Éire curtha ar Shrianta Leibhéal 5 den Phlean chun Maireachtáil le COVID-19 – le roinnt oiriúintí sonracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas inniu go gcuirfear srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go náisiúnta ó mheán oíche an 24 Nollaig. Déanfar roinnt oiriúintí sonracha ar Leibhéal 5, agus, ina theannta sin, beidh roinnt socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm le linn thréimhse na Nollag.
Tá líon fachtóirí breithnithe ag an Rialtas agus an cinneadh sé á dhéanamh aige, lena n-áirítear an imní atá ar NPHET faoin ardú tapa atá tagtha ar líon na gcásanna COVID-19 le roinnt laethanta.
Áirítear orthu nádúr an chaidrimh shóisialta is dócha a tharlóidh i rith thréimhse na Nollag, agus go mbeidh tuilleadh meascadh ann idir daoine níos óige agus níos sine, agus an baol go bhféadfadh sin ráig ionfhabhtaithe a mbeidh baol níos mó ag baint léi d'aoiseanna áirithe.
Tá na tionchair eacnamaíochta agus shóisialta a bhaineann le srianta Leibhéal 5 a thabhairt isteach breithnithe ag an Rialtas chomh maith. Íocfar an ráta dúbailte maidir le Scéim Tacaíochta Shrianta Covid (CRSS) ar feadh coicíse le gnólachtaí a bhfuil tionchar ollmhór ag na srianta orthu. Ina theannta sin, beidh na gnólachtaí sin ábalta leas a bhaint as faoiseamh rátaí tráchtála don chéad trí mhí den bliain 2021. Tá an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) ar fáil chomh maith chun cuidiú le daoine a choinneáil i bpoist, chomh maith le socruithe stórais cánach fhairsinge, rátaí cánach íslithe, an scéim caith agus fan, réimse d'iasachtaí costais íslithe, deontais agus scéimeanna dearbháin. Ina theannta sin, leanfar den Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 suas le €350 sa seachtain a chur ar fáil do gach fostaí agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil a bpost caillte acu mar gheall ar an bpaindéim.
Is iad seo a leanas na hoiriúintí ar Leibhéal 5
Is iad seo a leanas na socruithe idirthréimhseacha do thréimhse na Nollag:
Ón 3pm ar an 24 Nollaig
Suas go dtí an 26 Nollaig agus an dáta sin san áireamh
Suas go dtí an 31 Nollaig agus an dáta sin san áireamh
Ón 1 Eanáir
Suas go dtí an 2 Eanáir 2020 agus an dáta sin san áireamh
Ón 3 Eanáir
• Is féidir le suas le 6 duine freastal ar bhainis.
Tá sé comhaontaithe ag an Rialtas chomh maith gur chóir go bhfanfadh na srianta reatha maidir le taisteal ón mBreatain go hÉirinn fanacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig ar a laghad, ach go ndéanfar athbhreithniú seasta orthu i bhfianaise eolas agus cúinsí a bheadh ag teacht chun cinn.
CRÍOCH
(*) Dóibh sin atá i mbolgán tacaíochta, is ionann an bolgán agus teaghlach amháin.