Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 22 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,792 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 21 Meán Fómhair, cuireadh 334 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 33,444* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“In ainneoin nach bhfuil i gceist ach an ceathrú cuid den daonra, is ionann daoine 15 - 34 bliana d’aois agus 40% de chásanna COVID-19 le dhá mhí anuas. Ní haon ionadh é seo mar is mó seans go mbeidh siad ag bogadh timpeall sa phobal, ag dul ar scoil, ag ardoideachas nó ag obair, agus ag coinneáil ár ngeilleagair agus na bpríomhsheirbhísí ag imeacht.
“Maidir le déagóirí agus daoine ina 20idí agus 30idí go háirithe, tá a fhios agam go bhfuil an méid a iarradh oraibh agus atá á iarraidh oraibh arís neamhghnách. Bhí tionchar ag an bpaindéim seo ar d’oideachas, d’fhostaíocht, do chaidrimh agus do shaol sóisialta. Rinne a bhformhór mór an rud ceart - thug siad aird ar chomhairle sláinte poiblí agus choinnigh siad iad féin agus a dteaghlaigh sábháilte.
“Ach tá an galar ag scaipeadh go díréireach i measc daoine óga faoi láthair. Agus mar sin, iarraim oraibh cloí leis seo agus leanúint den chomhairle sláinte poiblí a leanúint.
“Bí mar eiseamláir do dhaoine eile. Cuir teorainn le líon na ndaoine a mbuaileann tú leo, coinnigh achar fisiceach 2m, caith clúdach aghaidhe, nigh do lámha go maith agus go minic. Tá tábhacht le gach iompar sábháilteachta."
CRÍOCH