Ráiteas an Taoisigh i ndiaidh do Dara Calleary éirí as oifig
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le: An Taoiseach; Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
Thairg an tAire Dara Calleary éirí as ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara maidin inniu, i ndiaidh dó a bheith i láthair ag dinnéar gailf de chuid an Oireachtais tráthnóna Dé Céadaoin. Níor cheart dó a bheith i láthair ag an imeacht agus ba iomrall breithiúnais dá chuid a bhí ann. Tá glactha agam lena éirí as. Tá íobairtí thar a bheith deacair agus pearsanta déanta ag daoine ar fud na tíre ina saol pearsanta agus ina gnóthaí chun cloí le rialacháin COVID-19. I bhfianaise chinneadh an Rialtais Dé Máirt seo caite níor cheart go mbeadh an t-imeacht seo reáchtáilte ar an gcaoi a reáchtáladh é.
Ón gcéad lá a toghadh chuig Dáil Éireann é bhí Dara Calleary ina ionadaí poiblí tiomanta agus díograiseach agus go deimhin, tá fós. Níl sé de nós aige iomrall breithiúnais mar seo a dhéanamh. Tá an cinneadh ceart glactha aige ar mhaithe leis an tír, go háirithe i bhfianaise ár n-iarrachtaí leanúnacha chun COVID-19 a chur faoi chos.