Ráiteas leis an Taoiseach agus Príomh-Aire an RA
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Seiceáil in aghaidh Soláthair
Sa ráiteas a rinneamar an 26 Aibreán, d’fhógraíomar céim nua de chainteanna polaitiúla i dTuaisceart Éireann.
Thug an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, Karen Bradley, agus an Tánaiste, Simon Coveney, nuashonrú dúinn ar an dul chun cinn a rinneadh ó shin i leith.
Cuirimid fáilte roimh an rannpháirtíocht chuiditheach a léirigh gach páirtí go dtí seo. Is soiléir dúinn gur mian leis na páirtithe polaitíochta i dTuaisceart Éireann go ndéanfaí institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta/Chomhaontú Bhéal Feirste a aischur, ach iad a bheith ag oibriú ar bhonn níos inchreidte agus inbhuanaithe. Cé gur baineadh comhdhearcadh amach den chuid ba mhó maidir le roinnt saincheisteanna, tá limistéir eile le réiteach go fóill.
Creideann an Rúnaí Stáit agus an Tánaiste go bhfuil deis ann, cé gur deis bheag é, chun comhaontú a bhaint amach sa tréimhse díreach amach romhainn agus go bhfuil sé bunriachtanach chun leanúint ar aghaidh le cainteanna maidir leis seo agus iad a neartú.
Mar an Príomh-Aire agus an Taoiseach, leanfaimid le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar an dul chun cinn seo. Creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach go dtéann na páirtithe i mbun gnímh anois gan mhoill chun tabhairt go gníomhach faoin gcomhaontú deiridh a mhúnlú.