An Spriocdháta an 15 Bealtaine chun Iarratais BPS Ar Líne a Chur ar Aghaidh curtha i gCuimhne ag an Aire Creed d'Fheirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu sonraí ar na clinicí breise duine le duine d'fheirmeoirí a bhfuil iarratas á dhéanamh ar líne acu ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS). Dé Céadaoin an 15 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar leis na hiarratais uile ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus aistriú teidlíochtaí ar líne.
Le roinnt seachtainí anuas, tá clinicí á reáchtáil ag an Roinn d'fheirmeoirí ar fud na tíre chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí a gcuid iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus Aistriú Teidlíochtaí a dhéanamh ar líne.
Dúirt an tAire:
"Tá réimse buntáistí ann d'fheirmeoirí a dhéanann iarratais ar líne, agus tá mé tiomanta do chinntiú go mbeidh gach cúnamh atá ag teastáil ó fheirmeoirí ar fáil dóibh le go mbeidh siad in ann na hiarratais ar scéimeanna íocaíochta riachtanacha a dhéanamh. Dá bharr sin, d'iarr mé ar oifigigh mo Roinne sraith bhreise de chlinicí duine le duine a chuir ar fáil d'fheirmeoirí mar go bhfuil spriocdháta an 15 Bealtaine ag teannadh linn."
Is iad seo a leanas sonraí na gclinicí:
Dáta | Áit | Am |
Dé Máirt an 14 Bealtaine | Oifigí DAFM, Doire Shalach, Droim Seanbhó, Co Liatroma | 9 am – 5 pm |
Dé Céadaoin an 15 Bealtaine | Oifigí DAFM, Sráid Fhearnáin, An Cabhán, Co an Chabháin | 9 am – 5 pm |
Dúirt an tAire:
"Bhí an-tóir ag feirmeoirí ar na clinicí seo le roinnt seachtainí anuas. Tá iarratas ar líne déanta cheana ag 96,200 feirmeoir go dtí seo, agus thapaigh go leor eile an deis suí síos in éineacht le duine de na baill foirne i mo Roinn agus a gcuid iarratas a dhéanamh ar an láthair. Mholfainn d'fheirmeoirí nach bhfuil iarratas déanta acu fós sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir."
Chomh maith leis na socrúcháin sin, tá cúnamh tugtha ag baill foirne na Roinne d'fheirmeoirí lena gcuid iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus Aistriú Teidlíochtaí a dhéanamh inár n-oifigí i bPort Laoise le roinnt seachtainí anuas. Beidh an tseirbhís ar fáil le linn tráthanna níos faide sa tréimhse roimh spriocdháta an 15 Bealtaine in Oifigí na Roinne in Oifigí an Rialtais, Bóthar Mhainistir Laoise, Port Laoise.
Is féidir le feirmeoirí bualadh isteach chuig Oifigí an Rialtais i bPort Laoise:
Beidh Deasca Cabhracha teileafóin na Roinne ar fáil le linn tráthanna níos faide sa tréimhse roimh an spriocdháta.
CRÍOCH
Tá liosta iomlán de na clinicí BPS atá fós ar siúl le fáil ar láithreán gréasáin an DAFM anseo.
Chun cúnamh a fháil chun clárú ar www.agfood.ie ar dtús sula ndéantar iarratas ar líne, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Clárúcháin AgFood ar 0761 064424. Is féidir leo glaoch ar an uimhir sin chomh maith má tá cúnamh ag teastáil uathu comhairleoir talmhaíochta nó comhairleoir Teagasc a chlárú chun iarratas a dhéanamh ar a son. Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird nach mór dóibh clárú ar www.agfood.ie ar dtús sula mbeidh siad ábalta a n-iarratais a chomhlánú ar líne. Ní mór dóibhsean nach bhfuil cláraithe fós, sin a dhéanamh chomh luach agus is féidir.
Chun cúnamh a fháil chun na foirmeacha a chomhlánú ar líne, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach na bhFiosruithe maidir leis an bhFoirm Iarratais BPS ar 0761 064420.
Mura bhfuil tú cláraithe fós, déan sin anois ar www.agfood.ie NÓ mura bhfuil tú ábalta clárú ar www.agfood.ie tabhair leat d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) agus Aitheantas Fótagrafach de shaghas éigin.
Má tá tú cláraithe cheana féin, tabhair leat do Chód Rochtana Pearsanta 7 n-uimhir (PAC) chomh maith le do chuid sonraí logála isteach (ainm úsáideora agus pasfhocal) a shocraigh tú nuair a chláraigh tú.
Ba chóir duit na nithe seo a thabhairt leat chomh maith: