Bronnann an tAire O'Gorman maoiniú ar Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ríméad ar an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman TD, an dámhachtain de €93,000 a fhógairt do Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg.
Cuireann an maoiniú ar chumas Comhairlí ar fud na tíre trealamh TFC a cheannach lena chinntiú gur féidir le Comhairle na nÓg leanúint dá ról tábhachtach a sholáthar lena chinntiú go n-éistear le guthanna daoine óga le linn srianta leanúnacha COVID-19. Fuarthas iarratais ó 30 Údarás Áitiúil, agus bronnadh dámhachtainí ar gach ceann acu.
Le linn COVID-19, bhí Comhairle na nÓg ar fud na tíre athléimneach agus nuálaíoch agus iad ag leanúint ar aghaidh lena gcuid ábhar oibre a chur chun cinn agus a chinntiú go leanann baill na Comhairle orthu ag glacadh páirte i bpróisis chinnteoireachta ina bpobail trí aistriú go samhail soláthair seirbhíse ar líne nó cumaiscthe. Tá Comhairlí ar fud na tíre tar éis dul i mbun réimse leathan tionscadal chun teagmháil a dhéanamh ní amháin le daoine óga eile agus tacú leo, ach freisin le daoine aosta agus a bpobail níos leithne le linn srianta COVID-19.
Tá an-áthas ar an Aire an tacaíocht seo a sholáthar d’obair Chomhairle na nÓg trí chlár Maoinithe Caipitil a Roinne.
In 2019 ghlac beagnach 4,000 duine óg páirt in obair Chomahirle na nÓg ar fud na tíre. Cuideoidh Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg le hÚdaráis Áitiúla ina n-iarrachtaí a chinntiú gur féidir leis an líon uasta daoine óga leanúint ar aghaidh ag glacadh páirte in obair Chomhairle na nÓg agus gur féidir le daoine óga nua a bhí eisiata roimhe seo a bheith páirteach.
CRÍOCH
Is comhairlí óige áitiúla (12-18 mbliana d’aois) iad Comhairle na nÓg a thugann guth do dhaoine óga maidir le beartais agus seirbhísí áitiúla a fhorbairt. Is iad seo an struchtúr náisiúnta aitheanta le haghaidh rannpháirtíochta leanaí agus daoine óga i gcinnteoireacht i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil. Faigheann siad tacaíocht ó Chiste Forbartha Chomhairle na nÓg na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) agus ó Oifigigh Rannpháirtíochta DCEDIY.