Daingníonn an tAire Donnelly frithghiniúint saor in aisce do mhná idir 17 - 25 bliana i mBuiséad 2022 - Dé hAoine an 22 Deireadh Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'aithin Tuarascáil an Ghrúpa Oibre maidir le Rochtain ar Frithghiniúint, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, na bacainní atá ann rochtain a fháil ar fhrithghiniúint do líon suntasach daoine in Éirinn lena n-áirítear inrochtaineacht, oideachas, cumas an lucht oibre agus costas. Agus é sin san áireamh, tá an Clár Rialtais tiomanta frithghiniúint saor in aisce a sholáthar do mhná, ag tosú leis an gcohórt aoise 17-25.
De réir an mhaoinithe a fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD i mBuiséad 2022, tabharfar an scéim seo isteach de réir a chéile ag tosú le mná níos óige 17 - 25 bliana ar lú an seans go mbeidh siad neamhspleách ó thaobh airgeadais de agus áit a léiríodh go bhfuil costas ina bhac níos mó maidir le rochtain a fháil ar fhrithghiniúint.
Forálfaidh an scéim don méid seo a leanas:
Meastar go gcuirfear réimse leathan roghanna frithghiniúna, atá ar fáil faoi láthair do shealbhóirí cárta leighis, ar fáil tríd an scéim seo. Áirítear leis seo instealltaí frithghiniúna, ionchlannáin, cineálacha éagsúla córais ionútaracha (IUS) nó feiste ionútarach (IUD; ar a dtugtar an corna go coitianta), an paiste agus an fáinne frithghiniúna, agus cineálacha éagsúla piolla frithghiniúna béil.
Dúirt an tAire Donnelly:
“D'aithin an obair a d'iarr mé ar mo Roinn a dhéanamh dírithe ar Shláinte na mBan go leor réimsí a gcaithfimid aghaidh a thabhairt orthu go tapa. Ceann díobh sin is ea an bac costais do go leor daoine atá ag úsáid frithghiniúna.
“Ní ceist sláinte ban go sonrach í frithghiniúint, agus ní úsáideann go leor mná frithghiniúint mar bhealach chun toircheas nach bhfuil uathu a chosc. Úsáidtear frithghiniúint chun an iliomad saincheisteanna sláinte ban eile a chóireáil, agus cumhdóidh príomhghné den scéim atá á tabhairt isteach agam costas suas le dhá chomhairliúchán in aghaidh na bliana le dochtúir teaghlaigh nó dochtúirí eile, rud a thugann cumhacht do mhná óga cineálacha frithghiniúna atá oiriúnach dá gcúinsí pearsanta agus dálaí míochaine a phlé.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird, go bhfuil roinnt rochtana ar fhrithghiniúint saor in aisce cumasaithe cheana féin, tríd an tSeirbhís Náisiúnta Dáileacháin Coiscíní (NCDS). Feidhmíonn an NCDS mar phointe lárnach chun coiscíní saor in aisce a dháileadh ar sheirbhísí FSS agus eagraíochtaí eile atá ag obair le daoine aonair agus le grúpaí atá i mbaol lena n-áirítear imircigh; daoine óga; daoine atá aerach, déghnéasach agus MSM eile; oibrithe gnéis; daoine a bhfuil fadhbanna andúile acu agus daoine a bhfuil VEID orthu.
“Tabharfaidh mé Plean Sláinte na mBan do 2022 chuig an Rialtas gan mhoill a dhéanfaidh iarracht aghaidh a thabhairt ar raon leathan saincheisteanna criticiúla sláinte na mban. “
D’fhonn am a thabhairt chun na tograí reachtacha riachtanacha a thabhairt ar aghaidh agus chun a chinntiú go gcuirfear socruithe seachadta seirbhíse i bhfeidhm trí na réimsí iomchuí den chóras cúram sláinte, samhlaítear go dtabharfar an scéim isteach ó Lúnasa 2022.
Tar éis mholtaí an Chomhchoiste um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, bunaíodh Grúpa Oibre in Aibreán 2019 chun raon na saincheisteanna beartais, rialála agus reachtacha a thagann chun cinn maidir le rochtain ar fhrithghiniúint in Éirinn a fheabhsú.
D'aithin tuarascáil ardleibhéil an Ghrúpa, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, na bacainní atá ann chun rochtain a fháil ar fhrithghiniúint agus na meicníochtaí atá ar fáil chun na bacainní sin a shárú, ag tabhairt dá haire go gcaithfidh aon togra beartais díriú ar inrochtaineacht, oideachas, cumas an lucht oibre chomh maith le costas.
Tá Grúpa Forfheidhmithe Frithghiniúna curtha ar bun laistigh den Roinn Sláinte, a thionóil a chéad chruinniú i mí Iúil agus atá ag obair go gníomhach faoi láthair chun cur i bhfeidhm na scéime seo a chur chun cinn mar ábhar práinne.
Ba chóir a thabhairt ar aird go bhfuil rochtain ag na daoine sin a bhfuil cárta leighis acu ar fhormhór na bhfoirmeacha frithghiniúna ar an gcostas is lú (faoi réir an mhuirir ar oideas amháin), tríd an scéim GMS (cárta leighis), agus go dtacaítear leo siúd a bhfuil cárta cuairte Dochtúra acu freisin mar laghdaítear an ghné a bhaineann le costais chliniciúil.
Clúdaíonn an Scéim Íocaíochta Drugaí, a bhfuil duine ar bith a bhfuil gnáthchónaí air in Éirinn incháilithe, costas earraí oideas, lena n-áirítear LARCanna, os cionn teorainn €114 in aghaidh na míosa. D’fhógair Buiséad 2022 go laghdófar an t-uasmhéid is iníoctha ag daoine aonair agus teaghlaigh faoin Scéim Íocaíochta Drugaí go €100 in aghaidh na míosa. Teastaíonn reachtaíocht leasaitheach chun foráil a dhéanamh don athrú seo, agus táthar ag súil go dtiocfaidh an tairseach nua i bhfeidhm go luath in 2022.
Cumasaíodh roinnt rochtana ar fhrithghiniúint saor in aisce cheana féin, tríd an tSeirbhís Náisiúnta Dáileacháin Coiscíní (NCDS), a bhunaigh Clár um Shláinte Ghnéis agus Thoirchis Ghéarchéime FSS (SHCPP) i mí Dheireadh Fómhair 2015.Feidhmíonn an NCDS mar phointe lárnach chun coiscíní saor in aisce agus saicíní bealaí a dháileadh ar sheirbhísí FSS agus eagraíochtaí eile atá ag obair le daoine aonair agus le grúpaí ar a bhfuil an baol is mó ó thaobh sláinte gnéis de.
Ina measc seo tá imircigh; daoine óga; daoine atá aerach, déghnéasach agus MSM eile; oibrithe gnéis; daoine a bhfuil fadhbanna andúile acu agus daoine a bhfuil VEID orthu. Ó 2017 go deireadh 2019, tá líon na n-eagraíochtaí atá ag ordú ón NCDS tar éis dúbailt.
Leathnaíodh an tseirbhís chuig institiúidí 3ú leibhéal go déanach in 2019. Anois is féidir le hinstitiúidí tríú leibhéal dáileoirí coiscíní a ordú ón FSS, a chuireann ar chumas coiscíní agus faisnéis sláinte gnéis a sholáthar saor in aisce do mhic léinn ar champais ar fud na tíre. Molann an SHCPP go rachfar i dteagmháil le hinstitiúidí 3 leibhéal, sula dtosófar ar fhreastal ar an gcampas i mí Mheán Fómhair, maidir lena rannpháirtíocht leis an NCDS
Cuirtear bileoga faisnéise ar fáil do na dáileoirí coiscíní, a thugann breac-chuntas do mhic léinn ar conas coiscíní a úsáid i gceart, agus a leagann béim ar a thábhachtaí atá sé coiscíní a úsáid go comhsheasmhach agus gach uair a tharlaíonn gnéas. Treoraíonn na bileoga faisnéise mic léinn chuig láithreáin ghréasáin faoi stiúir FSS agus maoinithe ag FSS chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shláinte agus folláine ghnéis; www.sexualwellbeing.ie agus www.man2man.ie.
Ba chóir a thabhairt ar aird freisin, cé gur féidir le frithghiniúint béil agus cineálacha éagsúla frithghiniúna inchúlaithe a bheith níos éifeachtaí chun toircheas a chosc, soláthraíonn coiscíní cosaint i gcoinne STIanna nach soláthraíonn cineálacha frithghiniúna. Meastar go n-éascófar leathnú leanúnach an NCDS de réir éilimh, d’fhonn tacú le riachtanais chosc STI agus cur chun cinn sláinte gnéis na ndaoine atá ina gcónaí in Éirinn.
Measann an Grúpa Oibre um Frithghiniúint gur ionann na costais bliana iomlána a sholáthraíonn frithghiniúint do mhná 17-24 bliana d’aois agus €18-22m; tá níos mó sonraí ar fáil tríd an Tuarascáil, atá foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://assets.gov.ie/38063/89059243e750415ebf7e96247a4225ae.pdf .
Chosnódh méadú na gcostas chun daoine 17-25 bliana d'aois a chlúdach tuairim is €20-€25m