Ráiteas ón Taoiseach, Tithe an Rialtais
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Seiceáil i gCoinne Seachadta
Tráthnóna maith daoibh.
Tá an víreas COVID-19 ag dul i dtreise ar fud fad na nEorpa agus in áiteanna eile sa domhan.
Ba mhaith liom labhairt libh anocht maidir leis an gcath leanúnach atá ar bun sa tír seo in éadan an víris, an staid ag a bhfuil muid faoi láthair i dtaca leis, agus chéad rud eile atá le tarlú.
Bliain chrua ab ea an bhliain 2020 agus níl sí thart fós.
Tá íobairtí móra déanta ag teaghlaigh, ag daoine aonair agus ag oibrithe sa líne thosaigh.
Tógadh uainn go leor de na rudaí a thugann ardú meanman dúinn agus a rabhamar ag déanamh talamh slán díobh go dtí seo.
Is é fírinne an scéil maidir leis an víris uafásach seo ná go scaipfidh sé má thugaimid an deis dó scaipeadh. Agus nuair a éiríonn leis scaipeadh, bíonn chuid mhaith de shaol an duine curtha faoina smacht aige, in éineacht le haicmí iomlána den eacnamaíocht.
Mar a dúirt mé cheana, ní féidir leis an Rialtas as féin é seo a stopadh. Níl aon dlíthe ná cumhachtaí ann a d’fhéadfadh athrú a chur ar nádúr an víris seo.
Tá daoine go leor ann a rinne gach a iarradh orthu a dhéanamh. Ach tá daoine eile nach ndearna amhlaidh. Mar Thaoiseach, iarraim ar gach duine agaibh arís eile a bheith airdeallach maidir leis an gcontúirt ina bhfuilimid.
Teastaíonn uaim a bheith macánta le daoine, na fíricí atá agam a chur os bhur gcomhair agus míniú a thabhairt daoibh ar réasúnaíocht agus ar chinntí bhur Rialtais.
Is gá dúinn labhairt ar dtús faoin straitéis atá againn. Beidh cloiste agaibh faoi chuir chuige éagsúla a d’fhéadfaí a úsáid, agus tá sé tábhachtach go mbeadh muid soiléir maidir leis na rudaí sin atá indéanta agus faoi na rudaí nach bhfuil.
Tá daoine ann a déarfadh gur cur chuige ‘Covid Nialasach’ ba cheart a bheith againn sa tír. Gur chóir dúinn an tír a dhúnadh síos agus na teorainneacha a shéalú go dtí go ruaigfí an víreas, agus ina dhiaidh sin go mbeadh an ráta tolgtha á choinneáil againn ag náid.
Is daoine a bhfuil dea-rún acu agus atá lándáiríre atá á mholadh seo. Ní rogha réalaíoch atá ann, áfach, nuair a chuirtear san áireamh ár suíomh go tíreolaíoch agus a chóngaraí agus atáimid don Ríocht Aontaithe agus don Eoraip, dhá dhlínse a bheith ar an oileán céanna, an chomhairle a fuaireamar ó NPHET agus ár ndearcadh féin mar Rialtas.
Tá daoine eile fós ann a mholann an cur chuige imdhíonacht tréadach; is é sin le rá gur cheart ligean don víreas a sheal a thabhairt, mar go bhfuil an eacnamaíocht ró-thábhachtach le do gcuirfí aon srianta eile i bhfeidhm.
Tugann sé seo le tuiscint gur cheart dúinn glacadh le leibhéil arda tinnis agus báis agus déanann sé neamhaird don tionchar uafásach, fadtéarmach a bhíonn ag an víreas ar go leor daoine.
Ní hé seo cur chuige an Rialtais.
Is é mo thuairim láidir gurb é príomhdhualgas bhur Rialtais agus bhur dTaoisigh beatha na ndaoine a chosaint agus an tsláinte phoiblí a chosaint, agus ag an am céanna cosaint a thabhairt don eacnamaíocht agus don tsochaí i gcoitinne.
Is é seo an rud a rinneamar go dtí seo agus leanfaimid orainn á dhéanamh.
Táimid ag oibriú linn leis an víreas a bhrú faoi chois le linn dó a bheith fós ag fás agus ag féachaint leis an oiread agus is féidir den tsochaí agus den eacnamaíocht a athoscailt, nuair a bheidh sé indéanta agus sábháilte mar rud le déanamh.
Go dtí go mbeidh fáil ar vacsaín shábháilte is gá dúinn cloí leis an bpatrún sin.
Seo é an saol mar atá sa chuid eile den domhan agus, faraor, an saol mar atá anseo againne.
Cá bhfuilimid anois, mar sin, sa timthriall sin?
Chun an víreas a chur faoi chois thugamar isteach, cheana féin, an córas is déine, seans, san Eoraip uilig.
Mar thoradh air seo, tá fianaise áirithe ann gur oibrigh na srianta ó thaobh moill a chur ar fhás agus ar scaipeadh an víris.
Ach mar sin féin, mar a léiríonn na figiúirí laethúla, ní leor na srianta sin astu féin leis an leibhéal ionfhabhtaithe a laghdú go suntasach.
Dá bhrí sin, cé go bhfuil moill curtha againn ar scaipeadh an víris, ní dheachaigh sé fada go leor agus is gá dúinn tuilleadh a dhéanamh anois.
Tá NPHET soiléir maidir lena gcaithfear a dhéanamh, dar leis. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le an Dr Tony Holohan, am Dr Ronan Glynn agus lena gcomhghleacaithe as an tsoiléireacht sin a thabhairt.
Nuair a chuirtear a gcuid moltaí siúd os comhair an Rialtais bíonn sé de dhualgas orainn iad a mheas, ach freisin ár machnamh a dhéanamh maidir leis an tionchar forleathan a bheadh ag srianta an-ghéara ar an bpobal i gcoitinne. Cuireann srianta isteach ar dhaoine, ar an meabhairshláinte agus ar ár gcumas déileáil le tinnis nach mbaineann le Covid, tarlaíonn dífhostaíocht agus easpa ioncaim i dteaghlaigh agus bíonn drochthionchar acu go sóisialta, mar shampla an foréigean sa teaghlach agus gan an oiread céanna leanaí a bheith curtha ar aghaidh le haghaidh leas leanaí.
Tá an-tábhacht go deo ag baint leis na rudaí seo agus leis na tionchair eile ar fad a bhaineann le srianta an-ghéara agus is gá grinnstaidéar a dhéanamh orthu.
Tar éis an mhachnaimh seo ar fad a bheith déanta, chinn an Rialtas go bhfuil fianaise ró-láidir ann a deir go bhféadfadh cúrsaí dul go mór chun donais sna seachtainí atá amach romhainn. Dá bhrí sin, ar feadh tréimhse sé seachtainí ó mheán oíche ar an gCéadaoin, cuirfear an tír ar fad go dtí Leibhéal 5 faoin gCreat maidir le Maireachtáil le Covid-19.
Sula míneoidh mé céard a bheidh i gceist ba mhaith liom rud éigin a rá ar dtús faoinár gcuid scoileanna agus ár seirbhísí cúraim leanaí. Is é dearcadh an Rialtais, agus tagann an chomhairle ó NPHET leis seo, go mba cheart na scoileanna agus na seirbhísí cúraim leanaí a choinneáil oscailte.
Tá sé seo riachtanach mar nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh ár leanaí agus todhchaí ár ndaoine óga thíos leis, de bharr an ghalair seo.
Tá a gcuid oideachais ríthábhachtach.
D’éirigh linn na scoileanna a oscailt agus a choinneáil oscailte mar gheall ar an obair iontach a rinne riarthóirí, príomhoidí, múinteoirí, Cúntóirí Riachtanais Speisialta, tuismitheoirí, soláthróirí cúraim leanaí, glantóirí, feighlithe agus an pobal iomlán scoile.
Tá siad seo freisin ag obair sa líne thosaigh le linn na géarchéime seo agus tá buíochas mhuintir na tíre ar fad tuillte acu.
Tá infheistíocht mhór déanta againn mar Rialtas chun tacú leo ina gcuid oibre agus leanfaimid orainn ag cabhrú le ceannasaithe na scoileanna chun go bhféadfar na scoileanna a choinneáil oscailte.
Ba mhaith liom freisin go dtuigfeadh an tír uilig go dtabharfar tacaíochtaí breise airgeadais do dhaoine aonair agus do ghnóthaí, ar mhaithe leis an víreas a chur faoi chois arís.
Mar gheall ar na srianta nua táimid chun feabhas a chur ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus ar an Scéim Fóirdheontais Fostaíochta.
Tabharfaimid tús áite do chur i bhfeidhm, ar bhonn céimneach, na dtacaíochtaí nua do na seirbhísí meabhairshláinte.
Tuigim go gcuireann an t-uaigneas a bhaineann le bheith scoite amach agus an imní isteach ar go leor daoine, go mór mór orthu siúd atá ina gcónaí leo féin.
Mar gheall air seo, agus mar chuid den soláthar a bhaineann le ‘ár dteaghlach féin’ táimid ag cur isteach an coincheap ‘bolgán tacaíochta’.
Ligfidh sé seo do dhaoine atá ina gcónaí leo féin, i mbun tuismitheoireachta leo féin nó atá i gcontúirt a bheith gearrtha amach ó dhaoine eile, teacht ar shocrú le teaghlach amháin eile ar mhaithe le ‘bolgán tacaíochta’ a bhunú.
Foilseofar liosta iomlán de na srianta a bhaineann le Leibhéal 5 ar gov.ie, ach seo cuid de na rudaí a bheidh i gceist:
Tuigim, agus braithim féin go mór é, an díomá, an t-uaigneas agus fiú an t-éadóchas a bhraithfidh go leor daoine mar thoradh ar an bhfógra seo.
Tá na laethanta ag éirí níos giorra agus níos fuaire.
Ach iarraim oraibh bhur machnamh a dhéanamh air seo.
Fiú agus an geimhreadh ag teannadh linn, tá dóchas ann. Agus tá solas ann.
Má oibrímid le chéile mar is ceart ar feadh na sé seachtainí atá amach romhainn, beidh deis againn an Nollaig a cheiliúradh ar bhealach fiúntach.
Tá gach Nollaig tábhachtach ach tá tábhacht ar leith ag baint le Nollaig na bliana seo. Tá ár dtraidisiúin féin againn go léir mar a bhaineann sé leis an Nollaig, ach i mbliana beidh tocht sa bhreis ar ár gcroí ag smaoineamh orthu siúd nár éirigh leo teacht slán as 2020.
Ní hamháin an dream a thóg an víreas leis ach na daoine eile ar fad a bhásaigh i rith na bliana ach nárbh fhéidir linn slán a fhágáil acu ar thórraimh agus ar shochraidí, mar is dual dúinne a dhéanamh, agus mar a bhí tuillte acusan.
Ní bheidh an Nollaig mar a bhíodh sí blianta eile, ach má oibríonn muid as lámha a chéile agus déanamh, le fonn, de réir na rialacha nua, ócáid an-speisialta a bheidh ann a thabharfaidh sólás éigin dúinn tar éis chruatan na seacht mí atá díreach imithe thart.
Má dhéanann muid ar fad an rud a iarrtar orainn ar feadh sé seachtaine, cuirfear an víreas faoi chois agus tiocfaidh deireadh leis na srianta seo ar an 1 Nollag.