Óráid an Taoisigh, Oscailt oifigiúil an M11 (Guaire go dtí Inis Córthaidh)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
Cuir i gComparáid leis an Óráid mar a Tugadh í
A Ambasadóra Castro, Aire Kehoe, Aire D'Arcy, Teachta Dála Howlin, Teachta Dála Browne, Mick Wallace MEP, a dhaoine uaisle,
Is mór an pléisiúr é a bheith ar ais i Loch Garman chun an M11 Guaire go dtí Inis Córthaidh a oscailt go hoifigiúil.
Gabhaim buíochas le Comhairle Contae Loch Garman agus Bonneagar Iompair Éireann as cuireadh a thabhairt dom.
Mar is eol daoibh, cuireadh an tionscadal seo i gcrích in am agus laistigh den bhuiséad. Agus ba mhaith liom an ról a d'imir Dragados agus BAM chun an t-éacht sin a bhaint amach. Cuirimid fáilte roimh Ambasadóir Castro inniu mar aitheantas don iliomad nasc leis an Spáinn.
Mar is eol do roinnt díobh, tá ceangal speisialta agam leis an tionscadal seo. In Aibreán 2014, nuair a bhí mé i m'Aire Iompair, shínigh mise an conradh don bhóthar seo. Shínigh an Teacht Dála Brendan Howlin an doiciméad sin chomh maith, nuair a bhí sé ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus ba mhaith liom é a mholadh as an ról a bhí aige sa tionscadal seo a chur i gcrích.
Faoi láthair, tá roinnt daoine ag iarraidh rogha bhréagach a chruthú idir infheistíocht a dhéanamh sa ghréasán bóithre agus infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí.
Tá an dá rud de dhíth orainn. Ar ndóigh, tá deiseanna níos fearr ag teastáil ó thaobh iarnróid, busanna agus rothaíochta de. Mar sin, mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, infheisteoimid a dhá oiread i dtionscadail nua iompair phoiblí is a infheisteoimid i mbóithre nua sa chéad deich mbliana eile. Sin an chothromaíocht cheart, ceapaim.
Mar sin féin, caithfimid cur i gcoinne an fheachtais fhorleathain in aghaidh bóithre. Tá bóithre nua cosúil leis sin, cosúil leis an Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin, an M20 idir Corcaigh agus Luimneach, an N4 go dtí Sligeach, nó an N5 go dtí Cathair na Mart, riachtanach má táimid chun a chinntiú gur féidir le gach cearn na hÉireann rath a bheith air sna blianta atá amach romhainn.
Laghdóidh na bóithre sin brú tráchta agus amanna taistil, cuirfidh siad feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre, agus cruthóidh siad deiseanna nua eacnamaíochta. Agus beidh feithiclí leictreacha, gluaisteáin hibrideacha, busanna agus trucailí gáis peitriliam leachtaigh.
Gan dabht, tá dúshláin chomhshaoil ann. Mar sin, táimid ag feabhsú neamhdhíobhálacht iompair ar bhóthar don chomhshaol, agus leagamar amach conas a dhéanfar é sin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a seoladh le déanaí. Ach má chuirimid deireadh leis an gclár bóithre, má chuirimid deireadh le Tionscadal Éireann 2040, táimid ag rá le codanna den tír taobh amuigh de na cathracha go gcaithfidh siad fanacht. Fan i scuainí tráchta ar dhrochbhóithre fad a aistreofar infheistíocht chuig an Metro agus iarnród éadrom sna cathracha.
Ceapaim nach bhfuil sé sin cóir. Ceapaim go bhfuil an chothromaíocht cheart againn i dTionscadal Éireann 2040. Is infheistíocht láidir í in iompar poiblí agus sa chlár bóithre.
Is beag an líon tionscadal a léiríonn luach an chláir bóithre chomh maith is a léiríonn an tionscadal seo é.
Cuirfidh an bóthar seo feabhas ar amanna taistil, iontaofacht agus sábháilteacht.
Is é atá i gceist ná nascacht, rochtain ar an Oirdheisceart agus, rud atá an-tábhachtach, rochtain ar chalafort Ros Láir a fheabhsú.
Is eiseamláir iontach é chomh maith maidir le conas atá Tionscadal Éireann 2040 ag freastal ar Réigiún an Oirdheiscirt.
Laghdófar plódú tráchta i gCam Eolaing, Fearna agus Inis Córthaidh, agus dá bharr sin cuirfear méadú ar a dtarraingteacht mar áiteanna chun siopadóireacht a dhéanamh iontu, chun oibriú, cónaí agus clann a thógáil ann.
Laghdófar amanna taistil idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman idir 15 agus 30 nóiméad.
Mar is eol dúinn, bhí go leor dúshlán roimh an gcuid seo den tír. Bhuail an cúlú eacnamaíochta an réigiún seo go dian. Cailleadh poist agus bhí dóchas i ngannchúis.
Tá athrú mór tagtha air sin. Is cuid den bhiseach i Loch Garman agus san Oirdheisceart é oscailt an lae inniu.
Laghdaíodh dífhostaíocht faoina leath ó 2011, agus tá sé ag titim an t-am ar fad. Tá daoine ag teacht le cónaí anseo agus tá méadú ag teacht ar an daonra arís – ar méadú 18,000 é sin ó 2006.
Is iomaí cúis le bheith dóchasach agus níl ach ceann amháin díobh sin é an bóthar seo.
Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, infheisteoimid €4 billiún i dtionscadail chomhoibríocha le ceithre chiste dhifriúla. Tugadh maoiniú do 17 dtionscadal san Oirdheisceart faoin gcéad ghairm agus táim cinnte go bhfuil tuilleadh le teacht.
Is é ár misean ceithre rud a sholáthar:
Tá níos mó le teacht. Beidh an N25 Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin oscailte faoi dheireadh na bliana agus beidh an droichead is faide in Éirinn mar chuid de, droichead 900 méadar thar an mBearú.
De bharr an dá thionscadal sin, maolófar an plódú tráchta in Inis Córthaidh agus Ros Mhic Thriúin agus cuirfear feabhas ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre agus fás geilleagrach inbhuanaithe ar fud an Oirdheiscirt.
Anuas air sin, tá an Ollscoil Teicneolaíochta nua don Oirdheisceart ann agus tá muinín agam gur féidir tús a chur léi sa chéad bhliain eile.
Níl a fhios againn cad a tharlóidh leis an mBreatimeacht ach tuigimid go gcaithfimid ullmhú do gach rud a d'fhéadfadh tarlú. Is cuid de phlean níos mó don Oirdheisceart é an bóthar seo. Táimid ag leanúint orainn infheistíocht a dhéanamh i gcaighdeán ár n-áiseanna calafoirt i Ros Láir agus Calafort Phort Láirge, mar aithnímid a ról i naisc iompair a choimeád le mór-roinne na hEorpa.
Agus muid ag tabhairt aghaidh ar thionchar an Bhreatimeachta, aimseoimid amach gur infheistíocht inár slándáil eacnamaíochta amach anseo é infheistíocht i nascacht níos fearr.
Mar sin, is maith an rud é an bóthar nua seo do Loch Garman, don Oirdheisceart agus d'Éirinn. Agus is maith an rud é don Eoraip chomh maith.
Agus leis sin, tá ríméad orm a fhógairt go hoifigiúil go bhfuil an bóthar seo oscailte.