Fógartha ag Creed go bhfuil tús luath curtha le híocaíochtaí comhardaithe GLAS, ar fiú €26m iad, le feirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuil tús le cur le híocaíochtaí comhardaithe GLAS faoi dheireadh na seachtaine seo. Tosófar ag eisiúint breis is €26m in íocaíochtaí comhardaithe GLAS le breis is 42,300 feirmeoir atá rannpháirteach i Scéim GLAS agus beidh an t-airgead i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí ag tús na seachtaine seo chugainn.
Léiríonn an íocaíocht chomhardaithe an 15% deiridh d'íocaíocht 2019 agus tugann sin an íocaíocht iomlán do ghníomhaíochtaí GLAS a rabhthas ina mbun anuraidh chun críche.
Ag tagairt do na híocaíochtaí dúirt an tAire:
"Ag an am deacair seo, tá áthas orm a bheith ábalta tús a chur leis na híocaíochtaí comhardaithe GLAS seo mí níos túisce ná mar a bhí beartaithe. Déanfar na híocaíochtaí an tseachtain seo le breis is 42,300 feirmeoir arb ionann iad agus 87% de rannpháirtithe GLAS agus de bharr go bhfuil an íocaíocht seo tugtha chun cinn againn, ba chóir go gcuirfeadh sí feabhas mór ar shreabhadh airgid ar fheirmeacha na hÉireann san am dúshlánach seo. Is cuid thábhachtach atá anseo den fhreagra atáimid a thabhairt ar an tionchar atá ag Covid-19 ar ioncam fheirmeacha na hÉireann."
Dúirt an tAire:
"Tugann íocaíocht breis is €26m an lae inniu go dtí beagnach €800m na híocaíochtaí iomlána atá déanta go dtí seo maidir le GLAS. Is í an tosaíocht atá againn anois leanúint d'íocaíochtaí a dhéanamh le hiarratasóirí eile de réir mar a bheidh siad á gcáiliú agus leanfaimid d'íocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn leanúnach."
Mhol an tAire do na feirmeoirí a bhfuil aon cheisteanna acu maidir le GLAS iad a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie agus ba chóir d'fheirmeoirí fanacht go dtí go mbeidh scéala faighte acu ón DAFM faoi thús na seachtaine seo chugainn maidir le cibé an bhfuil an íocaíocht déanta leo sula rachaidh siad i dteagmháil leis an Roinn. Tá líne chabhrach GLAS ar fáil chomh maith ach d'fhéadfadh sé go mbeadh moill ar iarratasóirí fáil a bheith acu ar an tseirbhís seo mar go bhfuil go leor daoine á húsáid faoi láthair. Is ar an ríomhphost an bealach is fearr le fiosruithe a chur chugainn.
CRÍOCH
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannán GLAS trí ríomhphost a sheoladh chuig GLAS@agriculture.gov.ie
0761 064451 an uimhir le haghaidh líne chabhrach GLAS.