Tugann an Rialtas aghaidh ar Ghníomhú ar son na hAeráide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Foilseoidh an Rialtas an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide inniu (Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2019), plean an rialtais chun Éire níos glaine, níos inbhuanaithe, níos sláintiúla a bhaint amach don ghlúin amach anseo. Foilseoidh an rialtas pleananna oiriúnaithe inniu, chomh maith, do 12 phríomhearnáil, lena chinntiú go bhfuilimid ullamh don tionchar a imríonn cur isteach na haeráide cheana féin i roinnt limistéar agus tabhairt faoi ghealltanais na hÉireann chun cabhrú leis an bpláinéad a chosaint.
Dúirt an Taoiseach
“Tá a bpáirt le glacadh ag gach duine chun an ghéarchéim aeráide a réiteach. Imreoidh sé tionchar ar gach earnáil, gnólacht agus teach. Caithfimid oibriú as lámh a chéile chun todhchaí níos glaise, níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos sábháilte a bhaint amach. Beidh tithe níos teo, aer níos glaine, foinsí fuinnimh níos sláine, poist ghlasa, gnó glas agus saibhreas nua, iompar níos fearr, pobail athléimneacha, spásanna nua caitheamh aimsire agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla againn. Is eol dúinn an méid is gá a dhéanamh. Táimid ag glacadh, i ndiaidh thuarascáil an lae inniu ar dhul chun cinn, le cuntasacht lena chinntiú go ndéantar é seo.”
Leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, a foilsíodh ní ba luaithe i mbliana agus atá faoi stiúir an Aire Bruton, gníomhartha i measc gach earnála den tsochaí a chinnteoidh go sásaímid ár ngealltanais aeráide don bhliain 2030, agus a leagfaidh cúrsa amach dúinn le bheith neodrach ó dtaobh astaíochtaí de faoin mbliain 2050 má chloímid leis.
Taispeánann an Tuarascáil inniu gur sholáthraíomar 85%, nó 149 de na gníomhartha a bhí le soláthar i Ráithe 2 agus 3 i mbliana, agus go bhfuil na cinn eile ar bun agus go bhfuil siad le soláthar faoi dheireadh na bliana.
Na Príomh-Gharspriocanna a baineadh amach ó rinneadh an plean a fhoilsiú:
Leanfaidh an Bord Soláthair um Ghníomhú ar son na hAeráide le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun dúshláin a shainaithint atá roimh na gníomhartha eile nár baineadh amach go fóill a sholáthar.
Dúirt an tAire Bruton
“Ní éireoidh linn an mórathrú a theastaíonn a dhéanamh ach trí iarracht mharthanach chomhsheasmhach i measc gach earnála. Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ár dtreoirphlean chun cinn, agus áirítear leis na gníomhartha a chinnteoidh go sásaímid ár ngealltanais aeráide amach anseo agus go ndéanfaimid amhlaidh ar bhealach a leagann an t-ualach is lú ar an tsochaí. Is ionann seo agus dul chun cinn maith ach caithfimid machnamh a dhéanamh ar cén bacainní atá romhainn roimh sholáthar 100% a bhaint amach agus a chinntiú go leanaimid leis an dícheall i ngach limistéar.”
Foilseoidh an rialtas pleananna oiriúnaithe inniu do 12 phríomhearnáil. Is iad na 12 phríomhearnáil seo: Bia Mara, Talmhaíocht, Foraoiseacht, Bithéagsúlacht, Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta, Bonneagar Iompair, Gréasáin Leictreachais agus Ghás, Gréasáin Chumarsáide, Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte, Cáilíocht an Uisce, Bonneagar Seirbhísí Uisce agus Sláinte.
Sainaithnítear i ngach Plean na príomhrioscaí atá i gceist ar fud na hearnála agus an cur chuige a bhfuiltear ag tabhairt faoi chun dul i ngleic leis na rioscaí seo agus athléimneacht aeráide a fhorbairt amach anseo.
Dúirt an tAire Bruton
“Caithfimid ár n-iarrachtaí a dhíriú ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm. Seo iad na gníomhartha a leagann an t-ualach is lú inniu a bhainfidh todhchaí inbhuanaithe amach don chéad ghlúin eile. Faoi mar a leagtar amach sa Phlean, caithfimid a chinntiú, chomh maith, go bhfuil an Stát réidh chun daoine a chosaint ó éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide in Éirinn agus go dtugaimid faoi ghníomhartha cuí chun aon díobháil a dhéantar a theorannú. Is ionann na Pleananna um Oiriúnú Earnála seo agus céim thábhachtach lena chinntiú go bhfuil an Stát ullamh.”
Liosta na nGníomhartha a Soláthraíodh
Na 12 Phlean um Oiriúnú Earnála atá á bhfoilsiú inniu
Plean Oiriúnaithe Earnála | Príomhroinn/Príomhghníomhaireacht | Téama |
Bia Mara | An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara | Caipiteal Nádúrtha agus Cultúrtha |
Talmhaíocht | ||
Foraoiseacht | ||
Bithéagsúlacht | An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta | |
Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta | ||
Bonneagar Iompair | An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt | Príomhbhonneagar |
Gréasáin Leictreachais agus Gáis | An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil | |
Gréasáin Chumarsáide | ||
Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte | Oifig na nOibreacha Poiblí | Acmhainn Uisce agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte |
Cáilíocht an Uisce | An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil | |
Bonneagar Seirbhísí Uisce | ||
Sláinte | An Roinn Sláinte | Sláinte Phoiblí |