Cuireann an tAire Nic an tSaoi agus an tAire de Brúin fáilte achtú dlí chun deireadh a chur le fadhbanna a difear do chearta slí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Dlí agus Cirt, Eiléana Nic an tSaoi, TD, fáilte roimh rith agus achtú an Achta um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2021, inniu. Críochnaíodh céimeanna deiridh an Bhille sa dá Theach den Oireachtas Dé Céadaoin, an 24 Samhain, agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é Dé hAoine, an 26 Samhain. Tagann an tAcht i ngníomh inniu, Dé Máirt, an 30 Samhain.
Leis an Acht seo, aisghairtear roinnt athruithe ar an dlí maidir le héasúintí agus profits à prendre forordaitheacha, faoin Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, ar athruithe iad a bhí le teacht i bhfeidhm Dé Céadaoin, an 1 Nollaig.
Dúirt an tAire:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh achtú an Achta phráinnigh seo. Tríd an Acht a rith seachnaítear deacrachtaí ‘ciumhais aille’ a bhí le bheith ann ar an 1 Nollaig, tráth a raibh mórathruithe ar an dlí a bhaineann le cearta slí príobháideacha agus le cearta forordaitheacha eile le teacht i bhfeidhm.
“Is eol dom go raibh na hathruithe sin a bhí le tarlú ina gcúis imní agus struis do chuid mhór daoine agus gurbh amhlaidh, mar thoradh ar na hathruithe sin, go raibh baol ann go gcaillfeadh feirmeoirí agus úinéirí tí cearta tábhachtacha a bhí á dteachtadh le fada an lá gan aon díospóid ina leith. Leis an Acht seo aisghairtear na hathruithe sin agus cosnaítear cearta atá faighte agus blianta úsáide atá faighte.‘’
Áirítear na nithe seo a leanas i measc samplaí coitianta d’éasúint fhorordaitheach:
- ceart chun píobáin uisce nó séarachais atá faoi thalamh comharsan a úsáid,
- ceart ar thacaíocht idir foirgnimh thadhlacha atá ar úinéireacht ag daoine éagsúla, nó
- ceart slí príobháideach chun rochtain a fháil ar do theach cónaithe, nó ar pháirc de do chuid, ar ceart slí é thar lána a théann trasna thalamh do chomharsan.
Lean an tAire uirthi:
“D’fhéadfadh cuma an-choimhthíoch nó an-doiléir a bheith ar théarmaí dlí amhail ‘éasúintí forordaitheacha’ nó ‘profits à prendre’ ach, go praiticiúil, is saincheisteanna iad a ngabhann iarmhairtí atá an-díreach agus an-phraiticiúil leo i gcás cuid mhór daoine.”
D’ardaigh geallsealbhóirí áirithe mór-ábhair imní faoi na hathruithe a bhí le teacht i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2021, lena n-áirítear an Dlí-Chumann agus Comhairle an Bharra.
Chuir an tAire Stáit, Séamus de Brúin, a sheol an reachtaíocht tríd an Seanad, lena ndúirt an tAire:
“B’ionann an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, agus mír thábhachtach reachtaíochta athchóiriúcháin lena ndearnadh líon mór dlíthe agus coincheap a bhí as dáta a aisghairm agus lena ndearnadh nuachóiriú ar chuid mhór dár ndlí talún agus tíolactha.
“Ach, tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar na hábhair imní a d’ardaigh geallsealbhóirí faoin gcaibidil áirithe sin d’Acht 2009, ba léir, a mhéid a bhaineann leis an réimse an-chasta sin den dlí, nach raibh na forálacha a bhí i gceist ag feidhmiú mar a bhí beartaithe.
“Táim buíoch den Dlí-Chumann agus de Chomhairle an Bharra, go háirithe, as an obair a rinne siad chun aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bheadh ann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil, freisin, leis na geallsealbhóirí go léir a d’oibrigh le mo Roinn chun forbairt a dhéanamh ar fhorálacha an Bhille agus leis an Ard-Aighne i leith na comhairle luachmhaire dlí agus na hoilteachta dréachtaithe a soláthraíodh.’
Chomh maith leis na mórathruithe a bhí le teacht i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2021 faoi Acht 2009 a aisghairm, foráiltear mar a leanas leis an Acht um Athchóiriú an Dlí, 2021:
maidir le héilimh ar bhailíochtú nó ar chlárú cirt fhorordaithigh atá ar feitheamh ar an 30 Samhain (os comhair na gcúirteanna nó os comhair an Údaráis Clárúcháin Maoine), leanfar de bhreith a thabhairt ina leith de réir mar a bhí á dhéanamh roimh an 30 Samhain (mar chásanna idirthréimhseacha, tugadh breith orthu faoin dlí a raibh feidhm aige roimh Acht 2009);
maidir le tréimhsí fada úsáide a fuarthas roimh na blianta 2009 - 2021, nó lena linn, ní chaillfear iad ar an 30 Samhain más rud é nach ndearnadh aon éileamh, ach beifear in ann iad a chomhaireamh i gcónaí in éileamh a dhéantar tar éis an dáta sin (ní athshocraítear an clog);
maidir le héilimh nua (a dhéantar tar éis an 30 Samhain 2021), tabharfar breith orthu den chuid is mó faoin dlí breitheamh-dhéanta (‘an teoiric i leith deonú nua-aimseartha caillte’) a raibh feidhm aige roimh Acht 2009. Is léiriú an méid sin ar an rogha a chuir cuid mhór geallsealbhóirí in iúl agus ceapann na geallsealbhóirí sin gurb ionann an méid sin agus an tsraith rialacha is sásúla agus is so-aitheanta atá ar fáil fad a bheidh athbhreithniú níos mionsonraithe ar feitheamh; agus
beifear fós in ann ceart forordaitheach a dhaingniú, trí iarratas a dhéanamh chun na cúirte nó trína chlárú go díreach leis an Údarás Clárúcháin Maoine. Ach beidh sé sin roghnach (mar a bhí roimh achtú Acht 2009), seachas é a bheith ina cheanglas éigeantach chun cailleadh aon cheart a sheachaint ar cearta iad a fuarthas trí bhíthin úsáid fhadtéarmach.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Leis an Acht seo, tugtar aghaidh ar an riachtanas is práinní trí na mórathruithe a bhí le teacht i bhfeidhm ar an 30 Samhain a aisghairm agus, ar an dóigh sin, trí dheireadh a chur leis an spriocdháta.
“Ach d’fhéadfadh sé go mbeidh gá le hathchóiriú níos cuimsithí. Tá aontaithe ag an Rialtas athbhreithniú am-theoranta a bhunú chun aon athruithe breise is inmhianaithe a shainaithint d’fhonn a chinntiú go mbeidh bonn fadtéarmach inbhuanaithe ag baint leis an réimse seo den dlí.
“Tá súil agam go mbeifear in ann tús a chur leis an obair ar an athbhreithniú go luath san Athbhliain, d’fhonn an obair a chríochnú faoi dheireadh an tsamhraidh.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Táthar ag súil leis go ndéanfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2021, arna achtú, a fhoilsiú go gairid ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais. Idir an dá linn, tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag na naisc seo a leanas: https://www.oireachtas.ie/en/bills/bill/2021/140/?tab=bill-text agus https://president.ie/en/the-president/2021-legislation
Cheadaigh an Rialtas dréachtú agus foilsiú an Bhille um Athchóirí an Dlí Talún agus Tíolactha ar an 21 Meán Fómhair 2021. Foilsíodh an Bille tar éis don Roinn Dlí agus Cirt a bheith i dteagmháil, ar bhonn forleathan, leis na geallsealbhóirí lena n-áirítear an Dlí-Chumann, Comhairle an Bharra, an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.
Foráiltear le halt 7 den Acht go dtiocfaidh an tAcht i ngníomh ar an 30 Samhain 2021. Déantar tagairt san Acht d’éasúintí agus profits à prendre forordaitheacha (tugtar míniú ar na téarmaí sin anseo thíos). Ní dhéanann sé difear do chearta slí poiblí ná do chearta atá leagtha amach i ngníomhais teidil i scríbhinn.
Is éard atá in éasúintí ná cearta príobháideacha áirithe atá ag úinéir maoine thar mhaoin chomharsan. Ar shamplaí coitianta tá:
ceart slí chun rochtain a fháil ar thalamh feirme, nó ar theach cónaithe, ar ceart slí é thar lána a théann thar thalamh comharsan,
ceart chun píobáin uisce nó séarachais atá faoi thalamh comharsan a úsáid,
ceart ar thacaíocht idir foirgnimh thadhlacha atá ar úinéireacht ag daoine éagsúla.
Níl profits à prendre chomh coitianta céanna agus is cearta príobháideacha iad atá ag duine (nach gá, de riachtanas, a bheith ina úinéir maoine nó ina húinéir maoine) thar thalamh duine eile, ar cearta iad lena mbaineann táirge aiceanta na talún a thógáil (amhail cearta iascaireachta agus lámhaigh, nó cearta traidisiúnta áirithe a bhaineann le bailiú feamainne).
Is éard atá in éasúintí (nó profits à prendre) ‘forordaitheacha’ ná cinn atá faighte le forordú (is é sin, trí úsáid, de cheart, ar feadh tréimhse fada, i gcás nach bhfuil aon ghníomhas i scríbhinn ann lena ndeonaítear an ceart go foirmiúil nó i gcás an gníomhas i scríbhinn a bheith caillte). Tá feidhm ag coinníollacha éagsúla dlíthiúla – go háirithe, ní mór don éilitheoir a chruthú go bhfuil líon íosta blianta úsáide leanúnaí i gceist, de cheart, chun a shuíomh go bhfuil éasúint fhorordaithe nó profit à prendre forordaithe faighte aige nó aici. Ba thréimhse fiche bliain an ghnáth-thréimhse úsáide a bhí i gceist roimh theacht i ngníomh Acht 2009.
Faoi Chuid 8 de Chaibidil 1 den Acht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2009, arna leasú leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011, bhí athruithe suntasacha ar an dlí maidir le héasúintí agus profits à prendre forordaitheacha le teacht i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2021. Ach tháinig ábhair mhóra imní chun cinn faoi na hathruithe sin:
ní raibh ceanglas Acht 2009 maidir le clárú éigeantach éasúintí nó profits à prendre forordaitheacha ag oibriú go sásúil, agus an ceanglas sin á chur i bhfeidhm go praiticiúil. Ní rabhthas in ann cuid mhór ceart forordaitheach a chlárú fós, ar cearta iad ar dealraitheach ina leith go raibh siad á dteachtadh le cuid mhór blianta gan aon díospóid ina leith;
bhí na rialacha nua dlí maidir le héasúintí nó profits à prendre forordaitheacha a fháil, a bhí le teacht i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2021, ina gcúis le héiginnteacht ó thaobh cúrsaí dlí de;
mar thoradh ar na rialacha nua sin bhí moilleanna agus fadhbanna ann i leith ceannacháin a dhúnadh, nó i leith morgáistí nó iasachtaí feirme a tharraingt anuas, ó tharla go raibh an mhaoin a bhí i gceist ag brath ar cheart forordaitheach neamhchláraithe (mar shampla, i gcás rochtain ar an mbóthar poiblí a bheith ag brath ar cheart slí príobháideach thar lána a bhí ar úinéireacht ag comharsa);
is éard atá sa tuairim dhlíthiúil is mó a bhfuil glacadh léi ná gurb amhlaidh, faoi Acht 2009, go raibh an clog lena ndéantar na tréimhsí úsáide a bhfuil gá leo chun ceart forordaitheach a shuíomh le hatosú ar an 30 Samhain 2021. Tar éis an dáta sin, ní fhéadfaí ach tréimhsí úsáide dar tosach an 1 Nollaig 2021, nó dá éis, a chomhaireamh agus éileamh á dhéanamh ar cheart forordaitheach nach raibh cláraithe cheana féin – fiú amháin má bhí an ceart á theachtadh le cuid mhór blianta roimhe sin.
Seo a leanas na príomhathruithe a rinneadh le hAcht 2021:
Le halt 6 den Acht, aisghairtear ailt 33 go 39 d’Acht 2009. I gcomhréir leis an rogha a chuir cuid mhór geallsealbhóirí in iúl, is ionann sin agus a rá go n-aisghairtear na mórathruithe ar an dlí maidir le héasúintí (agus profits à prendre) forordaitheacha a bhí le teacht i bhfeidhm tar éis an 30 Samhain agus, ar an dóigh sin, cuirtear deireadh leis na deacrachtaí dlíthiúla ‘ciumhais aille’ a bhí le tarlú.
Ina ionad sin, leagann an tAcht amach roinnt rialacha nua i leith an dlí maidir le héasúintí agus profits à prendre a fháil agus a bhailíochtú. Leagadh na rialacha nua sin amach tar éis teagmháil fhorleathan a bheith ann leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear an Dlí-Chumann, Comhairle an Bharra, an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.
I gcoitinne, tabharfar breith ar éilimh nua (a dhéantar ar an 30 Samhain 2021 nó dá éis) faoin dlí breitheamh-dhéanta (‘an teoiric i leith deonú nua-aimseartha caillte’) a raibh feidhm aige roimh Acht 2009. Is léiriú an méid sin ar an rogha a chuir cuid mhór geallsealbhóirí in iúl agus ceapann na geallsealbhóirí sin gurb ionann an méid sin agus an tsraith rialacha is sásúla agus is so-aitheanta atá ar fáil fad a bheidh an t-athbhreithniú mionsonraithe atá fógartha ag an Aire ar feitheamh.
Faoin Acht, ní hamhlaidh, maidir le tréimhsí fada úsáide a fuarthas roimh na blianta 2009 - 2021, nó lena linn, go gcaillfear iad ar an 30 Samhain mura bhfuil an t-éileamh cláraithe, amhail faoi Acht 2009, ach beifear in ann iad a chomhaireamh fós in éileamh a dhéantar tar éis an dáta sin.
Maidir le hiarratais atá bunaithe ar thréimhsí úsáide a bhí críochnaithe roimh an 1 Nollaig 2009 (is é sin, an dáta ar tháinig Acht 2009 i ngníomh), leanfar de bhreith a thabhairt orthu de réir an dlí a raibh feidhm aige roimh an dáta sin.
Is mar an gcéanna a bheidh an scéal maidir le héilimh (iarratais chun na cúirte nó chun an Údaráis Clárúcháin Maoine ar bhailíochtú nó ar chlárú cirt fhorordaithigh) atá ar feitheamh nuair a thagann an tAcht i ngníomh.
Tá sé beartaithe socruithe speisialta a chur i bhfeidhm maidir le talamh Stáit (lena n-áirítear an urthrá). Faoi alt 3 den Acht (amhail faoi Acht 2009), chun ceart forordaitheach a fháil i gcoinne talamh faoi úinéireacht an Stáit tar éis an 30 Samhain 2021, beidh gá le tréimhsí úsáide níos faide ná mar atá i gceist maidir le héileamh i gcoinne talamh faoi úinéireacht duine phríobháidigh. Ach, seachas sin, beidh feidhm ag na rialacha ginearálta thuas. Agus, faoi Acht 2021, déanfar tréimhsí úsáide roimh an 30 Samhain 2021 a chomhaireamh fós – murab ionann agus an socrú faoi Acht 2009.
Beifear fós in ann ceart forordaitheach a bhailíochtú, trí iarratas a dhéanamh chun na cúirte nó trína chlárú go díreach leis an Údarás Clárúcháin Maoine. Ach beidh sé sin roghnach (mar a bhí sé roimh achtú Acht 2009), seachas é a bheith ina cheanglas éigeantach chun cailleadh aon cheart a sheachaint ar cearta iad a fuarthas trí bhíthin úsáid fhadtéarmach.