Scipeáil chuig an bpríomhábhar
Gov.ie - lógó an tionscadail

Príomh-nascleanúint

  • Ranna
  • Comhairliúcháin
  • Foilseacháin
  • Polasaithe
  • Íomha: Deighilteoir
  • Teanga
    • English
    • Gaeilge (bailí)
  • Íomha: Cnaipe cuardaigh
Polasaí

Spórt

Foilsithe: 21 Márta 2019

Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán 

Achoimre
Foilseacháin
  1. Spórt
  2. Tionchar eacnamaíoch
  3. Seirbhísí

Spórt

Thar na blianta, is iad eagraíochtaí spóirt agus oibrithe deonacha a bhí ina gcnámhdroma ar chúrsaí spóirt in Éirinn. Trí thógáil ar an oidhreacht sin saibhrítear saol rannpháirtithe gníomhacha chomh maith le tír gur mór aici féiniúlacht pobail áitiúil agus gaiscí a gcuid laochra spóirt.

Tá tairbhe eile ag spórt agus fóillíocht don náisiún go heacnamaíoch maidir le turasóireacht spóirt, deiseanna fostaíochta trí fhás san earnáil, agus go sóisialta maidir le sláinte fhisiciúil agus ó thaobh meabhairshláinte agus folláine.

Tuairiscíodh i suirbhé Monatóir ar Spórt Éireannach 2019 go nglacann 46% den daonra páirt go rialta i spórt, méadú ó 43% sa bhliain 2017. Is éard atá i gceist leis seo ná go nglacann 1.7 milliún duine páirt go rialta anois i spórt, a léiríonn 150,000 rannpháirtithe breise ó 2017. Tugadh le fios sa tuarascáil ISM chéanna go bhfuil 47% páirteach i bhfoirm shóisialta de rannpháirtíocht sa spórt (ag freastal ar imeachtaí, ballraíocht i gclub nó obair dheonach), tá méadú tagtha air sin ó 45% i 2017.

Is féidir le spórt ról a bheith aige chomh maith le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha maidir le hiompar frithshóisialta, go háirithe nuair a dhéantar iad a thairiscint mar chuid de chláir forbairt phearsanta nó i gcomhar le seirbhísí pobail agus óige. Is féidir le rannpháirtíocht ghníomhach agus shóisialta ó imircigh agus ó mhionlaigh eitneacha cuidiú leo dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta a mhothaíonn siad go minic.

Tionchar eacnamaíoch

Cuireann an spórt go suntasach leis an eacnamaíocht.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí:

  • go gcaitheann teaghlaigh Éireannacha €3.3 billiún in aghaidh na bliana ar spórt agus ar earraí agus seirbhísí atá bainteach le spórt, atá cothrom le 3.1% de luach caiteachais tomhaltóra i ngeilleagar na hÉireann
  • cuireann caiteachas atá bainteach le spórt luach €3.7 billiún le geilleagar na hÉireann, ar ionann é agus 1.4% d’Olltáirgeacht Intíre (GDP) uile-gheilleagrach
  • ar gach €100 a d’infheistigh an Rialtas, fuair sé €209 ar ais i gcánacha
  • tacaíonn spórt agus gníomhaíochtaí atá bainteach le spórt le os cionn 64,000 post coibhéis lánaimseartha, os cionn 2.8% den leibhéal fostaíochta ar an iomlán in Éirinn
  • meastar to bhfuil luach eacnamaíoch €1.5 billiún in aghaidh na bliana ag gníomhaíocht maidir le hobair dheonach atá bainteach le spórt

Tá ról speisialta ag spórt chomh maith le dul i ngleic le fadhbanna maidir le mí-úsáid drugaí, coiriúlacht agus eisiamh sóisialta, go háirithe i measc daoine óga atá ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta agus go heacnamaíoch.

Is gné thábhachtach eile é ardfheidhmíocht a fhorbairt i spórt Éireannach taobh istigh de straitéis spóirt náisiúnta ar an iomlán. Cuireann ardfheidhmíocht i gcúrsaí spóirt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, atá bunaithe ar fhealsúnacht spóirt atá saor ó dhrugaí, eiseamláir dhearfacha ar fáil chomh maith le cur lenár dtuiscint ar ár bhfiúntas go náisiúnta, agus cur le híomhá na hÉireann thar lear.

Is iad mórspriocanna na hÉireann chomh fada is a bhaineann sé le spórt ná:

  • rannpháirtíocht agus suim sa spórt ag gach leibhéal a mhéadú
  • caighdeáin maidir le himirt a fheabhsú agus saoráidí spóirt ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a fheabhsú
  • leagann an Beartas Spóirt Náisiúnta 2018 - 2027 spriocanna atá le baint amach ag spórt Éireannach sna blianta atá amach romhainn

Áirithe ina measc tá:

  • ardú i rannpháirtíocht sa spórt ar an iomlán ó 43% go dtí 50% den daonra faoi 2027 (ar ionann é agus 260,000 duine breise ag glacadh páirte sa spórt)
  • maoiniú atá níos spriocdhírithe ar ardfheidhmíocht chun níos mó bonn Oilimpeach/Parailimpeach a sholáthar (Ó 13 bonn a fháil i 2016 go dtí sprioc de 20 bonn i 2028)
  • go nglacfaidh gach comhlacht spóirt atá maoinithe leis an gCód Cleachtais chun Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Carthanacht in Éirinn a Rialú (CVC)

Seirbhísí

Oibríonn an Roinn chomh maith na cláir deontais seo a leanas d'fhonn cuidiú le saoráidí spóirt a fhorbairt nó a athchóiriú chomh maith le trealamh spóirt a chur fáil.

  • Cláir Chaipitil Spóirt
  • An Ciste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF)
  • Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
BETA

Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú

Cabhrú linn feabhas a chur ar gov.ie
Tabhair do mheas

Ná cuir sonraí pearsanta isteach sa bhosca thíos.
Déanfar anailís ar an eolas a sheol tú chughainn chun an suíomh a fheabhsú.
Ní thabharfar freagra faoi leith duit, áfach

An bhfuil an leathanach seo fóinteach? * (ag teastáil)

Max: 0/400

Seol
Go raibh maith agat as do chuid tuairimí.
Ní bhfuair muid do chuid tuairimí. Déan iarracht arís.

Seirbhísí agus eolas

  • Airgead agus Cáin
  • Cóir
  • Fostaíocht
  • Gnó
  • Iompar
  • Leas Sóisialta
  • Oideachas
  • Rialtais Áitiúil
  • Rialtas Náisiúnta
  • Scoileanna agus d'fhoireann na scoile
  • Sláinte
  • Tamhlaíocht
  • Teaghlach agus Caidrimh
  • Timpeallacht
  • Tithíocht

Ranna agus foilseacháin

  • Ciorcláin
  • Comhairliúcháin
  • Eolaire
  • Foilseacháin
  • Polasaithe

Maidir le gov.ie

  • Beartas príobháideachais
  • Inrochtaineacht
  • Maidir le gov.ie
Íomha: Marc oifigiúil Rialtais na hÉireann