Tugann an tAire Creed cead i leith mórthionscadal €14.7m le haghaidh méadú cé 120 méadar sna Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, síniú conartha €14.7 milliún le haghaidh oibreacha caipitiúla chun forbairt ché 120m ar fad agus le haghaidh oibreacha gaolmhara ag Smooth Point, Lárionad Cuan Iascaigh na gCealla Beaga, Co. Dhún na nGall.
Le linn fáilte a chur roimh an gconradh leis an gconraitheoir ABCO/Fugro JV dúirt an tAire an méid seo a leanas: “Is infheistíocht an-suntasach í seo do chósta Iarthuaisceart na hÉireann agus cuirfidh sí borradh faoi cheantar na gCealla Beaga agus Dhún na nGall i gcoitinne. Cuirfidh an Tionscadal 120 méadar breise de spás inoibrithe cé ar fáil sa chuan agus, mar thoradh air sin, cuirfear feabhas ar dhálaí sábháilteachta sa chuan trí mhaolú a dhéanamh ar phlódú i rith an bhuaicséasúir iascaireachta sa mhórchalafort seo.”
Seo an dara céim de thionscadal SmoothPoint - bhain an chéad chéim le tabhairt chun bealaigh agus diúscairt dríodar éillithe ar chostas thart ar €6.6m. Baineann an chéim dheireanach seo le tabhairt chun bealaigh na ndríodar neamhéillithe atá fágtha agus le tógáil bhalla na cé breise 120 méadar agus bhí an conradh ina leith ina ábhar próisis tairisceana poiblí. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis na hoibreacha i mí Mheán Fómhair agus go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích, nach mór, laistigh de 9 mí.
Lean an tAire air agus dúirt an méid seo a leanas: “Le linn an fhorbairt seo a cheadú tá aird tugtha agam ar an rath gan mhacasamhail a bhí ar an mórfhorbairt chuain roimhe seo sa bhliain 2004 ó thaobh méadú a dhéanamh ar ghabhálacha éisc, rud a spreag forbairt na dtionscal a lean as an tionscadal ar an tír mór agus a mheall gníomhaíochtaí tráchtála muirí eile go dtí na Cealla Beaga. Mar thoradh ar an rath sin, tá gá le mórleathnú eile chun bainistíocht a dhéanamh ar na leibhéil gníomhaíochta reatha agus chun todhchaí an chuain a áirithiú. Soláthróidh an mórleathnú balla cé seo ionaid feistithe do thuairim is 10 dtrálaer mhóra iascaireachta peiligí agus éascóidh sé feistiú sábháilte do na soithí is mó dá bhfuil ann sa loingeas Atlantach nuair a bhíonn deireadh na mbád feistithe leis an gcé.”
Mar a mhínigh an tAire Creed: “Is é atá i mbeartas an Rialtais ná méadú mór a dhéanamh ar thabhairt i dtír na ngabhálacha in Éirinn ó na soithí go léir a bhíonn ag iascaireacht sna huiscí thart ar Éirinn. Is mian linn go mbeidh Éire ina mol le haghaidh na ngníomhaíochtaí muirí go léir ar féidir iad a ghiniúint trí leas a bhaint as na hacmhainní in-athnuaite seo inár réimse muirí. Maidir lenár n-uaillmhianta sa réimse seo a bhaint amach, is céim thábhachtach í ár gcuid Lárionad Cuan Iascaigh, amhail na Cealla Beaga, a fhorbairt chun an tionscal a éascú agus chun a chur ar a chumas tabhairt i dtír na ngabhálacha sin a mhealladh agus a láimhseáil i gcomhréir le straitéis chomhtháite forbartha muirí an Rialtais dar teideal “Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin” .“
Agus é ag tabhairt a óráide chun críche, dúirt an tAire an méid seo a leanas: “Dar liomsa, is ionann an tionscadal agus ní hamháin dea-theist ar thacaíocht an Rialtais do thionscadal iascaireachta na gCealla Beaga agus d’fhorbairt leanúnach na hearnála bia mara i gcoitinne ach, freisin, ar ár dtiomantas i leith forbairt shóisialta agus eacnamaíochta pobal tuaithe cósta. Tar éis iad a chríochnú, beidh na saoráidí ar comhchéim le scothshaoráidí na hEorpa agus tabharfaidh siad spreagadh don tionscal iascaireachta agus don gheilleagar áitiúil i nDún na nGall agus cumasóidh siad mórleathnú na hearnála tacaíochta bia mara agus na dtionscal eile san Iarthuaisceart a bhfuil baint acu le cúrsaí muirí. Tá méadú mór tagtha ar an líon long cúrsála agus soithí lastais atá ag teacht isteach i gcuan na gCealla Beaga le blianta beaga anuas agus tá sé tar éis teacht chun bheith ina chuan a roghnaítear chun tuirbíní gaoithe a allmhairiú. Soláthróidh na saoráidí leathnaithe le haghaidh tabhairt i dtír agus an spás cé méadaithe tuilleadh deiseanna le haghaidh éagsúlú eacnamaíochta de chineál níos mó.”
Tá ceadú i bprionsabal tugtha don tionscadal le haghaidh maoiniúcháin faoi Chlár Oibriúcháin na hÉireann i leith an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh, agus tá an tionscadal á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire an méid seo a leanas: “tá dúshláin ann fós do thionscal bia mara na hÉireann, amhail na dúshláin shuntasacha a bhaineann leis an mBreatimeacht. Trí shaoráidí den scoth i leith tabhairt i dtír a sholáthar dár dtionscal agus don líon mór soithí AE eile ar mian linn go n-oibreoidh siad as Éirinn, tá cosaint á cur ar fáil againn dár bpobail chósta agus tá deis á cruthú againn don tionscal bia mara chun fás, chun bisiú agus chun fás comhthráthach tionscal muirí foghabhálach eile a éascú.
Nóta d’eagarthóirí
Grianghraf de na hoibreacha forbartha