Fógraíonn an tAire Ryan ceapachán cathaoirligh ar bhord An Phoist
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, gur ceapadh Carol Bolger ina Cathaoirleach Ainmnithe nua ar Bhord an Phoist.
Agus é ag trácht ar an gceapachán, luaigh an tAire Ryan an cheannasíocht láidir agus an taithí airgeadais a thabharfaidh Ms Bolger léi isteach sa ról. Ghabh an tAire buíochas freisin leis an iar-Chathaoirleach, Dermod Divilly a chríochnaigh a théarma sa phost go mall anuraidh as an gcabhair shuntasach a thug sé.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá athrú suntasach ag teacht ar an bPost agus léirigh sé spiorad iontach pobail agus náisiúnta mar fhreagairt ar an bpaindéim. Thug sé isteach tionscnaimh a bhí thar a bheith luachmhar, go háirithe tionscnaimh a chabhródh le seandaoine agus daoine leochaileacha sa tsochaí agus le fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide. Léirigh An Post ceannaireacht freisin maidir le huaillmhian aeráide agus tá sé tiomanta d’astaíochtaí glan-nialasacha faoi 2030. Lena taithí mhór straitéise agus nuálaíochta agus lena cúlra láidir airgeadais tá Carol fíoroiriúnach leis an athrú leanúnach ag an bPost a bhrú ar aghaidh."
Agus í ag fáiltiú roimh an gceapachán, dúirt an tAire Stáit do Sheirbhísí Poist, Hildegarde Naughton, TD :
"Imreoidh Carol ról fíorthabhachtach mar cheannaire ar An bPost agus é ag dul i dtaithí ar an athrú ar an éileamh ar a phríomhtháirgí agus seirbhísí, agus é fós ag freastal ar an riachtanais atá ag a chustaiméirí ar sheirbhísí iontaofa inacmhainne agus ar ghréasán inmharthana oifig phoist. Tá mé ag súil le bheith ag obair go dlúth Iéi le cabhrú leis an gcomhlacht an uaillmhian atá leagtha amach sa straitéis a sheachadadh."
Ghabh an tAire Ryan buíochas freisin leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí as an bpáirt a bhí aici na próisis oscailte, iomaíocha a sholáthar a chuireann ceapaithe ardchaighdeáin ar fáil i gcónaí do bhoird Stáit.
Mairfidh ceapachán Ms Bolger go ceann cúig bliana.
CRÍOCH
Is tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a rinneadh an ceapachán, de réir "Treoirlínte um Cheapacháin ar Bhoird Stáit", a d’fhoilsigh an Rialtas i Mí na Samhna 2014.
Déanfar socruithe chun go dtiocfaidh Ms Bolger os comhair Choiste an Oireachtais ar Iompar agus Cumarsáid de réir nósanna imeachta leasaithe an Rialtais do Chathaoirligh a mholtar ar Bhoird Stáit.
Beathaisnéis Ghearr
Is Stiúrthóir Cairte í Carol Bolger, Measúnóir le seirbhís Luachála Bhord Institiúid na Stiúrthóirí agus is oide í ar Chlár Stiúrthóra Cairte. Ceapadh í ar Bhord An Phoist in 2017, is Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í ar Bhord BCMGlobal ASI Ltd, Cathaoirleach ar Utexam Solutions Ltd agus Cathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tá taithi leathan bainéireachta aici a fuiar sí i mBaincéireacht Chorporáideach agus Ghnó i mBanc na hÉireann agus i mBanc Uladh an áit a raibh róil shinsearacha aici lena n-áirítear Príomhoifigeach Oibriúcháin agus Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála.
Is Stiúrthóir Deimhnithe Bainc í Carol agus tá cáiliochtaí aici in Airgeadas agus Straitéis & Nuálaíocht. Is Cóistseálaí Feidhmiúcháin í freisin agus creidiúint aici ó Chomhairle Meantóireachta agus Cóisteála na hEorpa. Is Comhalta í agus iar-Bhall Comhairle den Insitiúid Bhaincéireachta, bhí si ina Leas-Uachtarán in 2005.