Fógraítear faighteoirí an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, faighteoirí maoiniú €4 mhilliún chun siamsaíocht seachbhuaice a chur chun cinn inár mbailte agus inár gcathracha. Tairgeadh maoiniú do 433 eagraíocht san iomlán ón Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche. Fuarthas iarratais ó raon leathan ionad lena n-áirítear tithe tábhairne, clubanna oíche, caiféanna, amharclanna, ionaid ealaíon, gailearaithe, músaeim agus asraonta miondíola.
Léiríodh spéis mhór sa Scéim Phíolótach seo, agus cuireadh breis is 470 iarratas cruthaitheach agus éagsúil isteach lena mbreithniú, rud a léirigh toilteanas earnáil an gheilleagair oíche a bheith nuálaíoch agus cruthaitheach ina gcuid tairiscintí. Ceadaíodh breis is 2,000 imeacht i ngach contae ar fud na tíre le haghaidh maoinithe, agus tá ceol beo, ó cheol traidisiúnta go ceol leictreonach, oícheanta DJ, drámaíocht, greann, damhsa, litríocht, taispeántais ealaíne agus grianghrafadóireachta i measc na n-imeachtaí sin.
Áiríodh sa Scéim sraith maoinithe faoi leith d’áitribh neamhcheadúnaithe ar nós caiféanna, beáir nach ndíoltar alcól iontu agus ionaid oiriúnacha eile chun tacú le héagsúlú agus cuimsitheacht inár nGeilleagar Oíche. Bronnadh maoiniú níos mó ná €434,000 ar chaiféanna agus áitribh neamhcheadúnaithe.
Tacaíodh freisin le hionaid i mbailte agus i sráidbhailte tuaithe agus bronnadh maoiniú ar 252 ionad lasmuigh dár gcathracha.
Is foinse thábhachtach fostaíochta é an ciste d’ealaíontóirí agus do thaibhithe ar fud na tíre agus chruthaigh an Scéim na mílte lá fostaíochta.
Dúirt an tAire Martin:
"Mar gheall ar gheilleagar oíche bríomhar, éagsúil agus cuimsitheach, bíonn an geilleagar áitiúil níos láidre agus bíonn ár mbailte agus ár gcathracha níos tarraingtí chun cuairt a thabhairt orthu agus chun cónaí iontu. Léirigh lucht an earnáil oíche spéis mhór sa Scéim Phíolótach seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go gcinnteoimid go bhfuil cothromaíocht ann idir gníomhaíochtaí ina n-óltar alcól agus nach n-óltar alcól lena linn chun a chinntiú gur féidir le déimeagrafach níos leithne taitneamh a bhaint as an nGeilleagar Oíche agus ba mhór an t-údar misnigh é freagairt na hearnála seo a fheiceáil.
"D’fhógair mé le déanaí go bhfuair mé €6 mhilliún mar chuid de Bhuiséad 2023 chun cabhrú le hearnáil an gheilleagair oíche. Tá machnamh á dhéanamh agam faoi láthair ar thionscnaimh bhreise a fhorbairt agus leanfaimid ag obair le príomhpháirtithe leasmhara sa Gheilleagar Oíche chun deiseanna eile a scrúdú chun ionaid reatha a oscailt do níos mó gníomhaíochta Gheilleagar Oíche."
Foilsíodh Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche ar an 15 Meán Fómhair 2021.
Mhol an Tascfhórsa gur cheart scéim nua a fhorbairt chun tacú le hionaid, mar thithe tábhairne, caiféanna agus ionaid saor ó alcól, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nua a thriail san oíche, le béim ar leith ar amanna seachbhuaice, chun éagsúlacht mhéadaithe tairiscintí siamsaíochta oíche a spreagadh, líon na ndaoine a théann isteach inár mbailte agus ár gcathracha um thráthnóna a mhéadú agus fostaíocht a chruthú d'ealaíontóirí/taibheoirí, le béim ar leith ar ghníomhartha nua agus atá ag teacht chun cinn. Aithníodh i dTuarascáil an Tascfhórsa freisin go raibh gá le héagsúlú méadaithe agus cuimsitheacht a bheith inár nGeilleagar Oíche agus go gcinntíonn cothromaíocht idir gníomhaíochtaí saor ó alcól agus le halcól gur féidir le déimeagrafach níos leithne taitneamh a bhaint as an nGeilleagar Oíche. D’fhorbair an Roinn an scéim i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear Cumann na bhFíoncheannaithe Ceadúnaithe, Cónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann, Cónaidhm Gnólachtaí agus Fostóirí na hÉireann, Cumann Bialainne na hÉireann agus Give Us The Night.
Glacadh le hiarratais faoi dhá snáithe ar leith:
Snáithe A: Áitribh cheadúnaithe – tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a fheidhmíonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) le linn uaireanta seachbhuaice ón Luan go Déardaoin (gan an deireadh seachtaine san áireamh) ó 6 i.n. ar aghaidh.
Snáithe B: Áitribh neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh a n-áitreabh a bheith acu in asraon miondíola, beáir gan alcól, gailearaithe áitiúla agus áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) níos déanaí sa tráthnóna nó oíche ó 6 i.n., agus gealltanas á thabhairt a bheith ar oscailt go 9 i.n. sa tráthnóna ar a laghad, ón Luan go Domhnach.
Feidhmíodh an scéim seo le ciste teoranta €4 mhilliún. Chuir an scéim 75% den mhaoiniú riachtanach ar fáil, agus bhí ar iarratasóirí an 25% eile a mhaoiniú. Bhí uasdeontas incheadaithe €10,000 in aghaidh an ghnólachta nó an ionaid ar fáil. Bhí sé mar choinníoll maoinithe go n-íocfaí gach ealaíontóir agus taibheoir.
Glacadh le hiarratais ar an Scéim go dtí 4 Lúnasa. Fuarthas 472 iarratas ar mhaoiniú san iomlán. Bronnadh maoiniú ar níos mó ná 2,000 imeacht.
Blaiseadh de na himeachtaí:
I measc na n-imeachtaí gan cheadúnas, bhí:
The list of successful applicants is available in the document below.