Ag díriú ar obair an lae inniu anois, chríochnaigh Céim na Tuarascála den Bhille ar 6 Deireadh Fómhair 2021. Mar a luaigh mé níos luaithe, agus go deimhin roimhe seo, ‘sé príomhchuspóir an Bhille, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu. Tabharfar éifeacht freisin, leis an mBille, do leasuithe is gá a dhéanamh ó tharla gur cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, 2011.