Tugann an tAire Donohoe ‘cuairt fhíorúil’ ar Washington D.C. chun tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chaidreamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo thug an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, faoi chlár fíorúil gníomhaíochtaí le príomhtheagmhálaithe in Washington D.C.
Deis ba ea ‘an chuairt fhíorúil’ seo chun caidreamh a chothú agus plé a dhéanamh le príomhtheagmhálaithe i rialtas na Stát Aontaithe, i gCnoc an Chaipeatóil, agus le pobal gnó na hÉireann-na Stát Aontaithe, ó tharla nach bhféadfaí taisteal chomh fada le Washington mar gheall ar Covid-19.
Thar dhá lá, reáchtáil an tAire plé le Fo-Rúnaí Státchiste na Stát Aontaithe, Brett McIntosh; Cathaoirleach Choiste Airgeadais an tSeanaid, an Seanadóir Chuck Grassley; agus comhairleoir geilleagrach an Uachtaráin sa Teach Bán, Kevin Hassett. Reáchtáil an tAire plé le Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Kristalina Georgieva, agus pléadh freagairt an Chiste don dúshlán geilleagrach domhanda a bhaineann le Covid-19.
Ghlac an tAire páirt i gcruinniú comhchéime gnó a reáchtáil Comhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe, áit ar sholáthair sé nuashonrú maidir le geilleagar na hÉireann agus ar tharraing sé aird ar na príomhphointí a bhaineann le mealltacht leanúnach na hÉireann mar chomhpháirtí trádála agus suíomh infheistíochta.
Sholáthair an Clár deis don Aire Donohoe plé a dhéanamh ar an gcaidreamh déthaobhach láidir idir Éire agus na Stáit Aontaithe, chun tuairimí a roinnt maidir le tionchar geilleagrach Covid-19 agus conairí téarnaimh, agus chun an caidreamh dinimiciúil débhealach trádála agus geilleagrach a phlé.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire ag deireadh an Chláir:
“Is comhpháirtithe tábhachtacha iad Éire agus na Stáit Aontaithe. Deis ba ea ‘an chuairt fhíorúil’ caidreamh na hÉireann leis na príomhfhigiúirí i rialtas na Stát Aontaithe, i gComhdháil na Stát Aontaithe agus sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a chothú, agus cur leis an gcaidreamh atá forbartha agam i rith na gcuairteanna atá tugtha agam ar Washington le blianta beaga anuas. Baineann tábhacht ar leith leis an obair seo mar go dtarraingíonn an ghéarchéim reatha aird ar an luach a bhaineann le caidreamh agus le comhoibriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
“I rith na n-imeachtaí seo, bhí deis agam an caidreamh débhealach geilleagrach agus trádála atá ag tacú le poist sa dá thír a phlé, agus conas is féidir linn leanúint leis an gcaidreamh seo a théann chun tairbhe an dá thír a fhorbairt agus a threisiú.
“I ré seo na héiginnteachta, cabhróidh an caidreamh seo agus an malartú leanúnach tuairimí maidir le trádáil agus geilleagar idirnáisiúnta chun cur lenár ndul chun cinn geilleagrach agus sóisialta.”