Caint an Aire Catherine Martin Seoladh leabhar TG4 chun ceiliúradh a dhéanamh ar a 25ú Breithlá
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Gabhaim buíochas le hAlan, Siún, Mícheál agus foireann TG4 go léir as an gcuireadh a bheith in bhur dteannta chun cúig bliana is fiche de TG4 a cheiliúradh. Tá ríméad orm a bheith anseo inniu. Is cúis mhór áthais dom bualadh leis an bhfoireann go pearsanta faoi dheireadh, agus cúig bliana is fiche de chraolachán tiomnaithe Gaeilge a cheiliúradh.
Tá go leor páirtithe leasmhara eile i láthair anseo inniu a bhí mar chuid de scéal TG4 agus an stásiún ag dul ó neart go neart. Tá an-áthas orm ceiliúradh a dhéanamh libhse; na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, na hurraitheoirí, na comhpháirtithe agus gach duine a thug tacaíocht do scéal TG4 go dtí seo.
Tá Míchéal agus gach duine a chuidigh le cur le chéile an leabhair álainn seo le moladh. Ní fhéadfaí duine ar bith níos fearr ná Mícheál a roghnú chun na himeachtaí is mó i stair TG4 a léiriú agus é tar éis fiche bliain a chaitheamh i mbun coimsiúnaithe leis an stáisiún. Is taifead tábhachtach de shaol cultúrtha na hÉireann don todhchaí é an tionscadal cartlainnithe digitigh a thacaíonn Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4 leis. Mar sin féin, tugann leabhar d’éachtaí TG4 ar ócáid den sórt seo tagairt fhisiciúil dúinn go léir do na himeachtaí tromchúiseacha agus greannmhara ón scáileán, na buaicphointí agus na himeachtaí níos tochtmhaire.
Tá a fhios agam go bhfuil réamhrá sa leabhar ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn, a raibh ról ríthabhachtach aige i seoladh Theilifís na Gaeilge mar Aire Ealaíon, Cultúir, agus Gaeltachta. Ó shin i leith tá an stáisiún tar éis dul ó neart go neart agus cáil a thuilleamh i saol agus i meán na hÉireann.
Le hocht mí dhéag anuas, bhí tréimhse dhúshlánach againn go léir. Agus muid ag dul i dtaithí ar mhaolú na srianta anois, is fiú aird a dhíriú ar an ról fíorthábhachtach a bhí ag TG4 sa tréimhse seo. Chuir an stáisiún foinse thábhachtach nuachta, oideachais agus eolas seirbhíse poiblí ar fáil. Bhí an-áthas orm maoiniú forlíontach €1.9m a fháil do TG4 do 2020 a bhain le costais bhreise chláir Covid 19, go háirithe Cúla4 ar Scoil.
Cumasaíonn TG4 naisc chumhachtacha ar fud na réimsí atá faoi mo shainchúram mar Aire Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is mór agam an luach ollmhór a chuireann TG4 ar fáil chun tacú lenár n-oidhreacht teanga agus cultúrtha. Téann sé chun leasa phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus lucht féachana níos leithne na hÉireann. Bhí an-áthas orm a bheith in ann maoiniú bliantúil breise €4.2m a fháil i mbuiséad 2022, an méadú bliantúil aonair is mó riamh ar mhaoiniú TG4.
TG4 have an ambitious post-Covid Strategy. I am aware of the challenges facing the station in an increasingly competitive media environment and predominantly English language content providers. I am pleased that the additional funding I secured will enable TG4 to deliver on their strategy to put younger audiences centre stage. I recognise that TG4 have invested heavily in this strategy to date with the development of Bloc and Mólscéal. Both of these platforms and have seen huge increases in engagement of 164% and 16.8% in 2020. This shows the efforts being made by TG4 in adapting to meet the needs of their audience in an ever changing broadcasting environment.
I also recognise that a key element of the strategy continues to be the support for a wide range of innovative content from the regional independent production sector. The additional funding I secured will boost content production while providing a valuable source of employment in the creative sectors in the Gaeltacht and the West of Ireland.
Is bunriachtanas i gcaomhnú teanga é go bhfeiceann agus go gcloiseann cainteoirí Gaeilge guthanna a bpobal féin ina dteanga féin. Aithnítear go bhfuil ról soiléir ag luach TG4 i gcraoltóireacht na hÉireann agus i soláthar ábhair agus seirbhísí ar ardchaighdeán do chainteoirí Gaeilge agus don lucht féachana i gcoitinne. Léiríonn rath TG4 obair chrua agus tiomantas na bpáirtithe leasmhara go léir atá anseo inniu. Guím breithlá sona ar gach duine ó TG4 agus gach rath ar an stáisiún amach anseo.