Seolann an tAire Ryan Glao ar Fhianaise Shaineolach 2022 – chun tacú leis an gcéad leagan eile den Phlean Gnímh don Aeráid agus chun bonn eolais a chur faoi
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Glao ar Fhianaise Shaineolach 2022 a sheoladh inniu. Iarrtar sa ghlao sin freagraí agus aighneachtaí fianaisebhunaithe ó shaineolaithe, ó eagraíochtaí taighde agus ó ghrúpaí/daoine aonair eile a oibríonn i réimsí a bhaineann leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus le fuinneamh.
Cabhróidh na freagraí agus na haighneachtaí a gheofar le tacú leis an bpróiseas atá ar siúl chun an Plean Gnímh don Aeráid 2023 a ullmhú agus le bonn eolais a chur faoin bpróiseas sin. Tá an Plean le foilsiú níos déanaí i mbliana.
Tá an Glao ar Fhianaise Shaineolach ina chuid den Chomhrá faoin Aeráid 2022 atá á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, rud ina dtugtar cuireadh do dhaoine ó gach cuid den tír a dtuairimí a chur in iúl faoin dóigh ar féidir linn go léir ár sciar féin a dhéanamh chun todhchaí inbhuanaithe a áirithiú.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an Ghlao ar Fhianaise Shaineolach 2022, dúirt an tAire Ryan:
"Tá ríthábhacht ag baint le bonn eolais ar an taighde eolaíoch is déanaí – ar bonn eolais é atá láidir agus cothrom le dáta – maidir le forbairt a dhéanamh ar ghníomhartha ar féidir leo sinn a threorú i dtreo na gcineálacha cur chuige is fearr i leith ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Molaim go láidir dóibh sin a dhéanann taighde, anailís agus samhaltú i réimsí na haeráide, an chomhshaoil agus an fhuinnimh freagairt don Ghlao seo ar Fhianaise Shaineolach agus tacú linn agus sinn ag iarraidh a chinntiú go ngníomhóimid ar son na haeráide ar bhealach atá bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí."
Beidh an comhairliúchán seo ar oscailt go dtí 5.30 i.n. Dé Máirt an 20 Meán Fómhair 2022. Iarrtar ar rannpháirtithe an ceistneoir ar líne a chomhlánú nó, mar mhalairt air sin, aighneacht a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge trí ríomhphost: CallforEvidence@decc.gov.ie
Is féidir aighneachtaí a sheoladh le casadh an phoist chuig:
An Rannán um an gComhshaol agus um an bPlean Gnímh don Aeráid a Sholáthar,
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
29-31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath 2, D02 X285.
CRÍOCH
Chun gach duine sa tsochaí a chumhachtú cabhrú linn an Plean Gnímh bliantúil don Aeráid a chomhdhearadh, bhunaigh Rialtas na hÉireann [internal-link 127881 an tIdirphlé Náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide. ]
Tá trí phríomhaidhm leis an Idirphlé Náisiúnta:
Soláthraítear an tIdirphlé Náisiúnta trí chlár bliantúil imeachtaí atá bunaithe ar ár gComhráite faoin Aeráid.
Chuaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i dteagmháil le breis agus 3,800 duine sa bhliain 2021. Foilsíodh na torthaí sin sa Tuarascáil maidir le Comhráite faoin Aeráid.
Seoladh Comhráite faoin Aeráid 2022 an 1 Iúil 2022, agus é mar aidhm leis an imeacht cur leis an méid a foghlaimíodh an bhliain seo caite agus an clár a leathnú ag an am céanna. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair i gcomhpháirt le grúpaí pobail agus le comhlachtaí ionadaíocha chun dul i bhfeidhm ar shampla ionadaíoch leathan de shochaí na hÉireann, lena n-áirítear iad sin ar féidir go mbeidh tionchar ar leith ag ár n-aistriú chuig an neodracht carbóin orthu.
Mionsonraítear sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 an raon gníomhartha cinntitheacha is gá a dhéanamh chun laghdú 51% a bhaint amach in astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 agus chun sinn a chur ar an mbealach ceart i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050, mar atá geallta i gClár an Rialtais agus mar atá leagtha amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021.
Is é an toradh a bheidh ar an bPlean ná Éire a chur ar chonair níos inbhuanaithe, astaíochtaí a laghdú, geilleagar agus sochaí níos glaine agus níos glaise a chruthú, agus sinn a chosaint ar iarmhairtí millteacha an athraithe aeráide. Is deis iontach é seo chun poist nua a chruthú agus chun gnólachtaí a fhás i réimsí amhail gaoth amach ón gcósta, talmhaíocht cheannródaíoch, agus iarfheistiú, agus ár dtithe á ndéanamh níos teo agus níos sábháilte dá bharr sin.
Liostaítear sa phlean na gníomhartha a theastaíonn chun ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh agus leagtar síos ann raonta táscacha laghduithe astaíochtaí do gach earnáil den gheilleagar. Nuashonrófar an plean gach bliain, lena n-áirítear sa bhliain 2022, chun a chinntiú go mbeidh sé ailínithe leis na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha earnála atá i bhfeidhm ar fud an gheilleagair, ar nithe iad atá ina gceangal dlí.
Níos déanaí i mbliana, foilseoidh Éire an leagan nuashonraithe den Phlean Gnímh don Aeráid, rud ina léireofar na Buiséid Charbóin agus na hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála atá ceadaithe. Leagtar amach iontu sin na spriocanna laghdú astaíochtaí do na blianta 2030 agus 2050, ar spriocanna iad atá ina gceangal dlí.