Ní ghlacfar le gnéasachas sa spórt – An tAire Jack Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Deir an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, gur cheart do thíortha na hEorpa comhoibriú ní ba dhlúithe le chéile chun stop a chur leis ngnéasachas sa spórt.
Labhair sé ag cruinniú fíorúil comhchéime de chuid Chomhairle na hEorpa. Rinne airí spóirt na hEorpa plé ag an gcruinniú seo ar chearta daonna sa spórt agus ar fhorbairt a dhéanamh ar chur chuige aontaithe maidir le polasaithe spóirt, forbairt a dhéantar trí athbhreithniú ar Chairt Spóirt na hEorpa.
Dúirt an tAire Chambers: “Tugann Polasaí Náisiúnta Spóirt na hÉireann aitheantas don ról tábhachtach atá ag an spórt san ionchuimsiú sóisialta. Táimid ag obair chun an rannpháirtíocht a mhéadú i measc grúpaí atá faoi ghannionadaíocht, cosúil le mná, le grúpaí atá ag stádas socheacnamaíoch atá níos ísle, le pobail LADTA+ agus le mionlaigh eitneacha.”
“Ní ghlacfar le ciníochas, homafóibe ná gnéasachas sa spórt. Ba cheart go mbeadh timpeallacht fháiltiúil agus inrochtana ann.”
"Ar an drochuair, ní mar sin a bhíonn i gcónaí agus cé gur annamh go leor a dhéantar cionta, níor cheart dúinn glacadh le hiompar ar bith a théann i gcoinne luachanna lárnacha an spóirt, meas, dínit agus comhionannas, go háirithe.”
Dúirt sé, chomh maith, gurb í an chaoi is fearr chun timpeallachtaí ionchuimsitheacha spóirt a fhorbairt ná comhoibriú a chinntiú idir rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail agus eagraíochtaí spóirt a chuireann rannpháirtíocht sa spórt chun cinn i measc an phobail. Dúirt sé go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh go ndéanfaidh gníomhaireachtaí rialtais forbairt ar chomhpháirtíochtaí le heagraíochtaí áitiúla.
“Tá an ghné áitúil fíorthábhachtach chun pobail a chothú agus a spreagadh le linn paindéim COVID-19. Tá dlúthchumarsáid á déanamh againn go leanúnach lenár gcoistí náisiúnta rialaithe spóirt, chomh maith le coistí eile ó earnáil an spóirt.
“Tá comhoibriú níos dlúithe á dhéanamh againn le hearnáil an spóirt le linn na géarchéime. Mar thoradh ar an gcomhoibriú seo, rinneadh forbairt ar threoir agus ar phrótacail COVID-sábháilte, agus cuireadh iad i bhfeidhm, chun traenáil spóirt agus imeachtaí iomaíocha a reáchtáil de réir riachtanais sláinte poiblí. Tá an comhoibriú seo síorathraitheach, chomh maith, agus freagrúil d’fhorbairt na paindéime.”