Fáiltíonn an tAire roimh cheapadh eolaí aeráide na hÉireann do ról sinsearach na Náisiún Aontaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceapadh an Dr Tara Shine mar chomh-éascaitheoir ar Idirphlé Saineolaithe Struchtúrtha de chuid an dara hAthbhreithniú Tréimhsiúil faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC). Is éard atá in Idirphlé Struchtúrtha na Saineolaithe ná díospóireacht eolaíochta - beartais mar chuid den Athbhreithniú Tréimhsiúil ar an gcuspóir fadtéarmach ardú teochta domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C, agus é mar aidhm acu méadú 1.5°C a bhaint amach. Déanfaidh siad an dul chun cinn i dtreo na sprice sin a mheas agus aithneoidh siad na dúshláin agus na deiseanna atá ann maidir lena baint amach.
Ag fáiltiú dó roimh an gceapachán inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Dr Shine as a ceapadh mar chomh-éascaitheoir ar Idirphlé Struchtúrtha Saineolaithe faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC). Nuair a ainmníodh agus nuair a ceapadh í don ról tugadh aitheantas don taithí fairsing atá aici agus don obair a rinne sí mar eolaí comhshaoil, mar idirbheartaí idirnáisiúnta ar an athrú aeráide agus mar chomhairleoir do rialtais agus do cheannairí domhanda ar bheartas comhshaoil agus aeráide, agus ar ábhair a bhaineann le ceartas aeráide.
“Tá an-áthas orm tacú leis an Dr Shine sa ról seo, léiríonn sé tiomantas na hÉireann do chur chuige bunaithe ar eolaíocht maidir le cinnteoireacht i leith na haeráide, agus an gá atá ann teagmháil leanúnach a dhéanamh le tíortha eile ar an leibhéal idirnáisiúnta faoi dhúshlán na haeráide domhanda atá le sárú againn go léir. Rud bunúsach is ea go n-éistfimid leis an bhfianaise eolaíoch agus leis an méid atá á insint dúinn faoi thodhchaí ár bpláinéid.
Is í an Dr Shine, Stiúrthóir Change by Degrees agus Cathaoirleach na hInstitiúide Idirnáisiúnta Comhshaoil agus Forbartha, agus d’fháiltigh sí roimh a ceapachán agus dúirt:
“Is mór an onóir dom gur ceapadh mé don phost seo agus táim ag tnúth go mór le comh-éascú a dhéanamh ar an idirphlé seo idir eolaithe agus lucht déanta beartas. Déanfaidh ár gcuid oibre le chéile measúnú ar an dul chun cinn atá déanta chun an sprioc 1.5°C a bhaint amach agus na deiseanna atá againn inniu chun córas sábháilte aeráide a sholáthar do na glúine atá le teacht.”
CRÍOCH
Idirphlé Struchtúrtha Saineolaithe (SED)
Tacóidh an SED le hobair Chomhghrúpa Teagmhála SBSTA agus SBI de chuid UNFCCC agus áiritheoidh sé sláine eolaíoch an athbhreithnithe thréimhsiúil trí thuairimí, faisnéis agus smaointe dírithe a mhalartú. Déanfaidh an SED faisnéis eolaíoch a bhaineann leis an athbhreithniú a mheas trí cheardlanna rialta eolaíochta agus cruinnithe saineolaithe. Cuireann an SED ardán ar fáil le haghaidh idirphlé agus cuirfidh sé le hullmhú agus breithniú tuarascálacha sintéise ar an athbhreithniú agus cuideoidh sé leo.
Éascaíonn dhá chomh-éascaitheoir an SED, ceann ó Pháirtí atá san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (Tíortha Forbartha) agus ceann ó Pháirtí nach bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Déanfaidh na comh-éascaitheoirí na díospóireachtaí a bhainistiú agus a éascú, a athbhreithniú agus a thabhairt chun críche na tuarascálacha gaolmhara ullmhaithe ag Rúnaíocht an UNFCCC. Soláthraíonn na SEDanna ionchur lárnach i dtuarascáil deiridh an Dara hAthbhreithniú Tréimhsiúil.
An Dara hAthbhreithniú Tréimhsiúil
Is é cuspóir an dara hathbhreithniú tréimhsiúil ná tuiscint na bPáirtithe a fheabhsú ar an gcuspóir fadtéarmach teochta agus éifeacht iomlán na gcéimeanna a ghlacann Páirtithe a mheas d’fhonn an aidhm fhadtéarmach dhomhanda a bhaint amach i bhfianaise chuspóir deiridh an Choinbhinsiúin.
Sprioc Fhadtéarmach Theochta faoi mar a glacadh í mar chuid de Chomhaontú Pháras
Méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go maith faoi bhun 2°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, ar an tuiscint go laghdódh sé seo go mór na rioscaí agus na tionchair a bhainfeadh le hathrú aeráide.
Tuarascáil an Athbhreithnithe Thréimhsiúil
Rinneadh an chéad Athbhreithniú Tréimhiúil ó 2013 go 2015. Mar thoradh ar a chonclúidí rinneadh modhnú ar chuspóir fadtéarmach an UNFCCC agus cinneadh gurb é an sprioc an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a shrianadh go 1.5°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha, ar an tuiscint go laghdódh sé seo rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide go suntasach (Cinneadh 10/CP.21, alt 4) (an teorainn teochta céanna agus atá in Airteagal 2.1(a) de Chomhaontú Pháras ).
An Dr Tara Shine - Beathaisnéis
Chaith an Dr Tara Shine 20 bliain mar idirbheartaí idirnáisiúnta ar athrú aeráide agus mar chomhairleoir do rialtais agus do cheannairí domhanda ar bheartas comhshaoil. Bhí sí ina Comhairleoir Speisialta ag Fondúireacht Mary Robinson - Ceartas Aeráide agus The Elders sular bhunaigh sí Change by Degrees, comhairleacht faoi inbhuanaitheacht atá lonnaithe i gCionn tSáile, Co Chorcaí. Tá Tara ina Cathaoirleach ar Bhord na hInstitiúide Idirnáisiúnta Comhshaoil agus Forbartha (IIED) agus ina ball den dámh agus ina príomh-éascaitheoir do shruth infheictheachta Homeward Bound, clár ceannaireachta domhanda do mhná san eolaíocht. Scríobh sí 'How to Save Your Planet One Object At A Time' a d’fhoilsigh Simon agus Schuster in Aibreán 2020. Is cumarsáidí eolaíochta agus láithreoir teilifíse í Tara agus cuirfidh sí an Royal Institution Christmas Lecture.