Láithreacha Oidhreachta OPW á nAthoscailt Inniu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh 48 páirc agus láthair oidhreachta OPW le spásanna lasmuigh ar oscailt don phobal de réir srianta taistil ó inniu, 26 Aibreán, nó níos déanaí sa tseachtain seo. Maraon leis an 30 gairdín agus páircthailte OPW a bhí ar oscailt don phobal cheana i mbliana, rachaidh na suíomhanna breise seo chun tairbhe sláinte agus maitheasa an phobail.
Imeasc na láithreacha atá á n-athoscailt inniu tá na spásanna lasmuigh ag Príoracht Cheanannais, Caisleán Bhaile Átha Troim agus Caisleán an Aonaigh chomh maith le Cairn Loch Craobh. Níos déanaí sa tseachtain, athosclófar na gairdíní ag Cúirt Dhún ar Aill (29 Aibreán) agus Oileán Garinis (30 Aibreán).
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
"Tá áthas orm gur féidir na srianta ar láithreacha lasmuigh a scaoileadh inniu, mar gheall ar an dul chun cinn seasmhach atá déanta againn le roinnt míonna anuas. Dá thoradh san, beidh mórán láthair oidhreachta agus páirceanna lasmuigh OPW ar oscailt um chuardach agus taitneamh. Soláthraíonn siad san áiseanna um chaitheamh aimsire atá ag teastáil go géar.”
"Iarraim ar an bpobal aird a thabhairt ar threoirlínte Covid-19 le linn a gcuairt agus áilleacht ár bpáirceanna a chothú trí chloí leis an bhfeachtas Love This Place, Leave No Trace. Tá foireann OPW ag obair go dian chun na páirceanna, gairdíní agus tailte oidhreachta a choinneáil ar ardchaighdeán, ach tá comhoibriú an phobail ag teastáil chun na háiteanna seo a choimeád saor ó bhruscar."
Tá OPW páirteach sa chomhthionscnamh Love This Place, Leave No Trace ó sheol Rialtas na hÉireann é an samhradh seo caite i gcomhpháirt le Leave No Trace Ireland. Is aidhm don bhfeachtas dea-chleachtais um chaitheamh aimsire lasmuigh a chothú chun todhchaí níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe do chách a chinntiú. Iarrtar ar chách aire a thabhairt don timpeallacht lasmuigh. Tá tuilleadh bruscair le tabhairt faoi deara ar fud na tíre, láithreacha oidhreachta OPW san áireamh.
Aon áit is féidir é a dhéanamh ar bhealach slán, tá leithris ar oscailt arís ag láithreacha oidhreachta OPW, faoi réir socruithe áitiúla ag gach suíomh ar leith agus faoi athbhreithniú leanúnach.
Tá liosta láithreacha oidhreachta OPW atá ar oscailt cheana nó a athosclóidh ó 26 Aibreán ar fáil thíos agus ar líne ag heritageireland.ie/ga