Óráid an Taoisigh ar Ócáid Chuairt an Phápa Prionsias
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A Athair Ró-Naofa, thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom fáilte a chur romhat le ceann de na beannachtaí is sine atá againn chun beannú do chuairteoirí spiesialta – céad míle fáilte.
Agus, i bhfianaise na mílte duine a thiocfaidh amach chun tú a fheiceáil, chun éisteacht leat Aifreann a rá, agus chun beannacht a fháil uait, ní féidir smaoineamh ar aon bheannacht a bheadh níos cuí ná é.
Is eol dom gur chaith tú roinnt seachtaine i mBaile Átha Cliath i 1980 i bPáirc Bhaile an Mhuilinn ag foghlaim Béarla. Mar sin tá áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais go hÉireann.
Bliain amháin roimhe sin, thug an Pápa Eoin Pól II cuairt orainn agus táimid fíor-bhuíoch go bhfuarthas freagra ar a ghuí, trí Chomhaontú Aoine an Chéasta, go mbeadh síochán ann ar ár n-oileán. Síochán a chosnóimid agus a chothóimid.
Inniu tá sé de phribhléid agam fáiltiú roimh ionadaithe ó gach pobal i dTuaisceart Éireann agus ón mBreatain anseo inniu. Is treoir dúinn na focail a dúirt tú:
‘Is fearr droichid a thógáil ná ballaí, mar titeann ballaí’.
Anseo linn inniu freisin tá daoine ó gach aicme den saol, baill den rialtas agus státseirbhísigh sa líne thosaigh, daoine ar rugadh anseo iad agus daoine a rinne an rogha teacht anseo, idir fhir agus mhná, shean agus óg, Caitlicigh mar aon le baill de chreidimh eile agus daoine gan creideamh ar bith.
Táimid go léir ag cur fúinn san áit chéanna – agus tá sé de dhualgas orainn an plainéad seo a chothú agus cúram a dhéanamh de dá phobal.
A Athair Ró-Naofa, gabhaimid buíochas leat as an gcúram a dhéanann tú den domhan, as an mbéim a chuireann tú ar an dúshlán práinneach atá ann maidir leis an athrú aeráide, agus as ár bhfreagrachtaí a chur i gcuimhne dúinn. Go raibh maith agat as an mbá atá léirithe agat le daoine bochta, le himircigh agus le teifigh.
Cé gurb í Cuairt Thréadach i bhfoirm Cruinniú Domhanda an Teaghlaigh príomhchúis do chuairte anseo i mBaile Átha Cliath, táimid buíoch go bhfuil an t-am tógtha agat chun rudaí eile a dhéanamh, lena n-airítear an ócáid seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, cuairt a thabhairt ar ár nUachtarán, agus Aifreann a rá i bPáirc an Fhionnuisce. Is cúis áthais dúinn freisin go mbeidh an t-am agat cuairt a thabhairt ar scrín Chnoc Mhuire, agus tá súil againn go mbeidh tú ábalta dul go dtí Tuaisceart Éireann an chéad uair eile a thagann tú anseo.
De bharr do chuairte, tá go leor againne ag smaoineamh níos faide agus níos doimhne anois ar an gcaidreamh atá idir Éirinn agus an Eaglais Chaitliceach Rómánach,………….., creideamh a tugadh go hÉirinn na céadta bliain ó shin.
Sa séú haois, thug file, scoláire agus manach darb ainm Columbán................ nó "Saint Columbanus" mar a thugtar air sa Bhéarla, teachtaireacht an tsoiscéil ar ais chun na Mór-Roinne. Is de thoisc a chuid oibre, tugadh an teideal “an chéad Eorpach na hÉireann” air agus Naomh-Phatrún dóibh siúd atá ag iarraidh Eoraip chomhaontaithe a chur i gcrích.
Ba é an creideamh Críostaí a spreag go leor de na daoine, idir Chaiticigh agus Phrotastúnaigh, a bhí ina gceannairí ar ár bhfeachtais chun an tsaoirse agus an neamhspleáchas a bhaint amach. Go deimhin, agraíonn Forógra na Saoirse agus an Bunreacht araon Dia ina línte tosaigh. Le blianta beaga anuas, bhí an Daonlathas Críostaí agus tuairimí Críostaí ina chabhair do bhunaitheoirí an Aontais Eorpaigh, rud a spreag mór-roinn éirí as an gcogadh i bhfábhar comhoibrithe níos dlúithe.
Chabhraigh an Eaglais Chaitliceach linn i gcónaí tuiscint go bhfuilimid inár saoránaigh den domhan i gcoitinne agus cuid de theaghlach domhanda.
Chuir ár sagairt agus ár mná rialta cróga oideachas ar fáil do mhórán daoine ar fud na cruinne, agus chabhraigh siad leis na bochtáin agus leo siúd gan chosaint. Inniu leanann ár gcoimeádaithe síochána san NA agus ár n-oibrithe forbartha idirnáisiúnta ar fud na cruinne sa traidisiún uasal sin, agus cabhraíonn carthanaíochtaí cosúil le Trócaire agus Concern le teifigh agus leo siúd atá ag fulaingt inniu de bharr gorta
Chuir daoine a raibh creideamh láidir Críostaí acu oideachas ar fáil dár bpáistí nuair nach ndearna an Stát é, amuigh faoin spéir i scoileanna scairte, agus sna scoileanna agus sna hinstidiúidí a thóg siad. Is iad a bhunaigh na hospidéil is sine atá againn, a d’aimsigh agus a d’íoc an fhoireann iontu agus a chuir leas sóisialach ar fáil do mhórán dár saoránaigh. Smaoinimid ar na heagraíochtaí iontacha inniu atá ag leanúint leis an obair sin, N. Uinseann de Pól, gan ach ceann amháin a luadh.
Tá sé éasca dearmad a dhéanamh nár bhunaigh an Stát Éireannach, a bunaíodh in 1922, Roinn Sláinte ná Roinn Leasa Shóisialaigh go dtí 1947.
An lá atá inniu ann, is iad seo an dá Roinn Rialtais is mó agus a bhfuil an maoiniú is mó acu, agus idir an dá cheann, tá siad freagrach as os cionn leath de chaiteachas an Rialtais inniu. Meastar anois gur bunfheidhm Stáit í cúram sláinte, oideachas agus leas sóisialach a chur ar fáil. Nuair a bunaíodh an Stát, ní mar sin a bhí. Líon an Eaglais Chaitliceach an bearna sin chun sochair d’iliomad glúnta dár muintir. Táimid buíoch ó chroí den chúnamh sin.
Fiú inniu, agus muid ag streachailt le ganntanas tithíochta agus easpa dídine, líonann eagraíochtaí Caitliceacha agus daoine ar spreag a gcreideamh Caitliceach iad, bearna trí sheirbhísí a sholáthar, mar shampla, tríd eagraíochtaí cosúil le CrossCare.
A Athair Ró-Naofa, le linn do phápacht, tá an comhbhá a mhothaíonn tú dóibh siúd atá ar imeall na sochaí feicthe againn, dóibh siúd nár éirigh leo ár rathúnas a roinnt, dóibh siúd a shleamnaigh tríd an gcóras.
Níos déanaí inniu tabharfaidh tú cuairt ar an Ionad Lae Caipisíneach agus cuireann sé sin i gcuimhne dúinn an méid oibre atá fós le déanamh againn chun a chinntiú go gcomhlíonfar gealltanas an Tiomna Nua, go ndéanaimis lúcháir san fhírinne, go gcosnóimis i gcónaí, go mbeidh muinín againn i gcónaí, go mbeidh dóchas againn i gcónaí, go leanfaimid ar aghaidh i gcónaí. Agus nach teipfidh orainn riamh.
Ag amanna áirithe is amhlaidh gur theip orainn. Tá ‘gnéithe dorcha’ ann a bhaineann le stair na hEaglaise Caitlicí, mar a dúirt easpag anseo le déanaí. Smaoinimid ar fhocail an tSailm a insíonn dúinn ‘is oidhreacht ón Tiarna iad páistí’ agus cuimhnimid ar conas ar cruthaíodh oidhreacht shearbh agus bhriste d’iliomad daoine ó chliseadh na hEaglaise, an Stáit agus na sochaí i gcoitinne, rud a d’fhág pian agus fulgaint ina dhiaidh.
Is stair í atá loite le brón agus le náire.
In ionad na carthanachta Críostaí, maithiúnas agus comhbhá, go rómhinic bhí breithiúnas, déine agus cruálacht, go háirithe i leith ban agus páistí agus daoine ar an imeall.
Is smál ar ár Stát, ár sochaí mar aon leis an Eaglais Chaitliceach féin iad na Neachtlanna Maighdiléana, na hÁrais Máithreacha agus Naíonán, na scoileanna saothair, an t-uchtú neamhdhleathach agus míúsáid páistí chléiriúil. Tá na créachtaí fós oscailte agus tá an-chuid le déanamh chun ceartas agus fírinne a bhaint amach, agus chun go leigheasfar na híospartaigh agus na marthanóirí.
A Athair Ró-Naofa, iarraim ort go mbainfidh tú úsáid as d’oifig agus as an tionchar atá agat chun cinnte a dhéanamh de go dtarlaíonn an méid sin anseo in Éirinn agus ar fud an domhain.
Le roinnt seachtaine anuas, tá scéalta coscracha cloiste againn go léir ó Pennsylvania maidir le coireanna brúidiúla déanta ag daoine laistigh den Eaglais Chaitliceach, agus conas a rinneadh iad a cheilt chun an institiúid a chosaint, is cuma faoi na híospartaigh neamhchiontacha. Nach maith a n-aithnimid an scéal tragóideach sin anseo in Éirinn.
Ní féidir glacadh beag ná mór le míúsáid páistí neamhchiontacha ná leo siúd a éascaíonn an mhíúsáid sin.
Ní mór dúinn anois cinnte a dhéanamh de go n-eascraíonn gníomh as briathra.
Thar aon rud eile, a Athair Naofa, iarraim ort éisteacht leis na híospartaigh.
Is áit an-difriúil í Éire sa 21ú haois ná mar a bhí sí san am atá thart. Tá sí ag éirí níos éagsúil i rith an ama.
Ní anseo a rugadh duine amháin as gach seisear, agus tá níos mó daoine a bhfuil creideamh eile acu, nó ar féidir leo a fhógairt go compordach nach mbaineann siad le haon reiligiún eagraithe.
Vótálamar sa Dáil agus trí reifreann chun ár ndlíthe a chur in oiriúint don lá atá inniu ann – tuiscint a bheith againn nach n-éiríonn le gach pósadh, gur chóir go ndéanfadh mná a gcinntí féin, agus go bhfuil go leor teaghlaigh éagsúla ann, lena n-áirítear teaghlaigh ina bhfuil seantuismitheoir ina cheannas nó ina ceannas, tuismitheoir aonair nó tuismitheoirí comhghnéis nó tuismitheoirí atá colscartha.
A Athair Naofa, creidim go bhfuil an t-am tagtha anois chun caidreamh nua a thógáil idir an eaglais agus an stát in Éirinn – comhaontú nua don 21ú hAois. Táim dóchasach le do chuairt anseo inniu go bhfuilimid ag ceiliúradh tús ré nua sa chaidreamh idir Éirinn agus an Eaglais Chaitliceach.
Caidreamh ina mbeidh éagsúlacht agus rogha níos mó ann maidir le pátrúnacht ár scoileanna – agus ina mbeidh éiteas saoránaigh agus eolaíochta le brath sna hOspidéil atá maoinithe go poiblí.
Agus muid ag cur leis an stair atá fite fuaite eadrainn, agus ag foghlaim ó bhutúin choiteann, d’fhéadfadh sé nach mbeidh an reiligiún mar lárphointe na sochaí a thuilleadh, ach go mbeidh áit tábhachtach aige fós.
Is tír difriúil í Éire ná mar a bhí sí 39 bliain ó shin. Is tír fós í Éire an lae inniu ina bhfuil creideamh, spiorad agus luachanna le fáil. Teaghlach, pobal, fiontraíocht, cóir shóisialta, éagsúlacht, oscailteacht agus idirnáisiúnacht, comhionannas os comhair an dlí, agus saoirse an duine aonair – is luachanna iad seo a dhéanann cur síos ar an bPoblacht lena bhfuilimid ag dréim.
Gabhaimid buíochas leat as do chuairt, agus iarraimid ort guí ar ár son agus muid ag tosú ar an aistear sin le chéile.