Fógraíonn an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Catherine Martin clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Clár cuimsitheach, íogair agus fiúntach chun cuimhneamh ar an tréimhse chasta agus phianmhar seo inár gcuid staire, ina n-aithnítear dlisteanacht gach traidisiún agus ina léirítear ómós don chóimheas agus don bharántúlacht stairiúil
D’fhoilsigh an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022 ar líne inniu (23 Feabhra 2022).
Leithdháil an Rialtas €5 mhilliún ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le seachadadh an chláir chomórtha tras-rialtais i mbliana – ag coinneáil leibhéil mhaoinithe ar aon chéim le leithdháileadh na bliana seo caite. Tá comhpháirtithe stáit agus eagraíochtaí eile ag cur maoiniú ar fáil freisin óna gcuid acmhainní féin chun tacú le tionscnaimh agus le cláir.
Áirítear ar na céad chomóradh suntasach a tharlóidh i mbliana:
- Tabhairt ar Lámh Chaisleán Bhaile Átha Cliath - reáchtáladh imeachtaí, lena n-áirítear comóradh Stáit ar an 16 Eanáir chun an comóradh céad bliain seo a cheiliúradh; agus
- Bunú foirmiúil Shaorstát Éireann, Nollaig 2022
Tá ceithre shnáithe théamacha sa chlár; Searmanas Stáit, Iniúchadh Stairiúil, Pobal agus agus Samhlaíocht Chruthaitheach. Leanfaidh comhpháirtithe stáit, údaráis áitiúla, forais náisiúnta cultúir, institiúidí foghlama, caomhnóirí taifead, eagraíochtaí meán agus craolacháin, ealaíontóirí agus pobail chruthaitheacha, leis an ról ceannaireachta atá acu maidir le tionscnaimh a choimeád chun tacú le rannpháirtíocht phoiblí leis na cuimhneacháin seo agus téamaí gaolmhara atá measúil, cuimsitheach agus fiúntach.
Beidh cruinneas stairiúil, ardchaighdeán acadúil agus fionnachtain chartlainne fós ina bpríomhphrionsabail mar bhonn faoin gclár don tréimhse chuimhneacháin atá le teacht. Tá sí mar aidhm ag an gclár deiseanna spéisiúla agus samhlaíocha a chruthú a spreagann a oiread daoine agus is féidir machnamh a dhéanamh ar ár stair chomhroinnte agus ar cé chomh casta is atá sí, i dtimpeallacht mheasúil agus thacúil.
Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Ó thaobh comórtha de, bliain thábhachtach agus íogair a bheidh in 2022 agus muid ag cuimhneamh ar chéad bliain ó thosaigh an Cogadh Cathartha i mí an Mheithimh.
"Is é cuspóir Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán ná deiseanna a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht mheasúil agus fhiúntach gach duine a bhfuil spéis acu sa tréimhse chomórtha seo agus béalaí a sholáthar ar féidir le saoránaigh ag gach aois plé a dhéanamh ar ár stair chomhroinnte.
"Beidh cur chuige an Stáit maidir leis an tréimhse dheiridh seo de chuimhneacháin bunaithe i gcónaí ar na treoirphrionsabail a leag an Sainghrúpa Comhairleach do na Cuimhneacháin Chéad Bliain síos agus ar an éiteas measúil agus barántúil, atá i gcroílár Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”
Duirt an Tánaiste, Leo Varadkar TD:
“Bliain thar a bheith tábhachtach is ea í 2022 i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Déanfaimid comóradh ar 100 bliain ó bunaíodh an Stát, ar bhásanna Michael Collins, Arthur Griffith agus Cathal Brugha, ar Thoghchán an Chonartha agus ar bhriseadh amach Chogadh an gCarad. Déanfaimid comóradh ar bhealach tuisceanach, ionchuimsitheach agus barántúil a spreagfaidh machnamh agus plé gan cur in éadan dílseachtaí aon duine.
"Trí mheáin éagsúla, mar shampla, an fhilíocht agus podchraoltaí, taighde áitiúil agus taispeántais ealaíne, féachfaimid ar bhunú an Stáit mar aon le héachtaí agus imeachtaí léanmhara na tréimhse sin. Ar an mbealach seo, is féidir leis an Stát, lenár n-insitiúidí cultúrtha agus oideachais agus lenár bpobail comóradh measúil a dhéanamh agus teachtaireacht a thabhairt faoi Éirinn sa lá atá inniu ann agus faoi stair na tíre seo.”
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“D’oibrigh daoine ar fud an Rialtais ar an gclár iontach seo a fógraíodh inniu, ina bhfuil comhpháirtíochtaí náisiúnta agus áitiúla, agus cuidiú ó ghrúpaí ealaíon agus cultúrtha agus institiúidí foghlama. Tugann 2022 deis thráthúil dúinn mar thír atá tar éis teacht in aibíocht machnamh a dhéanamh ar roinnt de na cuimhneacháin chéad bliain agus na téamaí dúshlánacha a bhain le 1922 lena n-áirítear cogadh cathartha atá piamhar dúinn fós. Is féidir linn breathnú ar na himeachtaí seo le súile úra, tacaithe ag saibhreas scoláireachta agus acmhainní – atá ar cheann d’oidhreachtaí móra Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.”
Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Shainghrúpa na gCuimhneacháin Chéad Bliain:
“Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, léirigh muintir na hÉireann go soiléir dúinn conas ba mhaith leo go gcuimhneofaí ar na himeachtaí seo – le macántacht, ionracas, meas agus anailís fhíorasach. Ba mhaith le daoine a bheith in ann an t-eolas agus an fhianaise maidir leis na himeachtaí stairiúla a tharla a mheas agus teacht ar a gconclúidí féin. Cuimsíonn clár 2022 saibhreas scoláireachta, taighde nua, agus féachaint i gcartlann náisiúnta agus áitiúil. Tá siad seo fós ina dtacaíochtaí riachtanacha do gach duine agus a mbealaí féin á ndéanamh acu tríd na cuimhneacháin. I ngach rud a dhéanaimid, tá freagracht orainn go léir an spiorad oscailte, cuimsitheach, flaithiúil agus comhoibríoch cuimhneacháin ar éirigh chomh maith sin leis le blianta beaga anuas a chosaint.”
Cuimsíonn an clár comórtha do 2022 éagsúlacht shaibhir tionscnamh – gach ceann díobh coimeádta go cúramach chun spás a chruthú inar féidir le daoine a bheith saor chun plé a dhéanamh ar a gcuid staire, ag machnamh ar thábhacht agus ar oidhreacht na n-imeachtaí a tharla céad bliain ó shin. Soláthróidh comhpháirtíochtaí agus gníomhaíochtaí nua deiseanna chun cuimhneacháin an chomórtha agus téamaí gaolmhara a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh orthu.
Tá an clár bunaithe ar threoirphrionsabail agus ar chomhairle Shainghrúpa Comhairleach na gCuimhneacháin Céad Bliain. Agus an Clár á fhorbairt, chuathas i gcomhairle chomh maith leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí ar Chuimhneacháin, a bhfuil an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina cathaoirleach air.
Is doiciméad beo é an clár agus déanfar é a nuashonrú tuilleadh de réir mar a dheimhnítear tionscnaimh agus tionscadail nua. I measc bhuaicphointí an chláir tá:
Tá sonraí ar an raon iomlán tionscnamh agus gníomhaíochtaí pleanáilte leagtha amach faoi gach ceann de na snáitheanna téamacha de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is féidir an clár iomlán do 2022 a fheiceáil ar líne nó a íoslódáil anseo: Decade of Centenaries Programme