Plean Teanga Baile Seirbhíse Gaeltachta Leitir Ceanainn seolta go hoifigiúil ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ar chuairt ar Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, sheol Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Ghaeltachta agus an Spóirt, Plean Teanga Baile Seirbhíse Gaeltachta Leitir Ceanainn go hoifigiúil inniu.
Is é an eagraíocht: Líonra Leitir Ceanainn a chuir plean teanga Leitir Ceanainn, a cheadaigh an Roinn i bhfómhar 2020, i dtoll a chéile. Tá Oifigeach Pleanála Teanga, fostaithe ó shin chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta.
Agus an plean á sheoladh aige dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Ba mhaith liom tréaslú le Líonra Leitir Ceanainn - Ceanneagraíocht an Bhaile Seirbhíse Gaeltachta - agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do cheantar Leitir Ceanainn. Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Leitir Ceanainn do phobal an cheantair seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht.”
Nóta don eagarthóir
• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta, tá 22 plean ceadaithe cheana féin – a bhfuil seacht gcinn díobh sin i gContae Dhún na nGall. Tá 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus dár ndóigh An Clochán Liath a ceadaíodh inné.
• Tá trí phlean eile á meas ag an Roinn faoi láthair - plean teanga Oileáin Árainn, plean teanga Oileán Chléire, plean do Bhaile Seirbhíse Ghaeltacht Thrá Lí.
• Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.
• Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.
• Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le BSG Leitir Ceanainn sa chás seo chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na mbailte eile atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta a bheidh freagrach as cabhrú le Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
• Cuirfear buiséad bliantúil suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse 7 mbliana nuair atá pleananna ceadaithe faoin bpróiseas seachas Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí; cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 ar fáil sa dá chás sin. D’fhógair an tAire Stáit agus é ar an gClochán Liath inné maoiniú de €3.4m d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoin bPróiseas Pleanála Teanga.
• Tugtar léargas cuimsitheach ar a bhfuil ar bun agus beartaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i bPlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 an Rialtais don Ghaeilge - a bhfuil fáil air ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/