Seolann an tAire O’Donovan Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu sheol an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., an Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnusice.Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm faoin leibhéal idirghníomhaíochta ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara lárnacha le linn an chomhairliúcháin ar an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnusice. Fuarthas breis agus 2,200 aighneacht. D’eist mé leis an aiseolas agus táim geallta um na moltaí leasaithe san Tuarascáil a chur i bhfeidhm; cuideoidh siad le sábháilteacht úsáideoirí uile na Páirceins na glúine atá romhainn.”
Tá meas ag an bpobal agus ag OPW ar Pháirc an Fhionnuisce mar spás glas uirbeach agus áineas náisiúnta atá luachmhar. D’aithin an Staidéar um Roghanna Iompair agus Réthaistil le haghaidh Pháirc an Fhionnusice na feidhmeanna casta éagsúla atá ag an bPáirc, ag cur san áireamh an tírdhreach stairiúil, na gnáthóga bithéagsúlachta, na tarraingtí do chuairteoirí agus na spásanna um chaitheamh aimsire, chomh maith leis na hinstitiúidí suntasacha agus áiteanna oibre.
Bhí comhairliúchán poiblí neamhreachtúil idir 29 Eanáir agus 12 Márta 2021. Ins an anailís iarchomhairliúcháin seo leagtar amach conas a riaradh an próiseas um chomhairliúchán poiblí, conas a idirghníomhaigh daoine leis an gcomhairliúchán poiblí agus coimrítear na ceisteanna agus cúiseanna imní a léirigh daoine sa phróiseas um chomhairliúchán poiblí. Tar éis mionbhreathnú a dhéanamh ar thuairimí an phobail, agus ag teacht le cuspóirí an staidéir um Roghanna Iompair agus Réthaistil, chuir an Grúpa Stiúrtha moltaí athchóirithe chuig an Aire O’Donovan, chun sochair úsáideoirí uile idir áitiúil agus náisiúnta, agus ag coimeád sláine agus cúlra ar leith Pháirc an Fhionnuisce.
Is iad seo a leanas na príomh-mholtaí agus céád bearta eile atá leagtha amach san tuarascáil seo:
1. Comeádfar na geataí ar fad ar oscailt mar is gnáth ach amháin i gcás Gheata na Cabraí; mar chuid den tionscnamh um bus-sheirbhís píolótach, ní bheidh cead isteach ach ag busanna le linn na tréimhse piolótaí.
2. Cuirfear tionscadail um fheabhsú siúlóide agus rothaíochta i bhfeidhm mar atá leagtha amach san Staidéar.
3. Tá athrú molta maidir leis an Bóthar Thuaidh; moltar anois bealach aontreo ó Gheata na Cabraí go Ceanncheathrú an Gharda Síochána ar an mbóthar seo.
4. Feidhmófar cul-de-sac ar Bhóthar Uachtarach an Ghleanna ar bhonn píolótach.
5. Beidh bus-sheirbhís phíolótach ó Stáisiún Heuston go Stáisiún Dhroichead Broome via Sráid Gheata na Páirce, Ascaill Chesterfield Avenue, Geata na Cabraí, ach maoiniú a bheith ar fáil.
6. Cuirfear tús láithreach le Straitéis Pháirceála a chur chun cinn agus athbhreithniú ar na Fo-dhlíthe.
7. Ní athrófar Geata Bhaile an Ásaigh go geata iontrála amháin, ná ní chuirfear cul-de-sac ar Bhóthar Chnoc Mhaolruain go fóill, go dtí go bhfaighfear tuiscint iomlán ar na tionchair dhóchúla ar na ceantair sa chóngar.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Tá an Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar fáil ag gov.ie/opw agus ag phoenixpark.ie . Tá achoimre físe ar fáil ar an dá shuíomh gréasáin seo freisin.
• Iomlán aighneachtaí a fuarthas: 2,294
• Cuairteoirí chuig an Seomra Fíorúil: 6,938
• Téann 85% de na freagróirí chun na Páirce chun úsáid a bhaint as na háieanna, cuairt a thabhairt ar tharraingtí, casadh ar chairde nó um chleachtadh faoin aer.
• Thacaigh 95% leis an bprionsabal gur ‘Páirc don phobal’ í; thacaigh 72% le ‘laghdú tráchta comaitéireachta’.
• Tacaíonn 91% le bithéagsúlacht agus tírdhreach stairiúil na Páirce a chosaint agus a chaomhnú.
• 30% de na freagróirí breis agus 50 bliain d’aois; 27% 40-49 mbliain & 30% 30-39 mbliain.
• Léirigh 59% go mbaineann siad úsáid as an bPáirc gach lá nó mórán uair sa tseachtain.
• Díobh siúd a thaistealaíonn chun na Páirce, téann 30% i ngluaisteáin, 30% ar rothair agus siúlann 30%. Ní úsáideann ach 6% an córas iompair poiblí.
• Úsáideann 8% de na freagróirí an Pháirc mar bhealach comaitéireachta.
• Úsáideann 3% de na freagróirí Páirc an Fhionnuisce um pháirceáil.
• Tacaíonn 83% le bealaí níos inbhuanaithí chun teacht ar an bPáirc.
• Thacaigh 83% le feabhsú ar áiseanna siúlóide agus rothaíochta, mar bhealaí rochtana.
• Thacaigh 77% le córas iompair poiblí chuig mórtharraingtí do chuairteoirí sa Pháirc.
• Thacaigh 74% leis an dtuairim gur do dhaoine ag tabhairt cuairt nó ag obair sa Pháirc iad na bóithre sa Pháirc.
• Is iad Príomhfheidhmeannaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair, Chomhairle Contae Fhine Gall agus Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chomh maith le Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí, atá ar an nGrúpa Stiúrtha.
Maidir le Páirc an Fhionnuisce:
• Is tírdhreach stairiúil, nádúrtha agus cultúrtha de shuntas idirnáisiúnta Páirc an Fhionnuisce, mar atá sainithe ag I.C.O.M.O.S, eagraíocht idirnáisiúnta atá geallta um chaomhnú oidhreachta.
• Tá sé ar cheann de na páirceanna deartha is mó i gcathair Eorpach – breis agus 700ha.
• Fuair an Pháirc an Gradam Óir um Pháirceanna Uirbeacha Domhanda ar a bhunú do, chomh maith le Gradaim an Bhrait Ghlais ó bronnadh in Éirinn iad.
• Tá breis agus 550 Fia Buí fiáine sa Pháirc.