Fógraíonn an tAire Ryan €28 milliún i maoiniú Rialtais trí SEAI do 39 tionscadal fuinnimh pobail
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Eamon Ryan TD, inniu an 39 tionscadal pobail atá le maoiniú deontais €28 milliún a fháil faoin Scéim Deontais Fuinnimh Pobail.
Tacóidh na deontais, a riarann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), tionscadail ag a bhfuil luach infheistíochta beagnach €74 milliún san iomlán. Soláthróidh an infheistíocht sin uasghrádú fuinnimh do nach mór 1,500 áit chónaithe agus foirgneamh pobail agus tráchtála ar fud na tíre. Bainfidh na pobail ar éirigh leo tairbhe as foirgnimh níos teo agus níos folláine, billí fuinnimh níos ísle, agus astaíochtaí CO2 díobhálacha laghdaithe. Soláthróidh na tionscadail tairbhí suntasacha fostaíochta go háitiúil agus go náisiúnta freisin.
Áirítear leis na tairiscintí deontais €4.3 milliún go sonrach do thionscadail a sholáthróidh uasghráduithe iarfheistithe cónasctha d’áiteanna cónaithe. Tá 14 thionscadal dá leithéid ann, a chuimsíonn 348 áit chónaithe.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Tríd an scéim seo, tá an Rialtas ag cabhrú le trí thoradh thábhachtacha agus an-tairbheacha a bhaint amach. Táimid ag tacú le daoine chun a n-áiteanna cónaithe agus a bhfoirgnimh a fheabhsú ionas go mbeidh siad níos compordaí agus go n-ídeoidh siad níos lú fuinnimh. Táimid ag leathnú na hoibre iarfheistithe, ag cruthú poist nua ghlasa inbhuanaithe i bpobail ar fud na hÉireann agus ag cabhrú le cuideachtaí a fhás. Táimid ag ciorrú astaíochtaí freisin, a chuirfidh timpeallacht níos fearr ar fáil dúinn ar fad. Tá sé i gceist agam maoiniú ón bpacáiste spreagthaí a fógraíodh le deireanaí i mí Iúil a úsáid chun an Scéim Pobal a leathnú ionas gur féidir linn an earnáil iarfheistithe a fhás tuilleadh agus dul chun tairbhe do leor daoine sna míonna agus blianta amach romhainn.”
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
“Aithnítear i bPlean Gnímh don Aeráid an Rialtais an ról lárnach atá ag pobail chun ár n-uaillmhianta i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach. Tá SEAI ag obair leis na céadta pobal fuinnimh ar fud na tíre, ag tabhairt eolais agus cumais dóibh a gconaire uaillmhianach ísealcharbóin féin a phleanáil. Is taca tábhachtach iad na deontais a mhaoiníonn an Rialtas do phobail atá réidh le hinfheistiú i réitigh fuinnimh inbhuanaithe chun a riachtanas a chomhlíonadh. Is féidir an méid a bhaineann na pobail sin amach a dhéanamh arís, ag tarraingt níos mó saoránach isteach in aistriú na hÉireann go fuinneamh glan.”
Áirítear le samplaí de na tionscnaimh a bhainfidh leas as an maoiniú:
CRÍOCH
Bhí an tAire Ryan i dteannta William Walsh (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI) agus Joe Donnelly (Fair Play Café) ag an Fair Play Café sa Rinn chun an fógra seo a dhéanamh.
Is spás pobail sa Rinn, Baile Átha Cliath, é an Fair Play Café ina bhfuil caifé, saoráid cúraim leanaí agus ionad garraíodóireachta, agus a fuair maoiniú in 2019. Téann an t-ionad chun tairbhe an phobail áitiúil ar bhealach an-phraiticiúil. Agus dáiltear na glanbhrabúis gach bliain ar thionscadail dhifriúla in Éirinn agus thar lear.
Tá an caifé in Mission Hall a thóg beirt deirfiúracha de chuid mhuintir Bewley. De réir uacht agus thiomna deiridh na ndeirfiúracha, caithfear é a choinneáil go brách agus ainmníonn gach glúin iontaobhaithe. Chuaigh na hiontaobhaithe i dteagmháil le beirt de mhuintir na háite, Joe agus Sharon Donnelly, go bhfeicfí an bhféadfaí an foirgneamh a úsáid agus cé na saoráidí ba mhó a theastaigh sa phobal. Ba mhór an obair a bhí rompu é a aistriú ó fhoirgneamh ón 19ú haois go ceann a oireann don 21ú haois.
Tá an Fair Play Café ag aistriú go foirgneamh pobail atá neodrach ó thaobh carbóin de agus mol inbhuanaitheachta. Tá an Ringsend Irishtown Sustainable Energy Community tar éis togra a chur le chéile chun an foirgneamh a uasghrádú agus chuaigh siad i bpáirt leis an Rediscovery Centre chun cur isteach ar dheontas pobail SEAI in 2019. Teastaíonn uathu na tairbhí a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe a chur os comhair an tsaoil. Chun na feabhsúcháin fuinnimh a theastaigh a chinneadh, thug siad faoi iniúchadh fuinnimh ar dtús. Bunaithe ar na torthaí air sin, chinn siad a gcóras teasa a fheabhsú agus leictreachas in-athnuaite a shuiteáil.
Cuireann ardrialuithe teasa ar a gcumas teocht agus tréimhsí an teasa a rialú de réir criosanna difriúla san ionad le cianrochtain. Dá bharr sin, seachnaítear téamh nach gá nuair nach bhfuil an t-ionad in úsáid. Chuir siad doras inslithe isteach freisin chun caillteanas teasa agus séideáin a laghdú, rud a chruthaíonn spás níos compordaí. Mar thoradh air sin, tá 25% níos lú gáis in úsáid acu. Chuir siad isteach soilse LED atá tíosach ar fhuinneamh a shábháil 20% den ídiú leictreachais iomlán. Chuir siad isteach 3 kW de PV gréine freisin, a fhreastalaíonn ar 16% den ídiú leictreachais iomlán. Chosain na huasghráduithe €16,600 agus fuair siad maoiniú €8,300 ó SEAI. Tá coigilteas fuinnimh beagnach 12,000Wh ag an ionad anois, arb ionann é agus teach a théamh ar feadh bliana. Mar gheall ar na huasghráduithe ar fad, tá siad ag sábháil €1,300 ar chostais fuinnimh gach bliain.
Príomhshonraí faoi dheontais fuinnimh pobail SEAI a mhaoiníonn an Rialtas agus a bronnadh in 2020
Féach ar an bhfíseán seo de phobal ar Árainn Mhór a fuair maoiniú le déanaí d’uasghráduithe fuinnimh: