Óráid an Aire Stáit Jack Chambers T.D - Seachtain na Gaeilge 2022- Seanad Éireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt anseo i Seanad Éireann le linn Seachtain na Gaeilge, faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Is pribhléid é dúinn sa tír seo go bhfuil ár dteanga dúchais againn. Is iad ár dteanga, ár dtraidisiúin agus ár gcultúr atá ag croílár an phobail anseo in Éirinn.
Maidir le pobal labhartha na Gaeilge, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh sa teanga chun a chinntiú go mbeidh sí á labhairt ag na glúinte atá le teacht.
Tá an Rialtas seo tiomanta tacú leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Léiríonn an chistíocht méadaithe atá curtha ar fáil agam don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana agus ar fiú €85.6m (ochtú cúig ponc a sé mhilliún euro) é, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Seo ardú seacht milliún euro (€7m) ar chiste na bliana seo caite.
Bhí áthas orainn sa Roinn chomh maith ardú de €4.2 milliún (ceathair ponc a dó milliún euro) a fhógairt ar bhuiséad TG4 do i mbliana. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dár ndóigh, beidh tionchar ag an ardú seo freisin ar rathúlacht na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tograí éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.
Is linne go léir an Ghaeilge – idir óg agus aosta – agus ba mhaith liom a cheapadh go dtugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ndílseacht don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Ba mhaith liomsa níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga a thagann ó chúlraí faoi mhí-bhuntáiste seal a chaitheamh sa Ghaeltacht, mar shampla.
Ba mhaith liom a lua chomh maith gur fhógair mé níos túisce inniu go bhfuil ciste nua de €150,000 curtha ar fáil agam do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt sa phobal arís d’imeachtaí Gaeilge agus le daoine nua a mhealladh leis an teanga a bhlaiseadh i rith Sheachtain na Gaeilge agus sna seachtainí agus sna míonna beaga os ár gcomhair. Tuigim go bhfuil an phaindéim tar éis a bheith dúshlánach ach tá deis againn anois breathnú ar aghaidh agus clár spraíúil agus leathan a chur ar fáil don phobal agus an Ghaeilge ina chroílár, agus ag an am céanna, ceiliúradh a dhéanamh ar 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge.
D’fhógair mé le déanaí go mbeadh mo Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná 3 lá mar bheart eisceachtúil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gColáistí Gaeilge, agus chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí trí seachtaine de dheasca na paindéime. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mo Roinn in ann deontais Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo.
Le linn na Pandéime, bhunaigh mo Roinn cúig chiste faoi leith idir anuraidh agus arú anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú thart ar €8m ina iomlán iad. Cuireadh tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na Coláistí Samhraidh féin, do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí agus do hallaí pobail a bhíonn in úsáid ag Coláistí Samhraidh.
Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.
Agus caithfidh mé a rá go bhfuilimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre ar na ceantair Ghaeltachta an samhradh seo.
I measc buaic phointí mo chuid oibre mar Aire Stáit freagrach as an nGaeilge le bliain anuas, tá achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 – Acht a phléigh muid sa teach seo, dár ndóigh. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimiúil curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu.
Tá scríofa ag mo Roinn cheana féin chuig comhlachtaí poiblí ag meabhrú dóibh faoin Acht nua agus na príomhspriocanna atá san áireamh ann.
Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt Plean Náisiúnta um Sholáthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge ina chroílár. Chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú.
Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúinte atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Níor mhiste a lua gur togra uile-Rialtais é seo agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir lena fhorfheidhmiú.
Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mBuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.
An Ghaeilge san Aontas Eorpach
Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúinte amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh anois mar gur tháinig deireadh leis an maolú ar a húsáid ag deireadh na bliana seo caite.
Thug mé fhéin agus oifigigh mo Roinne cuairt ar an mBruiséil díreach Déardaoin seo caite, áit a chasamar leis an gCoimisinéir Eorpach atá freagrach as an ilteangachas san Aontas, Johannes Hahn, le hArd-Stiúrthóir EPSO agus leis an Ard-Stiúrthóir atá freagrach as seirbhísí ateangaireachta. Ba léir domsa agus mé ag caint leis na daoine seo an tábhacht a chonaic siad san éacht atá déanta deireadh a chur leis an maolú agus 200 teangeolaithe ag obair sna hinstitiúidí anois.
Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin le blianta anuas chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas agus leanfaimid orainn ag obair leis na hinstitiúidí sna blianta amach romhainn.
Tá go leor bainte amach ag an Rialtas seo maidir le neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga pobail agus leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach.
Creidim féin go spreagann an Ghaeilge agus na traidisiúin a ghabhann léi, comhoibriú agus spioraid na meithle i measc daoine, i ngach gné dá saol. Bíonn comhoibriú leanúnach idir an Clár Éire Ildánach de chuid mo Roinne agus ár Rannán Gaeltachta agus TG4 chomh maith - cur chuige a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite in obair gach rannóg de chuid mo Roinne. Anuas air sin, shínigh Tourism Ireland agus Údarás na Gaeltachta comhaontú le déanaí ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe a chur ar bun maidir le forbairt tograí Gaeltachta in earnáil na turasóireachta.
Táim féin, an tAire Martin agus an Rialtas seo tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh sin le linn na bliana atá amach romhainn.
Go raibh míle maith agaibh agus bainíg sásamh as Seachtain na Gaeilge.