Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Treoirphlean an Rialtais maidir le hathrú a chur ar shaol na tuaithe in Éirinn
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an Rialtas inniu Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas claochlaitheach is airde aidhmeanna maidir le forbairt na tuaithe in Éirinn le blianta fada.
Tugtar san áireamh leis an mbeartas an claochlú mór ar nósanna maireachtála agus oibre i rith phaindéim COVID-19 agus na deiseanna suntasacha a chuirtear dá bharr sin roimh an bpobal i bpobail faoin tuath – idir cianobair agus athbheochan ar lár na mbailte móra, cruthú fostaíochta agus geilleagar glas a thabhairt chun cinn, nó forfheabhsú ar áiseanna faoin aer.
Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar, Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Eamon Ryan, an tAire Iompair agus an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an straitéis cúig bhliana i bPáirc an Chrócaigh.
Leagtar amach treoirphlean i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann don fhorbairt ar cheantair tuaithe na hÉireann as seo go ceann cúig bhliana.
Tá 150 gealltanas ar fud an Rialtais ag cur leis an straitéis seo trína dtabharfar faoi dheacrachtaí atá roimh an bpobal sna comharsanachtaí agus trína gcruthófar deiseanna nua do dhaoine a mhaireann faoin tuath.
Beidh an plean ina chúnamh maidir le saol na tuaithe in Éirinn a thabhairt ónar tháinig le COVID-19, forbairt fhadtéarmach a thabhairt i gcrích i gceantair faoin tuath agus réimeas pobail agus eacnamaíochta níos seasmhaí a chruthú don am atá romhainn.
Ag labhairt dó ag seoladh an pholasaí, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
"Tá Éire ag cur tús le ré nua lena mbaineann athrú nach bhfacthas riamh cheana, agus tagann deiseanna nach bhfacthas riamh cheana le hathrú dá leithéid.
"Tá bealaí nua aimsithe againn i rith na paindéime chun tabhairt faoi obair agus tá ár bpobail féin aimsithe in athuair againn.
"Cuireann an beartas atá á sheoladh inniu againn, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, creat ar fáil chun ceantair na tuaithe a fhorbairt sna cúig bliana romhainn amach.
"Tá an beartas réamhbhreathnaitheach agus uaillmhianach agus tugann aghaidh ar dhúshláin atá roimh cheantair thuaithe agus ar na deiseanna a mbeidh geilleagar agus pobail faoin tuath ábalta leas a bhaint astu araon.
"Ceantair thuaithe atá lárnach d'fholláine agus d'fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta, cultúir agus timpeallachta náisiúnta fís an Rialtais.
"Is ar chumas, ar scileanna agus ar chruthaitheacht na ndaoine i bpobail faoin tuath; ar an tábhacht a bhaineann le háiteanna fuinniúla faoin tuath ina bhfuil daoine ina gcónaí; agus ar an acmhainn atá ann jabanna d'ardchaighdeán a chruthú agus ár dtimpeallacht i gcomhar a chothú atá an fhís sin ag brath.
"Beidh ról lárnach ag ceantair thuaithe na hÉireann sa téarnamh ó thionchar COVID-19.
"Beidh na gealltanais a leagadh amach inniu chun leasa daoine aonair, teaghlach, pobal agus gnólachtaí. Feabhsófar folláine agus caighdeán saoil daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe faoin mbeartas seo.
"Cothóidh sé pobail agus geilleagar láidre agus inbhuanaithe faon tuath trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí. Agus cinnteoidh sé go mbeidh pobail tuaithe i gcroílár leagan amach agus sholáthar na bhfreagraí a shásaíonn riachtanais áitiúla."
Dúirt Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:
“Is díol suntais Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann maidir leis an gcaoi a gcuirtear chuig an bhforbairt tuaithe in Éirinn.
“Agus sinn ag teacht ón gcur isteach a bhaineann le paindéim COVID-19, tá deis faoi leith againn athshamhlú a dhéanamh ar shaol na tuaithe in Éirinn agus leas a bhaint as cumas, scil agus éirim na ndaoine i measc phobal na gceantar tuaithe.
“Le blianta fada, feictear na pátrúin idirnáisiúnta lena ngabhann daoine óga ag fágáil a bpobal féin faoin tuath chun dul ag obair agus ina gcónaí sna cathracha móra. Ní tharlóidh arís go deo deis chomh maith agus atá againn agus sinn ag teacht ó phaindéim COVID-19, athrú ó bhonn a chur ar an bpátrún ainsealach sin.
“Tá deis leis an athrú go dtí socruithe cianoibre, ar bonn treise faoi an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a thabhairt i gcrích, athrú mór a thabhairt i bhfeidhm faoin tuath in Éirinn.
“Tabharfaidh sin deis do dhaoine oibriú ina bpobail féin, cuirfear beocht i lár na mbailte móra, giorrófar turais chun na hoibre, laghdófar astaíocht ó dheiseanna iompair agus - an ní is tábhachtaí - cuirfidh sé le caighdeán an tsaoil atá ag muintir na tíre.”
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:
"Táimid ag iarraidh níos mó daoine a bheith ag obair i ngach cearn den tír, agus jabanna d'ardchaighdeán chomh maith le ionchais mhaithe maidir le gairmeacha beatha a bheith ar fáil dóibh. Is léir anois dúinn an méid is féidir a bhaint amach maidir le cianobair agus obair sholúbtha de bharr phaindéim COVID-19. Is bealach amháin don Rialtas é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann sin a bheith ina rogha buan.
"Cuideoidh Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann le hearnálacha na turasóireachta agus an fháilteachais teacht chucu féin arís i ndiaidh na pandéime, jabanna a chruthú sa Gheilleagar Glas agus san earnáil Agraibhia, agus beidh sé níos éasca gnólachtaí a shocrú suas agus a fhorbairt i gceantair thuaithe na hÉireann dá bharr.
"Ciallaíonn sé go mbeidh níos mó daoine ábalta cur fúthu ina bpobail féin nó bogadh go dtí pobail nua agus an rogha ann dóibh fostaíocht d'ardchaighdeán a fháil. Ní bheidh an oiread céanna taistil chun na hoibre agus ón obair i gceist, cothófar pobail níos bríomhara ós rud é go mbeidh níos mó ama ag daoine lena dteaghlaigh, lena gcomharsana, i gcumainn agus le heagraíochtaí áitiúla.
"Tá tábhacht mhór ag leathanbhanda chun sin a thabhairt chun fíre. Tá tús curtha leis an obair sin cheana féin. Táim bródúil a bheith páirteach sa Rialtas a thosaigh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda - an infheistíocht is mó i réimsí tuaithe na hÉireann ó tháinig an leictreachas. Agus táim chomh bródúil céanna a bheith páirteach sa Rialtas atá á chur i bhfeidhm anois."
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair:
“Is fiú ardaidhmeanna a chur romhainn maidir le saol na tuaithe in Éirinn. Mar gheall ar infheistíocht an Rialtais i mbearta maidir leis an aeráid, cruthófar deiseanna nua fostaíochta faoin tuath i réimsí éagsúla, mar shampla maidir le fuinneamh inathnuaite, aisfheistiú, feirmeoireacht inmharthana agus turasóireacht. Beidh príomhthábhacht leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda maidir lena thabhairt gur féidir gnólachtaí nua a thabhairt chun cinn i réigiúin agus i gceantair thuaithe na hÉireann chomh maith le deiseanna breise ag daoine oibriú ón mbaile. Faoin gCiste don Athrú Cóir, tá bonn á chur ag an Rialtas roimh athoiliúint agus atraenáil ar oibrithe faoin tuath agus cúnamh á thabhairt don phobal agus do ghnólachtaí áitiúla dul in oiriúint don athrú go dtí geilleagar atá éadrom ó thaobh carbóin.
"Is mian linn forbairt agus athbheochan na mbailte agus na sráidbhailte faoin tuath a chur i gceartlár an chúraim agus cinntí á ndéanamh, ionas go mbíonn siad ina n-ionaid bhríomhara inar féidir le daoine maireachtáil, oibriú agus saol sóisialta a chaitheamh, le roghanna acu siúl nó rothaíocht a dhéanamh nó córas iompair phoiblí a úsáid ag dul ó dhuine go duine agus ó áit go háit. Leanfaidh an Rialtas de chuidiú leis an ngluaisteacht seo tríd an Údarás Náisiúnta Iompair agus tá ciste €72m á chur ar fáil i rith na bliana 2021 maidir le córas ardchaighdeáin rothaíochta agus coisíochta a chur ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath in Éirinn. Trí Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann a chur i bhfeidhm, tapóidh an Rialtas an deis iontach atá ar fáil faoi láthair ar mhaithe le saol na tuaithe in Éirinn.”
Tá teacht ar Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025 anseo.
Na Bearta Príomhthábhachta
Áirítear ar na bearta príomhthábhachta a thabharfar i gcrích faoi Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann:
Cianobair
Athbheochan ar Bhailte agus ar Shráidbhailte faoin Tuath
Soirbhiú don Cheangal Digiteach agus do Chineálacha Nua Teicneolaíochta
Jabanna
Sainiúlacht Cheantair Tuaithe na hÉireann maidir le cúrsaí Turasóireachta, Cultúir agus Oidhreachta
Cónaí faoin Tuath
Moil fiontraíochta a chur ar bun ar na hoileáin mar bhonn treise faoi dheiseanna fostaíochta
Tacú le Pobail
Aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide
An leas is fearr as acmhainní agus buntáistí na tíre maidir leis an Eacnamaíocht Ghlas a thabhairt i gcrích ionas go gcuirtear bonn daingean faoi dheiseanna fostaíochta ag an bpobal i réimsí éagsúla, mar shampla, fuinneamh inathnuaite, turasóireacht inmharthana, aisfheistiú, eacnamaíocht na bitheolaíochta agus geilleagar an chiorcail.
Forléargas
Beartas nua uile-Rialtais maidir le saol na tuaithe in Éirinn i rith na mblianta 2021-2025 atá in Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Tá suntas leis maidir le cur chuige nua i ndáil leis an mbeartas forbartha pobail in Éirinn.
Cuirtear faoin mbeartas nua leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Forbairt Pobail 2017-2019 ach téitear níos faide ná sin trí thabhairt faoi chur chuige níos straitéisí, níos ardaidhmeannaí agus níos uilechuimsithí i ndáil le hinfheistíocht i gceantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint as deiseanna. Dírítear ar na deacrachtaí atá roimh cheantair tuaithe chomh maith leis na deiseanna atá ag teacht chun cinn do réimeas eacnamaíochta agus don phobal faoin tuath, le gnéithe éagsúla, mar shampla cianobair agus an t-athrú go dtí modh saoil atá neodrach ó thaobh na haeráide, san áireamh.
Tabharfar aidhmeanna an bheartais i gcrích trí 150 gealltanas a chur i bhfeidhm i ndiaidh a chéile i rith na gcúig bhliana seo amach romhainn agus sin ar fud Ranna éagsúla Rialtais agus gníomhaireachtaí. Beidh polasaithe nua á dtabhairt san áireamh i rith ré feidhme na straitéise chun dul i ngleic le riachtanais agus deiseanna nua a thagann chun cinn i gceantair thuaithe.
Cuirfear bonn treise faoi le hinfheistíocht ar fud an Rialtais uile i réimsí éagsúla, mar shampla córas leathanbhanda ardluais a thabhairt i gcrích, áiseanna cianoibre, cruthú fostaíochta, athbheochan lár na mbailte móra, forbairt pobail, feabhas ar bhóithre réigiúnacha agus ar bhóithre áitiúla, córais nua slite rothaíochta agus coisíochta, leathnú ar sheirbhísí iompair faoin tuath, cistíocht do thograí turasóireachta, cultúir agus oidhreachta agus athrú cóir cothrom go dtí modh saoil atá neodrach ó thaobh na haeráide.
Tá Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann ag teacht go caomhchóirithe le polasaithe agus straitéisí eile de chuid an Rialtais, mar shampla Tionscadal Éireann 2040, an Plean Gníomhaíochta maidir le Cúrsaí Aeráide, an Plean Náisiúnta nua maidir le Téarnamh Eacnamaíochta, an Plean Náisiúnta Leathanbhanda, an Straitéis Náisiúnta Cianoibre, agus an tionscnamh maidir le Tús Áite ag Lár an Bhaile. Leagtar béim faoi leith faoin mbeartas ar an tábhacht atá leis na tionscnaimh sin i gceantair thuaithe.
Tháinig ceapadh an bheartais faoi anáil phróiseas forleathan comhairliúcháin le cuid mhór páirtithe leasmhara faoin tuath i rith na mblianta 2019 agus 2020.
An Fhís agus na Cuspóirí
Leagtar amach i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann Aisling agus Aidhmeanna trína bhfeictear buntábhacht le saol na tuaithe in Éirinn maidir leis an téarnamh tar éis phaindéim COVID-19 agus leis an rath eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha agus timpeallachta ar an tír go fadtéarmach.
Maidir leis an bhFís, leagtar béim ar an dlúthcheangal idir réimsí tuaithe agus limistéir foirgníochta agus admhaítear:
Beidh an beartas ina spreagadh ag an bpobal i réimsí tuaithe pleananna slánchóirithe comhleanúnacha a leagan amach maidir le riachtanais fhadtéarmacha an cheantair le haird ar an éagsúlacht atá idir na ceantair thuaithe ar fad agus leis an tuiscint nach bhfuil aon seift amháin ar fáil trínar féidir freastal do na riachtanais forbartha i gceantair faoi leith.
Torthaí
Feicfear de thoradh ardleibhéil ar an mbeartas seo a thabhairt i gcrích:
Téamaí
Dírítear i Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann ar chuspóirí de réir na dtéamaí seo a leanas:
Beidh níos mó ná 150 geallúint beartais, le Roinn Rialtais nó Gníomhaireacht ainmnithe le gach ceann acu, á dtabhairt chun cinn i ndáil leis na téamaí seo i rith thráthchlár 5 bhliana an pholasaí. Fágfaidh clár oibre bliantúil gur féidir bearta nua a thabhairt san áireamh i rith ré an bheartais d'fhonn freastal do riachtanais nua a thiocfadh chun cinn maidir le pobal na tuaithe.