mar Uachtarán na hÉireann, teanga ársa ár dtíre a bheith in úsáid chomh fonnmhar, spleodrach agus cruthaitheach ag an méid sin de chuid ealaíontóirí ár linne.
Tá súil agam go mbainfidh an lucht féachana sult, spraoi agus tairbhe as siamsaíocht an chláir speisialta seo.
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Philip King agus a fhoireann, leis an OOP agus chuile dhuine a bhí bainteach agus rannpháirteach i gcur i gcrích an chláir seo.”
Ba é a dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin 'Boxer' Moran: "Is ceiliúradh iontach den Ghaeilge, de cheol na hÉireann agus dár gcultúr i bpáirt é an clár speisialta seo de Other Voices: The Anam Sessions. Táim thar a bheith sásta go ndearnadh an clár go hiomlán trí Ghaeilge in Áras an Uachtaráin, atá ar cheann de na foirgnimh is tábhachtaí i stair agus i saol poiblí ár dtíre.
Geallann OOP oidhreacht na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú, agus a chinntiú gur áiteanna beomhara tábhachtacha do mhuintir an lae inniu iad na háiteanna suaithinseacha seo. Cuid thábhachtach den ghealltanas sin is ea tacú leis an nGaeilge agus deiseanna a chur ar fáil inar féidir leis an gcultúr agus an chruthaitheacht Ghaelach bláthú”.
Ba é a dúirt Philip King, bunaitheoir Other Voices: “Táimid Other Voices, chomh lúcháireach an deis seo a fháil oibriú i gcomhpháirtíocht chruthaitheach le hOifig na nOibreacha Poibli, chun an ceol is fearr de chuid na linne seo a chur ar siúl i gcuid de na láithreacha agus ionaid oidhreachta is áille in Éirinn.
Tá ceol agus cultúr na hÉireann chomh cumhachtach, sainiúil agus tarraingteach sin do chluasa, do shúile agus do shamhlaíocht lucht éisteachta ar fud an domhain toisc áiteanna, dúiche agus blas cainte a bheith i gcroílár an cheoil sin.
De bharr go mbíonn na healaíontóirí comhaimseartha ag seinm sna láithreacha oidhreachta iontacha seo, bíonn deis acu freagairt ar bhealach spreagúil, difriúil agus ag an am céanna cuirtear spiorad úr sna foirgnimh agus sna láithreacha stairiúla tarraingteacha seo.
Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Other Voices The Anam Sessions na seachtaine seo ag teach go hiomlán i ngailge ó Áras an Uachtaráin”.
Is í MayKay agus a comhósta nua, Cóilí Collins/Shampain, a chuireann na Anam Sessions i láthair go dátheangach.
Más mian leat cloisteáil ó fhoireann OOP a cuireadh faoi agallamh ar láithreacha shraith clár na bliana seo, tabhair cuairt ar www.youtube.com/@OpwIe.
Gheofar tuilleadh faisnéise agus an scéala is déanaí ar www.heritageirealnd.ie agus www.othervoices.ie.
Tá urlabhraithe OOP ar fáil le cur faoi agallamh ach é a iarraidh.
Déan teagmháil le hOifig Phreasa OOP chun tuilleadh eolais a fháil agus agallamh a shocrú.
Mar gheall ar an tSraith
Other Voices: The Anam Sessions – Clár 4
Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath
Déardaoin 1 Deireadh Fómhair | 11.10pm | RTÉ2
Athchraoladh: Dé hAoine 2 Deireadh Fómhair | 11.55pm | RTÉ2
Is sraith cheoil ceithre chlár é Other Voices: The Anam Sessions ina dtaispeántar scoth na gceoltóirí Éireannacha, idir cheoltóirí atá ag teacht chun cinn agus ceoltóirí seanbhunaithe, i gcuid de na láithreacha oidhreachta is mó le muintir na hÉireann. Rinneadh sraith 2026 ag Caisleán Chúirt an Bharraigh, Contae Chorcaí; Teach agus Eastát Chúirt Emo, Contae Laoise; an Séipéal Ríoga ag Caisleán Bhaile Átha Cliath; agus Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath. Léirítear sa tsraith an tslí ar féidir le foirgnimh stairiúla agus láithreacha oidhreachta na hÉireann suíomhanna spreagúla a sholáthar d'imeachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha sna laethanta seo, ionas gur féidir ceangal a chothú idir an lucht féachana agus na scéalta, na háiteanna agus na traidisiúin a mhúnlaíonn saol na hÉireann i gcónaí. Tá sé ar fáil, leis, ar Sheinnteoir RTÉ.
Mar gheall ar Áras an Uachtaráin
Mar lóiste an phríomh-mhaoir a tógadh Áras an Uachtaráin, atá suite i bPáirc an Fhionnuisce, i 1751. Áit chónaithe oifigiúil Fhir Ionaid an Rí ab ea é ina dhiaidh sin, agus áit chónaithe Sheanascal Shaorstát Éireann tar éis d'Éire neamhspleáchas a bhaint amach. Rinneadh áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann de i 1938 agus tá an scéal amhlaidh ó shin.
The Anam Sessions is presented by MayKay and new co-host Cóilí Collins/Shampain, with the series presented bilingually in English and Irish.
To hear from OPW staff interviewed at the sites, which will be featureded on the upcoming espisodes, visit www.youtube.com/@OpwIe.
For further information and updates visit www.heritageirealnd.ie and www.othervoices.ie.
OPW spokespersons are available for interview upon request.
Please contact the OPW Press Office for further information and to arrange an interview.
About the Series
Other Voices: The Anam Sessions – Episode 4 Áras an Uachtaráin, Dublin
Thursday 1 October | 11.10pm | RTÉ2
Repeat: Friday 2 October | 11.55pm | RTÉ2
Other Voices: The Anam Sessions is a four-part music series showcasing some of Ireland's leading and emerging musicians in some of the country's most treasured heritage sites.The 2026 series was filmed at Barryscourt Castle, County Cork; Emo Court House and Estate, County Laois; the Chapel Royal at Dublin Castle; and Áras an Uachtaráin, Dublin. The series demonstrates how Ireland's historic buildings and heritage sites can provide inspiring settings for contemporary culture and creativity, connecting audiences with the stories, places and traditions that continue to shape Irish life. It is also available on the RTE Player.
About Áras an Uachtaráin
Áras an Uachtaráin, situated in the Phoenix Park, was built in 1751 as the chief ranger’s lodge. It later became the residence of the Viceroys and, following independence, the residence of the Governors General. In 1938 it became the official residence of the President of Ireland and has served that purpose since.