Seolann na hAirí Foley agus Madigan treoirlínte maidir le laethanta scoile laghdaithe a úsáid
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD treoirlínte inniu maidir le laethanta scoile laghdaithe a úsáid.
Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte seo a chinntiú go bhfuil úsáid laethanta scoile laghdaithe teoranta do na cúinsí sin amháin ina bhfuil sé riachtanach amach is amach.
Rinneadh na treoirlínte a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe oideachais ábhartha.
Tugann na treoirlínte treoir d’údaráis scoileanna maidir leis an bpróiseas atá le leanúint má táthar ag breathnú maidir le laethanta scoile laghdaithe a úsáid ar mhaithe le dalta.
Tá na prionsabail seo a leanas mar bhonn leis na treoirlínte:
• tá úsáid laethanta scoile laghdaithe teoranta do na cúinsí sin amháin ina bhfuil sé riachtanach amach is amach
• tá gá le toiliú tuismitheora/caomhnóra (nó i gcás scoláire atá 18 mbliana d’aois, an scoláire) sula gcuirtear lá laghdaithe i bhfeidhm
• níor chóir go mairfeadh lá scoile laghdaithe ach chomh fada agus is gá chun filleadh ar scoil a éascú ar bhonn lánaimseartha.
Ó Eanáir 2022, beidh ar scoileanna a chur in iúl do Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) nuair a bheidh lá scoile laghdaithe á chur i bhfeidhm. Beidh na treoirlínte infheidhmithe ó Eanáir 2022. Caithfidh gach scoil athbhreithniú a dhéanamh anois ar na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair agus go háirithe athbhreithniú a dhéanamh ar na cúinsí d’aon daltaí atá ar laethanta scoile laghdaithe faoi láthair, agus pleanáil lena chinntiú go mbeidh ar chumas údaráis na scoile téarmaí na dtreoirlínte a chomhlíonadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. Tabharfaidh sé seo am do scoileanna oiriúnú agus pleanáil chun freastal ar riachtanais na ndaltaí.
Caithfidh scoileanna, sula ndéantar lá scoile laghdaithe a bhreithniú, teagmháil a dhéanamh roimh ré leis na seirbhísí tacaíochta agus na daoine gairmiúla ábhartha, lena n-áirítear an t-eagraí riachtanas oideachais speisialta áitiúil (SENO) nuair is cuí, agus plean tacaíochta dalta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do thréimhse cuí ama, ionas nach n-úsáidtear lá laghdaithe ach amháin nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach amach is amach. Má bhíonn lá scoile laghdaithe in úsáid, beidh réasúnaíocht ag scoileanna freisin maidir le húsáid an bhirt agus caithfear plean a leagan amach freisin maidir le hath-chomhtháthú iomlán an linbh go lá scoile iomlán.
Ó Eanáir 2022, déanfaidh STOT taifead agus monatóireacht ar úsáid laethanta scoile laghdaithe agus cuirfear tuairiscí ar fáil don Roinn ina dhiaidh sin. Cruthóidh an fhaisnéis a bhaileofar bonn eolais d’fhorbairt pholasaí todhchaí sa réimse seo. Beidh na treoirlínte faoi réir athbhreithnithe.
Má bhíonn imní ar thuismitheoirí faoi úsáid laethanta scoile laghdaithe dá leanbh is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla chun comhairle a fháil.
Leanfaidh an Roinn Oideachais ag obair go dlúth le scoileanna, le STOT agus leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta lena chinntiú go dtacaítear le scoileanna chun freastal ar riachtanais gach foghlaimeora agus nach n-úsáidtear laethanta scoile laghdaithe ach mar bheart eisceachtúil, agus ar feadh tréimhsí ama teoranta.
Dúirt an tAire Foley:
“Is céim thábhachtach iad na treoirlínte seo maidir le laethanta scoile laghdaithe chun tacú le scoileanna, tuismitheoirí agus daltaí lena chinntiú go n-úsáidtear laethanta scoile laghdaithe mar a bhí beartaithe, mar bheart eisceachtúil, i gcúinsí eisceachtúla, agus go mbíonn an fócas i gcónaí ar fhilleadh ar scolaíocht lánaimseartha chomh tapa agus is féidir. Cinnteoidh sé go dtuairisceofar úsáid laethanta saoire laghdaithe agus, sna cúinsí neamhchoitianta ina n-úsáidtear iad, go leanann scoileanna an cleachtas is fearr agus go mbíonn tús áite ag leas an fhoghlaimeora.
“Rinneadh na treoirlínte a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara oideachais, Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tulsa, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus mo Roinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh lena bhforbairt agus aithním obair leantach agus ról lárnach ár scoileanna, i dtacú le foghlaimeoirí leochaileacha agus leo siúd a bhfuil ardleibhéil riachtanas acu ar a gconair oideachais.
“Tá tiomantas in Clár an Rialtais sonraí téagartha ar úsáid na laethanta scoile laghdaithe a bhailiú agus a chinntiú nach n-úsáidtear iad ach ar bhealach teoranta, nuair is gá. Deimhneoidh na treoirlínte seo go gcomhlíonfar an tiomantas sin agus is céim eile iad chun córas oideachais a sholáthar ina mothaíonn gach leanbh agus duine óg go bhfuil luach orthu agus go bhfuiltear ag tacú go gníomhach leo agus go bhfuiltear á gcothú chun a gcumas a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Madigan:
“Tá an Rialtas tiomanta don chuimsiú agus don rochtain ar oideachas do gach foghlaimeoir agus tá sé ríthábhachtach go gcuirtear fáilte roimh gach foghlaimeoir agus go bpléitear go cóir leo.
“Cinnteoidh na treoirlínte seo go dtreoraítear scoileanna agus tuismitheoirí, sna cúinsí is eisceachtúla ar fad, lena chinntiú go mbeidh cuimsiú agus cothroime i gcroílár na cinnteoireachta agus na pleanála do na foghlaimeoirí sin a bhfuil na leibhéil riachtanas is mó acu.
“Caithfidh tacú le foghlaimeoirí leochaileacha agus leo siúd a bhfuil na leibhéil riachtanas is airde acu a bheith go lárnach sa mhéid a bhainimid amach tríd an oideachas. Tá maoiniú €2 billiún faighte don bhuiséad oideachais speisialta i mbliana chun soláthar breise a dhéanamh do leanaí le riachtanais speisialta oideachais, rud a chiallaíonn go bhfuil líon na ranganna speisialta, líon na múinteoirí oideachais speisialta agus na líon na gcúntóirí riachtanas speisialta anois ag leibhéil nach bhfacthas riamh cheana.
“D'oscail 2,118 rang speisialta, an líon is mó riamh, a ndoirse nuair a bhí scoileanna ag athoscailt i mí Mheán Fómhair agus tá fáil ar 990 CRS breise. Beidh thart ar €150 milliún á chaitheamh ag an Roinn ar thacaíochtaí do scoileanna atá sa chlár DEIS, agus díreofar iad seo ar chomhdheiseanna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais ionas gur féidir leo a lánacmhainneacht a bhaint amach.
“Céim eile atá i bhfoilsiú na dtreoirlínte inniu maidir le tacú lenár scoileanna a bheith ian n-áiteanna fáilteacha d’fhoghlaimeoirí de gach cumas agus riachtanas, deis a thabhairt do gach duine foghlaim ó dhaoine eile agus a lánacmhainneacht a bhaint amach taobh lena gcomhghleacaithe.”
Is féidir faisnéis do scoileanna agus ar na Treoirlínte ar Laethanta Laghdaithe Scoile a fháil anseo
CRÍOCH
Cúlra
I gcomhthéacs na dtreoirlínte, ciallaíonn an téarma “lá scoile laghdaithe”:
• lá laghdaithe ar scoil, trí shocrú leis na húdaráis scoile, nuair a thagann dalta ar scoil tar éis an ghnáth-am tosaithe nó nuair a fhágann sé/sí roimh dheireadh an lae scoile, agus/nó,
• seachtain laghdaithe nuair a d’fhéadfadh nach féidir le dalta freastal ar na cúig lá iomlána gach seachtain.
Is é seasamh na Roinne Oideachais gur chóir do gach dalta atá cláraithe i scoil freastal ar scoil ar feadh an lae iomláin, ach má tharlaíonn go mbíonn siad díolmhaithe i gcúinsí eisceachtúla.
Cé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach agus úsáideach leas a bhaint as lá laghdaithe scoile, mar shampla, mar bhealach chun cuidiú le dalta dul i dtaithí arís ar ghnáthamh scoile, níor cheart a leithéid de shocruithe a chur i bhfeidhm ach i gcúinsí teoranta agus faoi shrianta ama.
Tá treoirlínte ar laethanta scoile laghdaithe dréachtaithe do scoileanna ag an Roinn Oideachais i gcomhar le STOT.
Tá na nósanna imeachta atá le leanúint nuair a mholtar lá scoile laghdaithe leagtha amach sna treoirlínte agus tá foráil déanta maidir le monatóireacht a dhéanamh ar úsáid laethanta scoile laghdaithe.