Deontais á bhfógairt agus taighde á sheoladh ag an Aire Stáit Chambers le linn a chuairte ar cheantar Chois Fharraige inniu
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, cuairt ar Ghaeltachta Cois Fharraige inniu (Déardaoin 29 Iúil).
Tosóidh an chuairt ar maidin nuair a chasfaidh sé le Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta chomh maith le cuairt a thabhairt ar chliantchomhlacht dá gcuid - Aran Biomedical, ar an Spidéal.
Rachaidh sé siar ansin go Ros an Mhíl áit a bhfógróidh sé deontas €58,245 do Choiste Scoil Ros an Mhíl a chuirfidh ar chumas na scoile comhairleoirí a cheapadh chun naíonra a dhearadh agus a thógáil ar shuíomh na scoile. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ionad buan ag an naíonra, rud nach bhfuil acu faoi láthair.
Tapóidh sé an deis chomh maith, deontas suas le €43,369 a cheadú do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin chun oibreacha breise a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nua ata á fhorbairt aige ar an oileán fad atá an conraitheoir ar an suíomh. Cuirfidh an cúnamh seo ar chumas an chomhlachta seirbhísí breise a sholáthar ón ionad – gteic agus naíonra. Fágann seo go bhfuil €521,629 san iomlán ceadaithe ag Roinn an Aire Chambers d’fhorbairt an ionaid seo.
As sin, buailfidh an tAire Chambers isteach chuig ceannceathrú Fíbín i mBaile na hAbhann agus chuig an bPota Café béal dorais chun bualadh leis an eagraíocht, Tuismitheoirí na Gaeltachta, chomh maith le tuistí a bhaineann leas as na tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil, le cúnamh na Roinne. Ina theannta sin seolfaidh sé taighde faoi ghnóthaí Gaeilge i measc theaghlaigh na Gaeltachta. Ina dhiaidh sin tabharfaidh sé cuairt ar TG4.
Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Tá áthas ar leith orm cuairt a thabhairt ar cheantar Cois Fharraige arís chun an obair fhónta atá ar siúl ar an talamh ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge a fheiceáil dom fhéin. Rachaidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu maidir le forbairt naíonra i gceantar Ros an Mhíl agus forbairt ionaid pobail ar Inis Meáin, chun leasa an dá phobal atá i gceist.
Is mór an onóir dom, chomh maith, an deis a bheith agam an taighde is deireanaí a choimisiúnaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta - le cúnamh mo Roinne - a sheoladh go hoifigiúil. Cabhróidh an taighde le tuilleadh leasa a bhaint as na hacmhainní suntasacha atá á gcur ar fáil don phróiseas pleanála teanga trí chéile - go háirithe mar a bhaineann an próiseas le teaghlaigh na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Thug an chamchuairt seo an deis dom chomh maith, léargas níos fearr a fháil ar an obair atá ar siúl ag an Údarás agus a gcliant chomhlachtaí i gCois Fharraige go sonrach. Léirítear i straitéis nua-fhoilsithe an Údaráis don tréimhse go dtí 2025 an obair atá ar bun agus beartaithe acu thar an tréimhse sin ar leas na Gaeltachta.”
Is faoin Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá na deontais á gcur ar fáil do Choiste Scoil Ros an Mhíl agus do Chomhlacht Forbartha Inis Meáin faoi seach. Tá eolas breise faoin gclár le fáil ANSEO. Ceadaíodh clár maoinithe trí bliana ar fiú €1.6m le gairid don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Cuireadh an ciste méadaithe sin ar fáil - a thagann sna sála ar an gciste 3 bliana a cuireadh ar fáil dóibh roimhe seo - le go mbeidh an eagraíocht in ann tacú níos fearr, ar bhonn limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus i gcomhar leis an ngréasán Oifigigh Pleanála Teanga, le teaghlaigh Ghaeltachta atá nó ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge