Téann Avant Money, i gcomhpháirt le hAirgead An Post, isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, agus Robert Troy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, fáilte inniu roimh an gcinneadh ó Avant Money, i gcomhpháirt le hAirgead An Post, dul isteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí a dtacaíonn an rialtas léi. Is iad na rannpháirtithe is déanaí sa scéim.
Ón lá inniu ar aghaidh, féadfaidh úinéirí tí iarratas a dhéanamh chuig an scéim ar iasachtaí ísealchostais iarfheistithe ó Avant Money, trí shuíomh Gréasáin An Post. Tosaíonn na rátaí úis ag 3.69%. Tríd an gcomhoibriú sin, baintear leas as an gcaidreamh fairsing iontaofa atá ag An Post le muintir na hÉireann agus as an saineolas atá ag Avant ar mhaoiniú tomhaltóirí chun rochtain áisiúil ar iasachtaí iarfheistithe a thabhairt d'úinéirí tí ar fud na tíre.
Seoladh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún i mí Aibreáin an bhliain seo caite, agus tá sí ar an gcéad scéim dá leithéid in Éirinn agus do Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Dearadh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí chun freastal ar na riachtanais atá ag úinéirí tí. Cinntítear léi go dtugtar rochtain ar iasachtaí ar bhealach simplí tapa, agus béim á cur ar an ualach oibre atá ar úinéirí tí a laghdú.
Tá an scéim á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus Grúpa BEI ag tacú léi. Leis an scéim, soláthraítear iasachtaí neamhurraithe (is é sin le rá, níl aon cheanglas ann go ndéanfaí an iasacht a urrú i gcoinne na réadmhaoine atá á huasghrádú) is fiú idir €5,000 agus €75,000, agus téarmaí aisíocaíochta a mhairfidh 10 mbliana ar a mhéad ag baint leo. Leis na hiasachtaí sin, cabhraítear le húinéirí tí uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh agus uasghráduithe fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh, amhail insliú agus teaschaidéil, arb uasghráduithe iad atá deontaschistithe ag SEAI freisin.
A luaithe atá siad ceadaithe, féadfar na hiasachtaí a tharraingt sula dtosófar na hoibreacha. Leis sin, tugtar cinnteacht d'úinéirí tí go mbeidh na cistí acu le haghaidh na n-uasghráduithe fuinnimh atá beartaithe agus le haghaidh aon chostas tosaigh nó íocaíochtaí 'garsprice'. Is minic a luann úinéirí tí gur príomhbhacainn é sin ar a dteach a uasghrádú.
I dteannta Avant Money, tá an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ar fáil ó PTSB, ó AIB agus ó Bhanc na hÉireann freisin. Táthar ag súil leis go rachaidh roinnt comhar creidmheasa ó Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa isteach sa scéim sna seachtainí atá le teacht, rud a chuirfidh arís eile leis an rochtain atá ag pobail áitiúla ar iasachtaí iarfheistithe níos inacmhainne.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire O'Brien:
"Thugamar gealltanas i gClár an Rialtais an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún a chur chun cinn. Is scéim í lena dtairgtear iasachtaí ísealchostais iarfheistithe d'úinéirí tí. Is féidir linn dul chun cinn inbhraite a fheiceáil ina leith sin inniu. Tá lúcháir orm go dtabharfaidh Avant Money agus An Post rogha mhéadaithe agus rochtain níos fearr ar an Scéim d'úinéirí tí.
"Mar gheall ar an dearadh atá ar an Scéim nuálach seo, cinntítear go mbeidh Avant Money agus An Post, agus na hiasachtóirí rannpháirteacha eile, in ann téarmaí an-iomaíoch iasachta a thairiscint d’úinéirí tí atá ag iarraidh a dteach a dhéanamh níos teo agus níos sláintiúla agus a mbillí tí a laghdú.
"Forbraíodh an scéim go sonrach chun próiseas iarratais simplí a thairiscint agus chun na deontais fuinnimh tí atá ar fáil ó SEAI cheana féin a chomhlánú. Is sárshampla é den rialtas, forais airgeadais agus an earnáil iarfheistithe a bheith ag obair le chéile chun gníomhú ar son na haeráide a sholáthar. Tá muinín agam go gcuirfidh fógairt an lae inniu arís eile leis an móiminteam atá ann san earnáil iarfheistithe, a bhfuil fás ollmhór tagtha uirthi le blianta beaga anuas."
Dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:
"Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh Avant Money, ag oibriú dó tríd An Post, mar chéad iasachtóir ar aghaidh nach banc é atá rannpháirteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún. Creidim go bhfuil an fiontar seo atá ar bun le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann ina bheart an-dearfach do Avant Money agus do An Post araon; rud a leathnóidh arís eile an rochtain ar an scéim núíosach seo, atá ar an gcéad scéim dá leithéid san Aontas Eorpach.
"Gabhann dhá thairbhe leis an scéim seo. Ó thaobh an úinéara tí de, soláthraítear léi maoiniú neamhurraithe ísealchostais 10 mbliana d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún beaga chun éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú agus chun a gcostais fuinnimh a laghdú. Ó thaobh an rialtais de, cabhraítear léi lenár n-astaíochtaí CO2 a ísliú agus, ar an tslí sin, déantar léi rannchuidiú suntasach maidir le spriocanna aeráide na hÉireann a chomhlíonadh. Is tairiscint an-tarraingteach é an táirge airgeadais seo, toisc gur féidir an iasacht ísealchostais a chomhcheangal le deontais ó SEAI. Molaim d'aon daoine a bhfuil spéis acu i leas a bhaint as an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí teagmháil a dhéanamh leis na soláthraithe maoiniúcháin rannpháirteacha, amhail Avant Money."
Dúirt Robert Troy, an tAire Stáit:
"Táim ar aon intinn leis an Aire Donohoe maidir le fáilte a chur roimh Avant Money, mar chéad iasachtóir ar aghaidh nach banc é atá rannpháirteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí €500 milliún. Comhaontaím go gcabhróidh an fiontar seo atá ar bun le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann le rochtain a leathnú ar an scéim seo.
"Tá an scéim seo ina beart dearfach i dtreo inbhuanaitheacht a mhéadú agus i dtreo tacú le geilleagar glas trí chistí ar chostas laghdaithe a sholáthar d’úinéirí tí in Éirinn – cuirfidh sé sin ar a gcumas oibreacha éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar a dteach."
Dúirt June Butler, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann:
"Tríd an gcomhpháirtíocht nua seo le Avant Money, cumasaítear arís eile réitigh fuinnimh inbhuanaithe a sholáthar d’úinéirí tí tríd an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí. Agus an rialtas ag tacú léi, tá an scéim seo ina tionscnamh ríthábhachtach lena dtacaítear le húinéirí tí feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh a dtí agus rannchuidiú le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta na hÉireann an tráth céanna. Mar gheall ar Avant Money agus An Post a bheith rannpháirteach inti anois, leathnaítear cumhdach na Scéime, agus tugtar do thuilleadh úinéirí tí rochtain ar roghanna maoiniúcháin inacmhainne. Trí uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh atá deontaschistithe ag SEAI freisin a chumasú, fágann an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí go bhfuil sé níos fusa do theaghlaigh a lorg carbóin a laghdú, a dteach a dhéanamh níos compordaí, agus coigiltí suntasacha fuinnimh a bhaint amach le himeacht ama."
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Fáiltíonn SEAI roimh fhógairt an lae inniu go mbeidh Avant Money, i gcomhar leis An Post, ag tairiscint iasachtaí iomaíocha faoi Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí CBSÉ. Mar thoradh ar mhaoiniú íseal-úis a bheith ar fáil, tá sé níos fusa agus níos saoire d'úinéirí tí compord a dtí a mhéadú agus a mbillí fuinnimh a ísliú. Is eol dúinn gur féidir leis na costais tosaigh atá i gceist le hinfheistiú in uasghráduithe fuinnimh tí cur lena dheacra atá sé d'úinéirí tí éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú. Leis an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí, cuirtear deireadh leis an mbacainn sin, agus oibrítear i gcomhar le cláir deontais fuinnimh tí SEAI, rud a fhágann go bhfuil sé níos fusa d’úinéirí tí a n-aistear iarfheistithe a thosú agus aistriú amach ó bhreoslaí iontaise."
Dúirt Daniel Pelluz, Ceann um Maoiniú Tomhaltóirí, Avant Money:
"Tá inbhuanaitheacht agus tacaíocht don gheilleagar glas tábhachtach do Avant Money, agus tá bród orainn a bheith rannpháirteach sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí. A bhuí leis an gcistiú seo, cuirtear ar ár gcumas tacú le húinéirí tí in Éirinn teacht ar iasachtaí ar chostas níos ísle chun gur féidir leo feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh a dtí."
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta, Miondíol An Post:
"Tá ríméad orainn dul i gcomhpháirt le Avant Money agus le CBSÉ chun páirt a ghlacadh sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí. Beidh custaiméirí Airgead An Post in ann iasachtaí ísealchostais ar ráta seasta a rochtain chun a lorg carbóin a laghdú. Déanfar a dteach níos teo agus laghdófar a mbillí dá bharr sin. Tá Airgead An Post tiomanta do shaol ár gcustaiméirí a fheabhsú, anois agus sa todhchaí araon."
CRÍOCH
€ | Ráta Ainmniúil | Ráta Céatadánach Bliantúil (APR) | |
€20,000-75,000 | 3.69% | 3.75% | |
€10,000-19,999 | 5.7% | 5.9% | |
€5,000-9,999 | 7% | 7.2% |
Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Iarfheistithe conas a chomhlíonfaidh an rialtas ár spriocanna iarfheistithe. Tá an plean ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar iarfheistiú ar fud ceithre phríomhcholún: éileamh agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn; maoiniú agus cistiú; slabhra an tsoláthair, scileanna agus caighdeáin; agus rialachas. I gcás gach colúin, sainaithníodh bacainní agus cuireadh beartais, bearta agus gníomhartha atá faoi theorainn ama i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu.
Is é atá i leathnú na Scéime Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná an gealltanas is déanaí a tugadh faoin bplean atá comhlíonta.
Mar thoradh ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta Iarfheistithe, tá méadú an-suntasach tagtha ar uasghráduithe fuinnimh tí a sholáthar, agus thacaigh SEAI le 54,000 uasghrádú, beagnach, an bhliain seo caite (méadú 13% i gcomparáid leis an líon uasghráduithe sa bhliain 2023).
Bhunaigh an Roinn Airgeadais Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) i mí Mheán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna cistiúcháin a bheadh cobhsaí, fadtéarmach agus ar chostas níos ísle. Trí mhargadh éifeachtach creidmheasa a chothú agus a fhorbairt le haghaidh maoiniú fiontar beag agus meánmhéide, cabhraíonn CBSÉ le fiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar an maoiniú a theastaíonn uathu chun dul faoi bhláth agus gníomhaíocht gheilleagrach a spreagadh in Éirinn.
Ó uair a thionscnaimh i leith, tá CBSÉ ag leathnú an raoin tacaí a sholáthraíonn sé, agus leachtacht agus scéimeanna ráthaíochta comhroinnte riosca á soláthar aige do raon leathan soláthraithe maoiniúcháin. A bhuí leis an leathnú sin, tá níos mó roghanna ag fiontair bheaga agus mheánmhéide Éireannacha agus iad ag iarraidh maoiniú inacmhainne a rochtain le haghaidh a ngnó. Sna deich mbliana atá imithe thart, sholáthair CBSÉ cistiú is fiú breis agus €4 billiún do níos mó ná 60,000 gnólacht Éireannach ar fud earnálacha éagsúla.
Sa bhliain 2014, sheol CBSÉ an chéad scéim iasachta tomhaltóirí dá chuid riamh, eadhon an Scéim Iasachta Éifeachtúlachta Fuinnimh Tí, thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chun uasghráduithe fuinnimh cónaithe a dhéanamh níos sorochtana d’úinéirí tí incháilithe agus chun costas na n-uasghráduithe sin a laghdú.
Is é SEAI údarás fuinnimh náisiúnta na hÉireann a infheistíonn i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus a sholáthraíonn réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain. Oibríonn SEAI i gcomhar leis an rialtas, le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail chun é sin a bhaint amach trí shaineolas, trí chistiú, trí chláir oideachais, trí chomhairle beartais, trí thaighde, agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Is é BEI foras iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh. Tá sé faoi úinéireacht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil le haghaidh infheistíocht fhónta chun rannchuidiú le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh. Is cuid de Ghrúpa BEI é an Ciste Eorpach Infheistíochta.
Cuid de Bankinter, príomhghrúpa baincéireachta Spáinneach agus ceann den 50 banc is mó san Eoraip, is ea Avant Money. Oibríonn Bankinter sa Spáinn, sa Phortaingéil, in Éirinn agus i Lucsamburg. Tairgeann sé cártaí creidmheasa, iasachtaí pearsanta agus morgáistí cónaithe.
Ag feidhmiú dó faoi fhoirmeacha dlíthiúla difriúla, tá Avant Money i láthair i bPoblacht na hÉireann mar sholáthraí seirbhíse airgeadais le 30 bliain, beagnach, anuas ó bhí an bhliain 1997 ann. D’fheidhmigh sé mar chártaí creidmheasa MBNA ar dtús. An 31 Bealtaine 2019, chuir Bankinter an margadh i gcrích chun Avantcard DAC a cheannach tar éis na húdaruithe riachtanacha a fháil ón mBanc Ceannais Eorpach agus ó Bhanc Ceannais na hÉireann.
I mí Aibreáin anuraidh, d’fhógair Bankinter pleananna chun Avant Money a bhunú mar bhrainse baincéireachta Éireannach dá chuid, rud a fhágfaidh go mbeidh an chuideachta in ann raon níos leithne táirgí airgeadais agus seirbhísí airgeadais a thairiscint do mhargadh na hÉireann sa todhchaí. I láthair na huaire, tá Avant Money ag soláthar seirbhísí do thart ar 200,000 custaiméir i bPoblacht na hÉireann. Déanann Banc Ceannais na hÉireann rialáil ar Avantcard DAC, ag trádáil mar Avant Money.
Tá Airgead An Post ina chuid lárnach den líonra miondíola is fairsinge de chuid na hÉireann agus soláthraíonn sé seirbhísí airgeadais éagsúla in Éirinn, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, iasachtaí, cuntais reatha agus malairt eachtrach. Tairgimid cártaí creidmheasa agus iasachtaí trínár gcomhpháirtíocht le hAirgead An Post. Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus déanann Banc Ceannais na hÉireann rialáil air i soláthar na seirbhísí sin.