Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 13 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 20 cás deimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn:
Tá bás deimhnithe amháin ann in Éirinn de dheasca COVID-19.
Tá 90 cás deimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile aréir (Déardaoin an 12 Márta) chun freagairt na hÉireann d’ullmhacht do COVID-19 a athbhreithniú.
Rinneadh na cinntí seo a leanas:
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Leanfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le faireachán a dhéanamh ar bhagairt leanúnach an víris agus bearta a dhéanamh nuair is gá.
"I gcás daoine atá ag filleadh ó limistéir atá thíos le COVID-19, molaimid go mór dóibh a ngluaiseachtaí a shrianadh."
Mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí bearta nua an tseachtain seo chun freagairt don athrú atá tagtha ar na cúinsí COVID-19 in Éirinn agus chun breithniú a dhéanamh ar an treoir leighis a fuarthas ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Ceann de na bearta sin ba ea a mholadh go ndúnfaí scoileanna go dtí an 29 Márta, go dtí go bhfaighfear na torthaí ar athbhreithniú breise.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte;
"Tuigimid go mbeidh tionchar suntasach ag na bearta ar shaol laethúil an teaghlaigh. Mar sin féin, tá siad ag teastáil le leas an phobail.
"Ba cheart do thuismitheoirí féachaint le gan coinní súgartha a eagrú do ghrúpaí leanaí óga ag an luathchéim seo den ráig.
"In ionad fanacht faoi dhíon, áfach, d’fhéadfaí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí amuigh faoin spéir amhail peil a imirt i ngrúpaí beaga atá comhdhéanta de thriúr nó de cheathrar, agus an scaradh sóisialta dhá mhéadar á choinneáil ar bun ag an am céanna.
"Is tréimhse í seo inar cheart dúinn aird a thabhairt ar na treoirlínte sláinte poiblí agus na bearta sin a dhéanamh sa saol laethúil."
CRÍOCH