Faigheann an tAire McConalogue tuarascáil ó thascfhórsa na hEarnála Bia Mara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuair sé tuarascáil deiridh Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara a bhunaigh sé i mí an Mhárta 2021 chun scrúdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe um Thrádáil agus Comhar ar earnáil na hiascaireachta agus ar phobail chósta. Tagann sé seo i ndiaidh tuarascála eatramhaí a chuir an Tascfhórsa faoi bhráid i mí an Mheithimh 2021.
Bhí Aidan Cotter mar chathaoirleach ar an Tascfhórsa, le cúnamh ó ghrúpa stiúrtha Margaret Daly agus Mícheal Ó Cinnéide, comhdhéanta de dheichniúr ionadaithe ón earnáil iascaireachta, ionadaithe ó na hearnálacha próiseála dobharshaothraithe agus bia mara, pobail chósta, údaráis áitiúla cósta agus gníomhaireachtaí Stáit éagsúla um fhorbairt fiontar.
Tar éis dó an tuarascáil a fháil, dúirt an tAire McConalogue:
“Bhí roinnt éifeachtaí dochracha suntascha d’Éirinn ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ón gComhaontú Trádála agus Comhair a comhaontaíodh ag deireadh 2020, go háirithe dár n-earnáil iascaireachta agus do na pobail chósta atá ag brath ar an iascaireacht. Lena leithéid d’imeacht fíorannamh bhí gá le freagairt chomhchoiteann ó na gnólachtaí bia mara agus na pobail chósta a bhfuil faoina thionchar agus ó raon iomlán comhlachtaí Stáit a bhfuil ról acu inár bhfreagra. Sin é an fáth ar bhunaigh mé Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara i mí an Mhárta i mbliana agus tar éis seacht mí de phléití ag an Tascfhórsa, fuair mé a Thuarascáil Deiridh inniu ”.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Is mian liom buíochas a ghabháil le Aidan Cotter as a cheannaireacht mar chathaoirleach ar an Tascfhórsa agus gabhaim buíochas le Margaret Daly agus le Mícheal Ó Cinnéide as a dtiomantas agus a n-obair chrua ag cabhrú le Aidan obair an Tascfhórsa a stiúradh. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil freisin le baill uile an Tascfhórsa as a rannpháirtíocht chuiditheach le hobair an Tascfhórsa agus as an iliomad uaireanta agus laethanta a chuir siad isteach sa phróiseas. Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas le BIM as a gcuid oibre crua mar rúnaíocht agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thábhacht a gcuid taighde agus anailíse chun obair an Tascfhórsa a chur ar an eolas ”.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh:
“D’iarr mé ar mo Roinn an tuarascáil a scrúdú go práinneach d’fhonn freagairt chuimsitheach ar thionchair an TCA ar ár n-earnáil iascaireachta agus ar phobail chósta a chur chun feidhme go tapa. Scrúdófar na bearta a mholtar agus aird ar leith á tabhairt ar na cistí atá ar fáil agus ar incháilitheacht na mbeart molta le haghaidh maoinithe faoin gCúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta, an Ciste Eorpach, Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus le foinsí maoinithe ábhartha eile agus maidir le rialacha Cúnaimh Stáit agus an Cód Caiteachais Phoiblí ”.
Is gníomh i bPlean Gníomhaíochta 2021 na Roinne é an Tascfhórsa um Earnáil Bia Mara a bhunú faoin Sprioc Straitéiseach chun ‘earnáil bia mara inbhuanaithe, iomaíoch agus nuálach a sheachadadh, arna thiomáint ag fórsa saothair oilte, ag seachadadh táirgí breisluacha ar aon dul le héileamh na dtomhaltóirí’.
Tá tuarascáil iomlán Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara ar fáil anseo Tuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara - Athrú a Dhéanamh - An bealach chun tosaigh dár nEarnáil Bia Mara agus dár bPobail Chósta i bhfianaise Chomhaontú Trádála agus Comhair an AE / na RA
Nóta d'Eagarthóirí
Bhunaigh an tAire McConalogue an Tascfhórsa i mí an Mhárta 2021. Tá na Téarmaí Tagartha anseo.
Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara
Cathaoirleach - Aidan Cotter
Grúpa Stiúrtha - Margaret Daly agus Mícheal Ó Cinnéide
Baill
• Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga
• Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Theas agus Thiar na hÉireann
• Eagraíocht Iascairí Theas agus Thoir na hÉireann
• Eagraíocht Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann PO
• Fóram Náisiúnta Iascaigh Intíre
• Comharchumann Iascairí an Fheabhail
• Comharchumann Iascairí Cheann Chlochair
• Comharchumann Iascairí na Gaillimhe & Árann
• Comharchumann Iascairí Bhaile Chaisleáin Bhéarra
• Eagraíocht Próiseálaithe agus Onnmhaireoirí Éisc na hÉireann
• Cumann Feirmeoirí na hÉireann (brainse dobharshaothraithe)
• Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh
• Líonra Forbartha Áitiúil na hÉireann
• Fiontraíocht Éireann
• Údarás na Gaeltachta
• Bord Bia
• Comhairle Chontae Chorcaí
• Comhairle Contae Dhún na nGall
• An Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara
• Bord Iascaigh Mhara (rúnaíocht)
Is féidir teacht ar Phlean Gníomhaíochta na Roinne 2021 ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH