Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar vacsaínithe dóibh siúd atá gafa sa teach i ndiaidh go ndearnadh plé le FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá nuashonrú á fhógairt ag an Aire Sláinte ar chlár vacsaínithe COVID-19 dóibh siúd atá gafa sa teach.
Bhí an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna (an SNO) ag oibriú go dian agus ardmhéid atreoruithe á bpróiseáil acu a fuarthas don chlár. Tá seirbhís seacht lá á hoibriú ag an SNO faoi láthair agus tá siad ag freastal ar thart ar 400 coinne sa tseachtain (50-60 sa lá).
Dúirt an tAire Donnelly:
"Labhair mé le FSS agus tá córas tiomnaithe á chur i bhfeidhm anois lena chinntiú go ndéanfar teagmháil leo siúd go léir atá ag feitheamh le vacsaíniú sna laethanta amach romhainn. Ba mhaith liom athdhearbhú a thabhairt do dhaoine aonair agus a dteaghlaigh atá ag feitheamh le vacsaíniú go fóill, go ndéanfaidh FSS teagmháil dhíreach leo agus go dtabharfaimid an vacsaín laistigh de thréimhse 3 seachtaine.
"Anuas air sin, déanfaidh an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna a toilleadh a dhúbailt ón tseachtain seo chugainn chun dlús a chur leis an soláthar vacsaíní. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna as an obair a rinne siad ar an gcuid seo den chlár le roinnt seachtainí anuas."
Faoi mar a bhíonn i gceist le gach gné den chlár vacsaínithe, braitheann seachadadh vacsaínithe ar sholáthar agus ar thosca eile. Ina measc seo, tá an gá breis agus 30-40 nóiméad a chaitheamh ag gach áit chónaithe. I thart ar 10% de na cásanna, féadfaidh cuairteanna a fhaide le 50 nóiméad a ghlacadh mar gheall gur gá tréimhse bhreathnóireachta 30 nóiméad a chaitheamh de bharr stair leighis. Mar gheall go bhfuil na daoine atá le vacsaíniú scaipthe fud fad na tíre, féadann gach cuairt a thugann foireann Otharchairr méid suntasach ama a ghlacadh chun a gcinn scríbe a bhaint amach.
Tá súil leis go gcuirfear na chéad dáileoga mar chuid den chlár seo i gcrích i mBealtaine 2021, agus táthar ag súil leis go gcríochnófar an dara dáileog a thabhairt do dhaoine i Meitheamh 2021. Tá líon mór daoine ann faoi láthair atá triáiseáilte go hiomlán agus atá ag feitheamh lena gcéad dáileog den vacsaín. Tá borradh tagtha ar an bhfigiúr i ndiaidh go ndearnadh roinnt atreoruithe ní ba dhéanaí. Chuir FSS breis agus 1,800 coinne ar tairiscint go dtí seo mar chuid den chlár seo, do dhaoine ar atreoraigh a nDochtúir Ginearálta iad.