Ráiteas ón Aire Éamon Ryan, príomh-idirbheartaí an AE maidir le Caillteanas agus Damáiste ag COP27
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Is comhaontú stairiúil agus forásach ar an gcuid is tábhachtaí anois de COP27 é an comhaontú seo. Cé gur comhréiteach atá sa téacs deiridh a bhaineann le Caillteanas agus Damáiste* ar an téacs a mhol an tAontas ar dtús, ciallóidh an comhaontú nua seo go bhféadfaidh na milliúin daoine, a bhfuil a gcuid talún, a bhfoinsí uisce, agus a slite beatha á mbaint díobh gach aon lá mar gheall ar thionchair an athraithe aeráide, go bhféadfaidh siad a bheith ag súil le tacaíocht agus cosaint ó phobal an domhain a bheidh spriocdhírithe agus neartaithe. Ba mhaith liom foireann na hÉireann, a raibh baint lárnach acu leis an obair a bhain leis an gcomhaontú a thabhairt chun críche, a mholadh.
"Fáiltím roimh an gcinneadh a comhaontaíodh go mbunófaí bealach nua maoinithe chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha agus atá thar a bheith leochaileach. Mar gheall ar an dul chun cinn a bhí déanta ó thaobh an bonn ranníocóra a leathnú amach chun go bhféadfadh foinsí nuálacha maoinithe a bheith curtha san áireamh, d'fhéadfadh go dtiocfadh athrú cinniúnach ar an modh smaointeoireachta traidisiúnta. D'fhéadfadh earnálacha cosúil leis an eitlíocht, an loingseoireacht agus tionscal an bhreosla iontaise a bheith i measc foinsí dá leithéid. Tá scóip ann anois chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh maoiniú agus faoiseamh ó fhiacha le fáil ó na bainc iltaobhacha agus forbartha ag na tíortha atá thar a bheith leochaileach.
"Tá an tiomantas 1.5 a choinneáil beo** ina bhonn ríthábhachtach. Gan an maolú, is ea is mó oiriúnú a bheadh le déanamh againn, agus bheadh níos mó costais ag baint le Caillteanas agus Damáiste. Caithfimid 1.5 a choinneáil beo chun daoine a choinneáil beo.
"Níl sé seo foirfe. Theastaigh ón AE dul níos faide agus dul níos tapúla. Mar sin féin, is margadh maith é seo toisc gur margadh comhaontaithe atá ann. Is comhartha iontaoibhe é idir na 198 páirtí atá i UNFCCC [Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide] go bhfuilimid dáiríre faoin athrú aeráide agus go bhfuilimid dáiríre faoi thíortha agus pobail atá thar a bheith leochaileach a chosaint.
"Tosóidh an obair chrua i ndáiríre nuair a fhágfaimid Sharm-El-Sheikh; nuair a thosóimid ar shocruithe a dhéanamh maidir leis na meicníochtaí agus na saineolaithe a theastaíonn leis an gcomhaontú seo a thabhairt chun beatha. Ach is ábhar faoisimh é go bhfuil tús á chur leis anseo agus nach raibh orainn imeacht agus muid ag súil leis an gcéad COP eile, an brú ag géarú agus muid ag déileáil leis an gcás bás nó beatha seo."
*D'fhéadfadh teagmhais aimsire a bheith i gceist leis an gCaillteanas agus an Damáiste a eascraíonn as an athrú aeráide ach bheadh teagmhais a tharlaíonn go mall i gceist chomh maith, amhail ardú ar leibhéal na farraige, teochtaí ag ardú, aigéadú an aigéin, cúlú oighreach agus an tionchar a bheadh aige, salandacht, díghrádú talún agus foraoise, cailliúint bithéagsúlachta agus fairsingiú fásaigh.
** Tagraíonn 'Coinnigh 1.5 beo' don chuspóir a chinntiú go bhfanfaidh an téamh domhanda laistigh de mhéadú 1.5°C os cionn na leibhéil réamhthionsclaíocha – agus ar an gcaoi seo stop a chur leis na tionchair is measa a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide.
Is é COP27 an 27ú Comhdháil de Pháirtithe an UNFCCC (Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide). Is iad na Náisiúin Aontaithe a reáchtálann an chomhdháil bhliantúil seo ar an athrú aeráide agus tugann sé le chéile beagnach gach tír ar domhan chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú i dtaobh na mbealaí le dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Bhí sé ar siúl i Sharm el-Sheikh, san Éigipt i mbliana agus cuireadh tús leis an 6 Samhain. Sular thosaigh an ócáid, aithníodh go raibh dhá chroícheist ann do COP27 is iad sin an maoiniú don athrú aeráide a mhéadú ar mhaithe le teacht aniar na haeráide agus aghaidh a thabhairt ar an gCaillteanas agus Damáiste a tharlaíonn de bharr na haeráide.