Fógraíonn an tAire O’Donovan saorchead isteach chuig láithreacha cuairteoirí OPW ag tacú le plean téarnaimh agus athoscailte an Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair Patrick O’ Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), go maithfear táillí iontrála chuig láithreacha oidhreachta OPW atá ar oscailt, ag teacht le plean téarnaimh agus athoscailte an Rialtais mar atá leagtha amach in The Path Ahead. Is féidir taisteal idirchontae a dhéanamh arís agus osclaíodh músaeim agus gailearaíthe arís an tseachtain seo; mar sin, tacóidh an beart seo le turasóireacht intíre agus gnóthais áitiúla trí dhaoine a spreagadh um an iliomad láthair oidhreachta OPW ar fud na tíre a aimsiú agus taitneamh a bhaint astu ar feadh an tsamhraidh atá romhainn. Tá an beart seo i bhfeidhm láithreach agus mairfidh sé go deireadh na bliana.
Dúirt an tAire inniu:
“Táimid i dtús chéim téarnaimh na paindéime, ach is geal linn na laethenta gréine a raibh súil againn leo ach a bhí ceilte orainn le tamall fada. Le linn na srianta, choinnigh OPW páirceanna agus gairdíní ar fud na tíre faoina stiúir ar oscailt gach áit ab’fhéidir é sin a dhéanamh ar bhonn sábháilte, um thacú le maitheas an phobail in am an ghátair. Ó dheireadh mhí Aibreáin, osclaíodh na spásanna lasmuigh ag cuid mhór de na láithreacha stairiúla; ó thús na seachtaine seo, athosclaíodh láithreacha ícónacha mar Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Caisleán Chill Chainnigh. Anois, agus tuilleadh láithreacha oidhreachta ar oscailt agus srianta taistil á scaoileadh, tá deis nua againn an saibhreas atá faoi chúram OPW ar son an náisiúin a chuardach. Cuirfidh daoine atá ag cuardach roghanna um shaoire in Éirinn spéis san tionscnamh atá á fhógairt agam inniu mar chuid de phlean téarnaimh an Rialtais.”
Roimh Covid-19, bhí breis agus naoi milliún cuairteoirí in aghaidh na bliana ar láithreacha OPW, cuid mhór acu ó thíortha eile, ag cur go mór le turasóireacht cultúrtha agus oidhreachta in Éirinn. Beidh malairt scéil ann i mbliana; scaoiltear srianta ar láithreacha OPW go cúramach de réir treoirlínte shláinte phoiblí, chun sábháilteacht foirne agus cuairteoirí a chinntiú agus sinn ar an mbealach téarnaimh. Cheana féin tá 54 as 90 láthair OPW le seirbhísí do chuairteoirí ar oscailt, i bpáirt nó in iomlán. Mar sin, tá ábhar suime do chách um chuardach nó taitneamh: tuamaí neoiliteacha atá níos sine ná na pioraimidí ag Brú na Bóinne, Cnómha, Dubhadh agus Loch Craobh; dúin chloiche mar Dhún Aonghasa; caisleáin mheánaoiseacha ag Baile Átha Troim agus An Chathair; láithreacha stairiúla catha mar Chath na Bóinne ag An Seandroichead; oileáin draíochta mar Oileán an Chuilinn in Iarthar Chorcaí; tithe móra imeasc páirceanna áilne mar Theach Bhaile an Chaisleáin, i gCill Droichid, Cúirt Dhún ar Aill i gCo. Chorcaí, agus Cúirt Ioma i gCo. Laoise; teach teaghlaigh Dhónail Uí Chonaill – Teach Dhoire Fhíonáin – agus teachín samhraidh an Phiarsaigh ag Ros Muc. Is fada le lua an liosta; moltar do chuairteoirí úsáid a bhaint as an mapa ar www.heritageireland.ie chun turais a phleanáil agus eolas a fháil maidir le láithreacha, uaireanta oscailte agus socruithe áirithinte.
Léiríonn taighde a dhéan Fáilte Ireland gur luaigh líon suntasach de na cuairteoirí intíre láithreacha staire agus cultúir ar na cúiseanna a spreag iad chun cuairt a thabhairt ar áiteanna in Éirinn. Mar sin, don dara bhliain as a chéile, tá an tAire ag tacú leis an margadh turasóireachta intíre trí chead isteach saor in aisce a ligean ag láithreacha oidhreachta uile OPW a mbeadh táille orthu de ghnáth.
Dúirt an tAire:
“Bhain an phaindéim tuairt abhalmhór as an eacnamaíocht agus thug dúshlán gan choinne don earnáil turasóireachta a bhfuil an oiread sin post ag brath air. Leanann an Rialtas ag tacú le gnóthais san earn ail turasóireachta. Tá áit ar leith ag láithreacha oidhreachta OPW ar an mbealach téarnaimh mar láithreacha taitneamhacha um chuairteanna do chách.”
Tá srianta Covid-19 i bhfeidhm ag na láithreacha atá ar oscailt; ach go háirithe, tá srianta in áiteanna laistigh um scaradh sóisialta a choinneáil, le líon teoranta cuairteoirí agus cosc isteach ar áiteanna áirithe. San am céanna tá páirceanna agus gairdíní OPW lasmuigh ar oscailt do chách agus ról lárnach acu maidir le spraoi amuigh faoin spéir a spreagadh le linn an tsamhraidh, ag teacht le mana an Rialtais ‘Bí slán, bí amuigh’.
Dúirt an tAire:
“Mar phobal, is mó mí-ádh a thit orainn le cúpla mí anuas. Tá súil agam, leis an mbeart seo, a mheabhrú do dhaoine an saibhreas atá ar thairsigh acu agus iad a spreagadh um chuidiú le tionscal turasóireachta na hÉireann le linn 2021. Tá súil agam go n-aimseoidh daoine gnéithe nua nó gur féidir cuimhní a mhúscailt trí chuairt a thabhairt ar láthair stairiúil lena muintir féin. Molaim do chách bogadh leo amach agus féach cad atá le fáil ar fud Éireann.”
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí:
Tá eolas faoi láithreacha OPW atá ar oscailt do chuairteoirí ar www.heritageireland.ie chomh maith le sonraí faoi uaireanta oscailte agus eolas bainteach eile. Féadfar srianta ar áiteanna áirithe a athrú ó am go ham, mar sin moltar do chuairteoirí eolas a lorg ón láthair roimhré.
I gcás cuid de na láithreacha ar a bhfuil móréileamh, ní foláir réamháirithint a dhéanamh – ar líne, trí riomhphost nó ar theileafón. Léirítear é seo ar shuíomh gréasáin Oidhreacht Éireann.
Féach anseo thíos liosta de na láithreacha OPW atá ar oscailt.