Déanann na hAirí Foley agus Madigan comhghairdeas le 61,000 scoláire atá ag fáil a dtorthaí Ardteistiméireachta inniu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD comhghairdeas le rang Ardteistiméireachta 2021 atá ag fáil a dtorthaí inniu.
San iomlán, gheobhaidh 61,125 scoláire a dtorthaí inniu, an Ardteistiméireacht Bhunaithe, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta san áireamh.
Eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na torthaí Ardteistiméireachta do 2021 ó 10am inniu. Gheobhaidh scoláirí a dtorthaí go díreach ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra.
Gheobhaidh scoláirí sraith amháin torthaí inniu. Léireoidh a dtorthaí na gráid is fearr a fuair siad ó na scrúduithe agus ó phróiseas na nGrád Creidiúnaithe ar bhonn ábhar ar ábhar.
Tá an stádas céanna ag torthaí an scrúdaithe agus na nGrád Creidiúnaithe.
Dúirt an tAire Foley:
“Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le gach scoláire a mbeidh a dtorthaí á fháil acu inniu. Is é an lá inniu an luach saothair as bhur n-iarrachtaí go léir le roinnt blianta anuas.
“Am spleodrach é seo daoibh agus tá féidearthachtaí ollmhóra romhaibh. Tá teacht aniar iontach léirithe ag scoláirí agus a dteaghlaigh le linn tréimhse a bhí deacair sa dá bhliain scoile atá thart agus guím gach rath agus sonas ar gach duine a bhfuil a dtorthaí á fháil acu inniu agus iad ag gluaiseacht ar aghaidh ar an gcéad chéim eile dá dturas, chuig obair, lena n-áirítear printíseachtaí, nó chuig breisoideachas agus ardoideachas.
“Is mian liom aitheantas a thabhairt freisin don obair ollmhór a bhí i gceist le hArdteistiméireacht na bliana seo. Tá tiomantas agus cúnamh ollmhór léirithe ag múinteoirí, príomhoidí agus scoileanna chun tacú le próiseas na nGrád Creidiúnaithe agus leis na scrúduithe. D'oibrigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit gan staonadh freisin lena chinntiú go ndearnadh an próiseas a reáchtáil go réidh.
"Is mian liom buíochas a ghabháil freisin le baill an Ghrúpa Comhairleach um Phleanáil do Scrúduithe Stáit 2021 as a gcuid oibre agus a dtiomantas. D'oibrigh na comhpháirtithe go léir i dteannta a chéile lena chinntiú go raibh fíor-rogha ag rang 2021 agus go raibh córas ar fáil dóibh a rinne a ndul chun cinn a chumasú ar bhealach cóir agus cothrom.”
Dúirt an tAire Madigan:
“Is lá an-bhródúil é an lá inniu do na scoláirí go léir a bhfuil torthaí á fháil acu ach freisin do na tuismitheoirí, na teaghlaigh agus na foirne scoile a chuir treoir agus tacaíocht ar fáil le linn an turais seo. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhfuil torthaí á fháil acu inniu.
“Ba thréimhse an-dúshlánach í seo do scoláirí ach is féidir libh breathnú siar ar bhur n-iarrachtaí le rí-bhród agus rí-shástacht. Ba mhaith liom gach rath a ghuí oraibh cibé bealach a ghlacann sibh sa bhreisoideachas, san oiliúint nó sa saol oibre.
“Is mian liom buíochas a ghabháil freisin leis na foirne agus na gníomhaireachtaí go léir, lena n-áirítear CSS, a chabhraigh lena chinntiú go raibh tacaíocht agus eolas ar fáil do scoláirí faoina roghanna le linn an phróisis seo. Is mian linn go léir córas oideachais a fheiceáil a chruthaíonn deis do gach scoláire agus a chumasaíonn iad, beag beann ar a gcúlra nó a gcumas, agus bhí sé seo mar chuspóir lárnach ag ár n-iarrachtaí uile i mbliana. Go n-éirí go geal le rang 2021.”
Beidh líne chabhrach iarrthóirí na hArdteistiméireachta, a sholáthraíonn Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Iar-Bhunscoile, ar fáil do scoláirí ionas gur féidir leo teacht ar threoirchomhairleoir le haon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu. Beidh an líne chabhrach ag feidhmiú ó 11am ar an Aoine 3 Meán Fómhair agus is treoirchomhairleoirí cáilithe a bheidh ar fáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ar 1800 265 165.
Tá fáil ar líne chabhrach Iarrthóirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit d’fhiosruithe a bhaineann leis an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra agus leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an tairseach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ag 1800 111135 nó 1800 111136 ó 9 am go 5 pm ón 3 Meán Fómhair go dtí an 13 Meán Fómhair. Lasmuigh de na huaireanta seo is féidir ceisteanna a sheoladh ar r-phost chuig candidateportal@examinations.ie. Tá raon acmhainní folláine a d’fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil freisin ag www.gov.ie/leavingcertificate
Iarradh ar scoileanna tacaíocht a sholáthar d’iarrthóirí ar lá na dtorthaí, trí ligean dóibh teacht chun na scoile más mian leo ag am a bhíonn leagtha amach, bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta Scoláirí ar nós Treoirchomhairleoirí, Ceannairí Bliana, Teagascóirí agus Séiplínigh. Tá sé i gceist go dtacódh na hidirghníomhaíochtaí pleanáilte seo le hiarrthóirí a bhfolláine agus a roghanna oideachais agus gairme todhchaí a phlé. Ba chóir na socruithe ina leith seo a bheith de réir comhairle sláinte poiblí d’fhonn an riosca a bhaineann le COVID-19 a íoslaghdú.
CRÍOCH
Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a rinne próiseas na scrúduithe agus na nGrád Creidiúnaithe a reáchtáil i 2021.
Tá tuilleadh faisnéise do scoláirí, lena n-áirítear faisnéis maidir le marcanna comhpháirteanna a rochtain, féachaint ar scripteanna agus achomhairc ar fáil ar gov.ie/leavingcertificate.
Ar an Aoine 3 Meán Fómhair, beidh rochtain ag scoláirí ar a dtorthaí Ardteistiméireachta ó 10.00.
Cuimseoidh siad seo na torthaí is fearr a fuair siad ó scrúduithe nó Gráid Chreidiúnaithe, ar bhonn ábhair de réir ábhair, i gcásanna inar roghnaigh iarrthóirí scrúduithe agus Gráid Chreidiúnaithe araon.
Ní léiríonn na torthaí an mbaineann an toradh a baineadh amach le próiseas na scrúduithe nó na nGrád Creidiúnaithe.
Príomhdhátaí eile do Scoláirí
Dé Máirt 7 Meán Fómhair: Tairiscintí CAO, marcanna comhpháirteacha ar fáil agus iarratais chun scripteanna a fheiceáil
Ag 2pm Dé Máirt, 7 Meán Fómhair, eiseofar tairiscintí CAO babhta 1 d’iarratasóirí ar mian leo dul ar aghaidh chuig ardoideachas.
Ó 5pm Dé Máirt, beidh an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra don Ardteistiméireacht ar oscailt agus beidh scoláirí in ann a dtorthaí scrúdaithe agus Gráid Creidiúnaithe a rochtain i ngach ábhar.
Beidh scoláirí ábalta marcanna comhpháirte do na torthaí scrúduithe agus marcanna céatadáin measta na scoile mar aon leis na marcanna ríofa do Ghráid Chreidiúnaithe a rochtain.
Beidh scoláirí ábalta ó 5pm Dé Máirt, 7 Meán Fómhair, go dtí 8pm Dé Céadaoin, 8 Meán Fómhair, iarratas a dhéanamh ar a scripteanna scrúduithe a fheiceáil.
Dé Sathairn 11 Meán Fómhair Próiseas féachana ar scripteanna
Féachaint ar scripteanna ar líne – Sa chás go ndearnadh páipéar a mharcáil ar líne, beidh rochtain ag iarrthóirí ó 9am Dé Sathairn, 11 Meán Fómhair, chun féachaint ar a scripteanna ar líne tríd an Tairseach Iarrthóra.
Scripteanna marcáilte ar pháipéar – Beidh iarrthóirí in ann a gcuid scripteanna a fheiceáil i seisiúin ina scoil Dé Sathairn 11 Meán Fómhair. Déanfar iarrthóirí a shannadh ar 1 as 3 sheisiún:
Seisiún 1: 9 am – 11am
Seisiún 2: 12 pm – 2 pm
Seisiún 3: 3 pm – 5 pm
Féadfaidh roinnt scoileanna maidin Dé Domhnaigh, 12 Meán Fómhair, a úsáid le haghaidh seisiún breise más gá. Tabharfaidh scoileanna na n-iarrthóirí amanna coinne dóibh.
Próiseas achomhairc
Osclófar iarratais achomhairc ag 9am Dé Sathairn, 11 Meán Fómhair, agus dúnfar iad ag meán lae Dé Luain, 13 Meán Fómhair.