Beidh saoránaigh, feirmeoirí, úinéirí gnó agus eagraíochtaí pobail in inmhe leictreachas a dhíol isteach san eangach faoi scéim nua atá á forbairt ag an Aire Aeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh saoránaigh, feirmeoirí, gnólachtaí agus grúpaí pobail in inmhe leictreachas a dhíol isteach san eangach faoi scéim nua atá á forbairt ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamonn Ryan TD.
Táthar ag forbairt Scéim Tacaíochta Micrea-Ghiniúna (MSS) nua le bealach chun margaidh a sholáthar do shaoránaigh agus do phobail. Ligfidh sé seo dóibh a leictreachas in-athnuaite féin a ghiniúint, agus praghas cothrom a fháil nuair a dhíolfaidh siad an farasbarr isteach san eangach.
Féachann dearadh na Scéime freisin leis na nithe seo a leanas: an tsamhail ‘féin-thomhaltóir in-athnuaiteán’ maidir le giniúint agus le tomhailt fuinnimh in Éirinn; tacú le rannpháirtíocht an phobail agus na saoránach san aistriú go geilleagar glan-nialasach charbóin; agus chun rannchuidiú lenár spriocanna 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Ligfidh an scéim seo do dhaoine agus do phobail a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha san aistriú fuinnimh. Trí leictreachas dá gcuid féin a tháirgeadh agus a dhíol, beidh saoránaigh, feirmeoirí, úinéirí gnó agus eagraíochtaí pobail in inmhe a gcostais fuinnimh a shábháil agus a lorg carbóin a laghdú. Molaim do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a thabhairt.”
Freastalóidh micrea-ghineadóirí go príomha ar a riachtanais tomhaltais féin ach beidh siad in inmhe íocaíocht a fháil as farasbarr leictreachais a onnmhairítear ar ais chuig an eangach. Cinnteoidh an Scéim go bhfuil cothromas sna tacaíochtaí a chuirfear ar fáil agus sa dóigh a ndéanfar costas na tacaíochta a dháileadh. Mar chuid den dearadh, caithfidh micrea-ghineadóirí na híoscheanglais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chomhlíonadh dá réadmhaoin.
Tugann an tAire Ryan cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán ar an dóigh a bhfeidhmeoidh an scéim. Tá an comhairliúchán mar chuid de ghluaiseacht níos leithne i dtreo rannpháirtíocht níos mó saoránach i mbeartas fuinnimh, rud a gealladh i gClár an Rialtais 2020.
CRÍOCH